Má chuaigh an Titanic go tóin poill, níl deireadh caillte i dtaca leis an ionad ina cuimhne i mBéal Feirste ná i dtaobh roinnt eile de thionscnaimh díolaíochta na Sé Chontae ach an oiread. Tá 130 post úr fógartha chomh maith, poist a chuirfidh gliondar ar an 130 agus ar a dteallaigh, ar a laghad ar bith, mura gcuirfidh sé oiread gliondair ar an dream a mbeidh siad ag plé leo, an dream atá as obair.
"And so this is Christmas and what have you done?" a cheolann John Lennon. Beidh bunadh na Sé Chontae ag cur na ceiste sin ar a gcuid polaiteoirí an Nollaig seo agus an méadú sa lion dífhostaithe níos mó ná méadú ar bith eile le 30 bliain anuas. Nollaig shona?
Tá 34,100 duine ar an dól ó thuaidh, nó 4.3% den daonra in aois fostaíochta, méadú 3,100 duine ón mhí roimhe agus cailleadh na postanna i ngach earnáil den gheilleagar, ach is measa an scéal sa tionscal tógála na i dtionscal ar bith eile. Ar ndóigh, tá toradh iarmhartach (knock-on effect) ag seo i réimsí eile. Tá an siopa díolta brat urlár atá in aice le mo chuid oibre i ndiaidh druidim, mar shampla. Mura bhfuil tithe úra á dtógáil, má tá daoine ag iarraidh airgead a spáráil, ní bheidh feidhm le brait úra urláir agus tá a mhacasamhail de scenario ag titim amach fud fad na Sé Chontae. Mura bhfuil sin olc go leor, beidh an tuaisceart níos measa as ná "an chuid eile den Ríocht Aontaithe" an bhliain seo chugainn de dheasca an chúlú eacnamaíochta agus, de réir Bhanc an Tuaiscirt, thiocfadh le 50,000 duine a bheith gan obair an bhliain seo chugainn.
Tá an Tionól, ar a laghad, ar ais i mbun oibre agus iad ag comhlíonadh cuid de na cúraimí atá orthu. Mar shampla, cheadaigh an tAire Airgeadais Nigel Dodds £115 milliúin do thograí tógála an mhí seo. Bhí go leor de na tionscnaimh ar na bacáin cheana féin, ach tá driopás anois curtha fúthu agus rachaidh na tograí chun tairisceana i mí an Mhárta 2009.
Ó thaobh Bhéal Feirste de, tá ráitis dhearfacha ag teacht ó lucht gnó, polaiteoirí, chomhairlí áitiúla, lucht turasóireachta agus ó gach earnáil ar lena leas é ráitis dhearfacha a dhéanamh. “Anois an t-am le bheith ag ceannach, tá an margadh ag iompú,” a mhaíonn gníomhaithe eastáit go hardghlórach, ach ní chreideann aon duine iad! Mar shampla, táthar ag déanamh a mhór de Cheathrú an Titanic, forbairt níos mó ná £1 bhilliún in oirthear na cathrach, san áit ina mbíodh longlann Harland and Wolff. Táthar ag beartú árasán, Páirc Eolaíochta Thuaisceart Éireann, Coláiste úr Tríú Leibhéal agus Tionscadal Turasóireachta £12 mhilliún agus go leor eile ar an suíomh 185 acra. Táthar ag dúil go mbeidh 10,000 duine ina gcónaí sa Cheathrú, ach ní fios an dtarlóidh sé choíche. Táthar amhrasach go mbeidh maoiniú go leor ar fáil ón earnáil phríobháideach a chuirfidh ar chumas an Tionóil leanstan ar aghaidh leis an scéim a bhfuil a fréamhacha ag dul siar go dti 1995 - 13 bhliain ó shin - nuair a d’oscail Bill Clinton an *’Titanic Park’. *
Tá lárionad úr siopadóireachta tógtha i lár na cathrach, The Victoria Centre, teampall do Dhia na Miondíoltóireachta le linn tréimhse ina bhfuil daoine ag cailleadh a n-acmhainne cuid mhór airgid a chaitheamh. Tá imní anois ar chuid de na príomhthionónta an ndearna siad an rud ceart. Sin ráite, tá ag éirí thar barr le IKEA agus tá Harvey Norman i ndiaidh oscailt.
Mar a luaigh mé an mhí seo caite, tá an ráta malartaithe idir an punt sterling agus an euro ina chuidiú ag lucht turasóireachta (agus ag Tesco, comhlacht a ghnóthaigh brabús roimh cháin de £2,803 milliún punt anuraidh.) Tháinig corradh le 6.9 milliún duine go Béal Feirste i 2007, ag cur £6.9 milliún isteach i ngeilleagar na cathrach.
Tá óstáin ag éirí níos flúirsí ná mar a bhíodh, tá feabhas ag teacht ar an chóras iompair, ainneoin go bhfuil cuid mhór eile le déanamh agus tá níos mó aerbhealaí ag nascadh an tuaiscirt le cuid mhór den Eoraip. Tá réimse úr maoinithe ag teacht ón Eoraip fosta – Peace III, Interreg IVA Urbact II agus clár úr forbartha tuaithe. Leoga, tá nascanna úra tógtha ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste le heagraíochtaí san Eoraip, Eurocities, Quartiers en Crise agus OPENCities ina measc.
Ach má chaileann muid ár gcuid airgid uilig, ar a laghad tá Cnoic Bhéal Feirste liom. Tá pleananna corraitheacha ag an Chomhairle na cnoic a chur ar fáil do lucht spaisteoireachta ar bhealach i bhfad níos éascaí, áis iontach do mhuintir na cathrach agus lucht turasoireachta araon. Agus é saor in aisce!
Mar sin, níl scéal Bhéal Feirste go hiomlán gan dóchas. Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin. Tá suas le 130 post úr le cruthú. Beidh na fostaithe úra le bheith ag obair in oifigí fostaíochta (job centres) agus iad ag riar ar dhream daoine atá dífhostaithe!