Chonaic muid mír sna meáin ar an mhéid a dúirt an Dr. Fionnbarra Ó Brolcháin, geilleagraí agus iarollamh ollscoile, ar na mallaibh. Mhaigh sé gur chóir infheistiú i ngnóthaí cultúir, macasamhail An Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste. Bhíog mé, mar is dóigh liom gur siosmaideach an dearcadh é sin i ré a mbítear ag moladh luí le teicneolaíocht in éineacht le droim láimhe a thabhairt do ‘chultúr’, amhail is a rá nár theagmhaigh cultúr agus an teicneolaíocht lena chéile sa saol riamh roimhe seo. An té a shamhlóidh ‘cultúr’ ar an dóigh chúng le teanga, le hamhránaíocht nó le ceoldrámaíocht, agus a dhealóidh an coincheap ‘cultúr’ le teicneolaíocht, le córas airgeadais nó le ríomhaireacht, is mithid dó a choincheap a athmheas.
»»»Is maith is aithin le muintir na tíre Cathy Jordan agus Dervish as na blianta ceoil agus as dlúthdhioscaí a eisiúint, gan trácht ar a n-iarracht ar son na hÉireann ag an Eoraifís i Helsinki cúpla bliain ó shin. Is cuimhin le roinnt d’éisteoirí RnaG an dóigh a raibh Cathy in ann gáire le Rónán Mac Aodha Bhuí ar a chlár go gairid i ndiaidh na hEoraifíse. Bhuail Seosamh Mac Muirí léi ar na mallaibh lena ceistiú féachaint cá bhfuil sí féin agus Dervish ar na saolta seo. Bhí sé le hinsint aici, i measc rudaí go leor eile, go mbeidh dlúthdhiosca á sheoladh aici in éineacht le Séamie O Dowd agus le Rick Epping i lár na míosa seo.
»»»Thug PJ Mac Gabhann suntas do fhógairt staidrimh chlannmhaireachta sa Fhrainc mar a bhfuil PJ lonnaithe le tamall de bhlianta. Is le mórtas a d’áirigh na húdaráis sa Fhrainc a gcuid uimhreacha mar go bhfuil borradh faoin lion beireatais agus go bhfuil moill faoin mbás ina measc. Is cosúil go mbeidh gasúir go leor ar an mbealach aníos le híoc as cúram na seanmhuintire.
»»»Má bhí lúb ar lár i bplean CCÉ, is cosúil go raibh suim trí mhilliun €uro ar tí titim isteach ina gciste fós féin. Deir an tAire Ó Cuív nach raibh próiseas maoinithe Chomhaltas Ceoltóirí Éireann chomh trédhearcach agus ba cheart dó a bheith. Aontaíonn Breandán Delap leis.
»»»Bhí deis ag Bearnaí Ó Doibhlin machnamh ar mhuintir na nOileán Filipíne, Vanuatú agus an Nua-Chaladúin san Aigéan Ciúin le linn saoire ar bord sóloinge, an Pacific Dawn, faoi Nollaig. Saol eile ar fad atá ag muintir na nOileán agus ní hé saol na sóloinge é, ach a mhalairt ghlan.
»»»Chaith Colm Mac Séalaigh súil siar is aniar trí scéal an tsnúcair. Tugann sé cur síos dúinn san alt seo ar roinnt de na daoine spéisiúla, murar Hustlers iad ar nós charachtair Paul Newman, a chaolaigh isteach is amach as seomraí dorcha na sólann snúcair i dtíortha éagsúla ó thús an chéid seo caite.
»»»Chuir Balor Béimneach na Súile Nimhe Niata agallamh ághmhar aineaglach ar fhear eas-úmaithe an AIB, Séan Mac Giolla Fáiteallach. Labhair siad ar muintir Thoraigh, ar charchair Chonaing agus ar bhunáit fomhuireán a bheith ag Cabhlach Mheiriceá ann.
»»»Is ealaíontóir é David Cerný a bhain siar mór as daoine i dtíortha éagsúla san Aontas Eorpach le dealbh a chroch sé sa Bhruiséil. Chaith Ciara Nic Gabhann tamall á mheas leis an alt seo a scríobh faoi. Ar nós Bricrenn i seanlitríocht na Gaeilge, is cosúil gur thig le Cerný daoine go leor a chur i gcoinne a chéile.
»»»Seo chugainn an ‘ríomhlitríocht’ agus chuaigh Diarmaid Mac Mathúna ina bun cheana féin. Nochtann Diarmaid a thuairim féin linn san alt thíos ar áiseanna léitheoireachta atá ar an margadh ag dhá chomhlacht cheana féin, mar atá, an Sony Reader agus an iPhone.
»»»Ar chaill tú airgead? B’fhéidir gur bheag an méid a chaill tú le hais roinnt den dream saibhir santach ar bhánaigh roinnt cleasaithe thall i SAM iad le hinfheistíocht Ponzi, gné den ‘infheistíocht’, mar dhea, a raibh Brian Ó Broin ag breathnú isteach ann le deireanas.
»»»Tuigeadh do Bhreandán de Gallaí ar na mallaibh go mb’fhéidir go bhfuil ailtireacht ar son na mórotrachta curtha i bhfeidhm i dtíortha forbartha. Cé acu, an staighre nó an t-ardaitheoir a ghlacfas tú leis an oifig a bhaint amach? An gá go mbeadh mótarbhealach go doras againn le theacht ar an ghreim ghasta?
»»»Chaith Maidhc Ó Cathail am ar an mBruach Thiar sa Phalaistín le linn do na húdaráis in Iosrael lonnaitheoirí mídhleathacha a aistharraingt amach as Gaza sa bhliain 2005. Tugann sé cuntas ar chuid dár dúradh agus ar chuid nár dúradh san am agus ó shin i leith.
»»»Caithfimid bealach a athrú nó athróidh an timpeallacht an bealach romhainn. Is leithne an margadh ná a bhfuil ar díol is á cheannach, deir Ciarán Mac Aonghusa linn. Éiríonn caoi ruda slí ruda eile, le feancadh a bhaint as an seanrá. Má tá an saol ag athrú go gasta, sinne, an duine, is máthair le cuid mhór de na hathruithe seo.
»»»Cuireann Donncha Ó hÉallaithe an cheist: an mbeidh Barack Obama in ann beart a dhéanamh do réir a bhriathair, nó an dteipfidh air, mar a theip ar John F. Kennedy roimhe?
»»»Thug Tony Birtill cuairt ar cheann de naíonraí Shasana. Níor cheart gur in Éirinn amháin go mbeadh borradh faoi naíonraí is faoi ghaelscoileanna. Tá buntáistí an ilteangachais chomh tábhachtach ag páistí i Learpholl Shasana is atá ag páistí i mBaile an Phoill in Éirinn. Cruthaíonn an gaeloideachas gaol an ghasúir, is cuma cá mbeidh sé, le teanga is le saíocht na hÉireann.
»»»Bhí Robert McMillen i láthair ag cur i láthair in Óstán na hEuropa, Béal Feirste i mí Eanáir nuair bhris callán amach sa tslua. D’fhág sé ábhar machnaimh ag cách, ar dhroim a raibh sa tuarascáil féin a d’fhoilsigh an Grúpa Comhairliúcháin an lá sin. Níor díbríodh éinne as an halla, ach is léir gur cneas thar ghoimh go leor d’íomhá shuaimhneach an tuaiscirt a bhfuilimid ina taithí le tamall anuas.
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.