AR NA SAOLTA SEO
Pobal i gCruachás
Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa Ciarán Mac Aonghusa

Cén tslat tomhais geilleagair is féidir a leagan amach le tuairim éigin a thabhairt dúinn féin ar an aird a rachaimid agus ar an dóigh is fearr le treabhadh ann? Tuairt gheilleagair na Fionlainne níos lú ná scór blianta ó shin a tharraing aird Chiaráin. Ghlac téarnamh geilleagair na Fionlainne ceithre bliana sular tháinig borradh fúthu arís.

Íomhá
Banc na Fionlainne, Helsinki
Íomhá
Bhí margadh na tithíochta á stiúradh ó smacht
Íomhá
An tOll. Frances Ruane, Stiúrthóir an ESRI, Dan O Brien, Eagarthóir agus Eacnamaí Aonad Feasa Geilleagair, An tAire Ó Luineacháin, An Dr. Alan Ahe
Íomhá
Beidh ar an phobal tarraingt ar na maidí rámha

Is scéal uafáis é scéal eacnamaíocht na tíre seo faoi láthair. Téann na figiúirí in olcas in aghaidh an lae. Tá an tóin ag titim as geilleagar na hÉireann chomh tapaidh is nach féidir leis na heacnamaithe na figiúirí a mheas chomh gasta is atá an scéal ag athrú. Níl aon amhras ann go bhfuil tús curtha le tréimhse fhíordheacair i saol geilleagair agus sóisialta na tíre seo. Tá daoine ag súil go bhfaighidh an rialtas réiteach na faidhbe, ach i ndáiríre, tá cumhacht an rialtais teorannta go maith agus beidh ar mhuintir na tíre, mar dhuine aonair, mar theaghlaigh, agus mar phobal, an cruatan a fhulaingt agus beidh ar chách a ndícheall a dhéanamh cuidiú lena chéile mar chomharsana agus mar náisiún.

Is cinnte go mbeidh na figiúirí seo as dáta sula gcuirtear an t-alt seo i gcló, ach is fiú breathnú orthu cionn is go dtugann siad léargas ar a dhonacht is atá an scéal: sa bhliain 2006 tháinig fás de 6.3% faoi gheilleagar na tíre. Titfidh sé i mbliana, 2009, go 4.6%. Sa bhliain 2006, ba é 4.4% an ráta dífhostaíocta. Faoi dheireadh na bliana seo, beidh suas is anuas le 10% de líon na n-oibrithe dífhostaithe (ESRI Nollaig 2008). Is é sin arís, níos loime le bheith soiléir:

Mar a bhí: 2006 fás 6.3% agus ráta dífhostaíochta 4.4%Tuartha: 2009 fás 4.6 agus ráta dífhostaíochta 10%

D’fhéadfaí go leor leor figiúirí eile a chur ar phár, ach léiríonn siad go léir an scéal céanna: ní meathlú beag séimh atá i gceist, ach cliseadh mór tobann.

Is fiú go mór breathnú ar an mheathlú a bhuail an Fhionlainn sa bhliain 1991. Thit OTI na Fionlainne 5.6% an bhliain sin agus 3.6% an bhliain dar gcionn. Phreab an ráta dífhostaíochta ó 3.2% i 1990 go dtí 11.7% i 1992. Léiríonn scéal na Fionlainne nach gcruthaítear postanna chomh luath agus a thagann fás faoin OTI tar éis an mheathlaithe. Níor tháinig titim ar ráta dífhostaíochta na tíre sin go dtí 1995, ’sé sin, ceithre bliana tar éis an bhliain is measa ó thaobh OTI de.

Meastar faoi láthair nach mbeidh an meathlú in Éirinn díreach chomh dona is a bhí an meathlú san Fhionlainn, ach beidh an-chosúlacht idir an dá chás. Is dócha go mairfidh fadhbanna geilleagair na hÉireann ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Beartas Nua

Lena cheart a thabhairt don rialtas tá siad ag díriú a n-airde ar na fadbhanna seo. Ní hionann é sin is a rá go bhfuil sé ar a gcumas leigheas a fháil orthu. Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte?

