AR NA SAOLTA SEO
Scaoll gan údar?
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ar cheart do na heagrais Ghaeilge a bheith buartha faoi rún Aire na Gaeltachta gearradh siar ar a líon? Is cosúil nach bhfuíl sé ar na bacáin, d’ainneoin a bhfuil ráite is cloiste againn. Fiosraíonn Breandán Delap an scéal.

Íomhá
An tAire Ó Cuív
Íomhá
lá, lá dá raibh, ag trácht ar an ngaelscolaíocht
Íomhá
Conradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, BÁC
Íomhá
Glór na nGael
Íomhá
Bord na Leabhar Gaeilge

Is go faiteach a bheas go leor de na heagrais Ghaeilge ag tabhairt aghaidh ar an bhliain úr agus iad in amhras faoina dtodhchaí de thairbhe fainic a thug Aire na Gaeltachta san Fhómhar gur cheart a líon a laghdú go suntasach. Ach tá nuacht agam dóibh. Ainneoin na cainte uilig, níl oiread is cáipéiscomhfhreagrasmeamramtuarascáil i seilbh na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.

Ar eagla go mbeadh daoine ag ceapadh gur bhris mé isteach i nDún Aimhirgín i ndorchadas na hoíche le tóirse, ba cheart dom a shoiléiriú gur chuir feidhmeannaigh an Aire Uí Chuív féin an fhíric thuasluaite in iúl dom i scríbhinn. Tugadh an t-eolas seo dom mar fhreagra ar achomharc a rinne mé in éadan cinneadh na Roinne gan mórán eolais a chur ar fáil dom ar an ábhar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tiocfaidh sé aniar aduaidh ar lucht ceannais na n-eagras Ghaeilge nach bhfuil oiread is taifead amháin sa Roinn ar an ábhar ainneoin a leithéid a bheith curtha go hard in ord na bpriarachtaí ag an Aire Ó Cuív ar ócáidí éagsúla le cúpla mí anuas in agallaimh le Nuacht TG4, RTÉ RnaG, Foinse, Lá Nua agus san iliomad meán eile. Go deimhin, bhí sé mar phríomhscéal ag The Irish Independent go fiú. Dúirt an tAire ag an am gur chun leas na tíre agus na teanga a bheadh sé dá bhfaighfí réidh le roinnt eagraíochtaí Gaeilge mar go bhfuil barraíocht airgid á chaitheamh ar riarachán seachas ar chur chun cinn na teanga féin. Mhaígh sé fosta go luíonn sé le “réasún” go mbeadh an Ghaeilge níos fearr as ach níos lú eagraíochtaí a bheith ann.

Ach níor mhór dáiríreacht an Aire faoin mholadh a cheistiú mura bhfuil oiread is comhad amháin laistigh dá Roinn féin a phléann leis an ábhar seo. An amhlaidh nach polasaí a bhí préamhaithe i ndianmhacnamh agus taighde a bhí anseo, ach eitleog eile a tharraing an tAire óna mhála agus a imeos le sruth in imeacht ama?

I dtús mí Meán Fómhair 2008, chinn mé ar iarratas foirmeáilte a dhéanamh chuig an Roinn agus mé ag lorg “Aon chomhfhreagras, meamram, tuarascáil srl., a bhaineann le gearradh siar ar eagraíochtaí Gaeilge, a líon a laghdú, iad a chónascadh le chéile nó iad a chur faoin díon céanna.” Dhíol mé seic €15 mar tháille ar m’iarratas agus shuígh mé siar ag fanacht le Nollaig luath – dol mór doiciméid a choinneodh aon iriseoir gnóthach agus fuíollach scéalta dá réir. Bhí mé ag dréim le lón mór léitheoireachta a léireodh an taighde, an díospóireacht agus an anailís uilig a tharla sular tháinig an tAire Ó Cuív ar a chinneadh. Bhí mé ag súil fosta le comhfhreagras teasaí ó cheannasaithe, leithéidí Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna, Gael Linn agus Comdháil Náisiúnta na Gaeilge agus iad ag cosaint a gcuid luachanna agus a dtábhacht don teanga. Shíl mé go mbeadh anailís costais is tairbhe ann mar aon le réamh-mheastachán faoin bhuntáiste a bhainfeadh an teanga as cuideachtaí a chónascadh nó a chomhchuimsiú agus as athstruchtúrú iomlán a dhéanamh ar na heagraíochtaí deonacha. Shílfeá go mbeadh ábhar go leor ann le hiriseoir a choinneáil gnóthach go Lá Sheoin Dic, ach ní mar a shíltear a bítear.

Ag tús mí na Samhna fuair mé scéal ar ais ón Roinn. Cuireadh sceideal na dtaifead chugam ina raibh 72 doiciméid sa chomhad. Ar an drochuair, níor scaoileadh ach cúig cheann déag de na taifid siúd chugam. Níor tugadh an 57 ceann eile dom ar chúpla cúis, ach go príomha, de bharr an tionchar a bheadh ag a leithéid ar an chaidreamh Thuaidh Theas!

Bhain an 72 doiciméid le dhá eagras státurraithe – Bord na Leabhar Gaeilge agus Colmcille. Ní raibh oiread is tagairt amháin, áfach, d’aon doiciméad a bhain le heagrais Ghaeilge eile ar nós Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna, Gael Linn nó Glór na nGael. Bheartaigh mé achomharc a dhéanamh in éadan cinneadh na Roinne cionn is gur mheas mé go raibh teorannú míréasúnta déanta acu ar m’iarratas agus gan ach cáipéisí a bhain le dhá eagras tugtha dom. Mheas mé fosta gur bocht an scéal é nár tugadh ach 15 cáipéis dom as 72 taifead, ó tharla go bhfuil an próiseas seo in ainm is a bheith trédhearcach. Dhíol mé an táille achomhairc (€75 an iarraidh seo) agus rinne feidhmeannach níos sinsirí próiseáil ar m’iarratas – Rúnaí Cúnta na Roinne. Chinn seisean naoi gcáipéis breise a thabhairt dom, rud a chiallaigh go raibh 24 as an 72 doiciméad faighte agam anois. Ní raibh ach 48 fágtha! Tugadh an míniú seo a leanas dom:

“Faoi mar a cuireadh in iúl duit cheana féin, baineann formhór mór na dtaifead sa chás le caidreamh Thuaidh-Theas i gcomhthéacs na socruithe a bhí idir lámha maidir le haistriú feidhmeanna agus foireann Bhord na Leabhar Gaeilge chuig Foras na Gaeilge agus Colmcille a chur faoi choimirce Fhoras na Gaeilge agus Bórd na Gàidhlig in Albain. Dá réir sin, is é mo thuairim, tar éis an leas phoiblí a thabhairt san áireamh, go bhfuil na taifid uile den chineál sin díolúinte faoi alt 24 (1) de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa mhéid agus go mbeadh éifeacht neamhfhábharach ar an chaidreamh Thuaidh-Theas dá scaoilfí iad.” Sin agaibh é: an próiseas síochána uilig curtha i mbaol de bharr Bhord na Leabhar Gaeilge!

Ach bhí admháil an-suntasach sa litir: “Ní miste dom a rá freisin gurb í an chiall a thógfainn féin as an iarratas a rinne tú faoi na hAchtanna an chéad lá ná go raibh taifid á lorg agat a bhainfeadh leis na heagrais dheonacha Gaeilge, agus ní le heagraíochtaí ‘Stát-urraithe ar nós Bhord na Leabhar Gaeilge. Tuigtear dom go ndearnadh cuardach iomlán ar na comhaid ábhartha sa Roinn agus nach bhfuil taifid dá leithéid ann.”

Sin é mar sin, admháil lom ón Roinn nach bhfuil aon chomhad acu faoi na heagrais Ghaeilge a chónascadh nó a scor. Cad a bhí i gceist ag an Aire mar sin nuair a thug sé an fhainic lom úd do na heagraíochtaí san Fhómhar? Ainneoin na baothchainte, níl aon taighde, meamram, anailís nó tuarascáil, ar chomhaid a Roinne féin le tacú leis an mholadh. Caithfear an cheist a chur, an cuspóir pholasaí a bhí á nochtadh ag an Aire, nó an amhlaidh go raibh sé ag tapú an deis poiblíocht a fháil dó féin le caint san aer?

Thiocfadh leis an Aire a rá gur gnó do Fhoras na Gaeilge é na heagrais dheonacha a athstruchturú, ach ar ndóigh, ’sé féin a bhí ag plé an ábhair go poiblí. Níor mhór a rá fosta nach bhfuil aon chomhfhreagras idir é agus an Foras faoin ábhar, murach gur i gcaint amháin a dhéantar plé den chineál sin le hiriseoirí fiosracha a chur ar aimhréidh.

Maidir leis na doiciméid a fuair mé, níor mhiste a admháil nach raibh aon ní spéisiúil iontu. Ach tá dhá cheist fós le freagairt. Cad tuige nach bhfuil aon doiciméad ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le líon na n-eagraíochtai Gaeilge a laghdú nó a chónascadh? Agus an darna ceist: cad atá sa 48 doicméid nár tugadh dom maidir le Colmcille agus Bord na Leabhar Gaeilge atá chomh leochailleach sin go bhféadfaí cur isteach ar an chaidreamh Thuaidh Theas? Is faoin léitheoir féin atá sé an chéad cheist a fhreagairt agus is as achomharc chuig an Coimisinéir Faisnéise a thiocfas freagra an dara cheist.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.