D’fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag. Tá polasaithe maithe ann agus tugann sé le fios go dtuigeann an rialtas a chrua is atá an meathlú. Tugann sé le fios freisin go bhfuil siad ag iarraidh réiteach a fháil trí thionscal a spreagadh agus trí chaiteachas ar thógraí caipitil. Tá fís fhadtéarmach acu – taighde a chothú, infheistíocht Mheiriceánach a mhealladh, ardléann a chur ar dhaoine óga agus bonneagar den scoth a thógáil. Ach ar an drochuair, is pleananna fadtéarmacha iad seo. Sa ghearrthéarma, níl aon dul as: ní mór gearradh siar ar chostais na seirbhísí poiblí. Ní mór an chomhpháirtíocht shóisialta a athmheas. Ní mór seirbhísí áirithe a chur ar ceal. Tá Éire ar cheann de na tíortha a bhfuil costaisí áirithe – an costas maireachtála go ginearálta – an-ard ar fad inti. Tá fiacha móra ar dhaoine agus bhí siad ag caitheamh níos mó airgead ná mar ba chóir dóibh. I mbeagán focal, bhí caighdeán maireachtála thar ár n-acmhainn againn mar phobal.

An Neamart

Gan aird ar an anfa idirnáisiúnta, chuaigh geilleagar na hÉireann bealach na míchothromaíochta de dheasca na bpolasaithe a bhí á gcur i bhfeidhm le linn aimsir an tíogair. Ina measc, cuireadh an iomarca béime ar an fhoirgníocht agus gearradh siar go rómhór ar cháin ioncaim. Ach don chuid is mó de, thacaíomar leis na polasaithe seo mar phobal. Nó ar a laghad, ghlacamar leo. Thoghamar an rialtas céanna trí huaire as a chéile agus a fhios maith againn cá gcuirfidís an bhéim ó thaobh polasaithe eacnamaíochta de.

Anois tógfaidh sé tréimhse fhada na botúin seo a cheartú. Is cuma céard a dhéanann an rialtas, beidh orainn an ceartú seo a fhulaingt mar phobal. Feicfimid na fadhbanna céanna is a bhaineann le gach lagan mór geilleagair. Beidh ar dhaoine maireachtáil ar an bheagán; beidh ar dhaoine dul thar lear le teacht ar ghléas beo dóibh féin; méadóidh ar an choireacht; beidh ar dhaoine a bheith ag súil le níos lú – níos lú airgead agus níos lú deiseanna.

Ar scáth a chéile a fhásaimid

Beidh an tréimhse atá romhainn ina thriail don phobal i gcoitinne. Ina leabhar ‘The Moral Consequenes of Economic Growth’, mhaígh an t-eacnamaí Benjamin Friedman go dtagann feabhas ar shaol sóisialta an phobail nuair a bhíonn an geilleagar ag fás. Bíonn níos mó deiseanna ag daoine; bíonn ag éirí go maith leo; bíonn daoine níos tuisceanaí i dtreo grúpaí mionlaigh; téann an chomhionnanas agus an chothromaíocht chun cinn. Tacaíonn daoine níos fearr lena chéile. A mhalairt atá fíor, dar leis, nuair a bhíonn an geilleagar ag cúlú. Bíonn níos lú rachmas agus níos lú sócmhainní le fáil. Bíonn an tsochaí ina chluiche nialasach: má bhuann duine amháin, cailleann duine eile. Éiríonn daoine iontach gar dóibh féin mar sin. Bíonn siad in amhras faoina chéile agus ní théann an tsochaí chun cinn.

Aithnítear cara i gcruatan

fianaise eile ann áfach, a léiríonn go gcomhoibríonn pobail áirithe lena chéile nuair a bhuaileann géarchéim mhór iad. Má bhíonn gach duine thíos agus iad go léir buailte go dona, bíonn daoine den bharúil gurb ionann an cás don iomlán acu. Tuigeann siad gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Tharla a léithéid i Sasana le linn an dara cogadh domhanda. B’as smionagar an chogaidh sin a d’fhás an NHS.

Ar ndóigh níl tubaiste den chineál sin i ndán do mhuintir na hÉireann. Tá cruachás sóisialta agus eacnamíoch romhainn, áfach. Tiocfaidh leis an rialtas cuidiú linn agus tiocfaidh leo an bád a stiúradh chun cuain is chun calaidh, ach beidh ar an phobal tarraingt ar na maidí rámha.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.