Moladh i dtuarascáil a foilsíodh níos luaithe i mbliana go ndéanfaí athruithe radaiceacha ar an Seanad ach, mar a thuairiscíonn Dónall Ó Maolfabhail, níl fonn dá laghad ar an Rialtas aon leasú mór a dhéanamh.
An mhí seo caite chaith mé féin agus 141,900 saoránach eile de chuid an stáit seo vóta. Ag glacadh páirte a bhíomar i dtoghchán an tSeanaid, teach uachtarach an Oireachtais. Táim cinnte, áfach, go raibh go leor de mhuintir na tíre a cheap gur iarsmaí ón toghchán deireanach ab ea an corrphóstaer a chonaic siad in airde le linn mhí Iúil. Agus córas toghchánaíochta ann a thugann dhá vóta do dhaoine áirithe agus nach dtugann vóta ar bith do dhaoine eile, an aon ionadh é gur beag spéis a chuireann formhór de mhuintir na hÉireann sa Seanad?
Níos luaithe i mbliana d’fhoilsigh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais tuarascáil oifigiúil a mhol athruithe maidir leis an Seanad. De réir foinse Rialtais, a labhair le Beo!, cuirfear roinnt mionathruithe i bhfeidhm ar an Seanad i rith na bliana, ach ní bheidh aon mhórathrú i gceist. Leis na hathruithe móra a moladh sa tuarascáil a chur i bhfeidhm, bheadh gá le reifreann a rith leis an mBunreacht a leasú agus is cosúil go bhfuil eagla ar an Taoiseach seo roimh reifreann mar seo.
Nuair a déanadh athbhreithniú ar an mbunreacht i 1967, bhíothas in ann a rá sa tuarascáil go raibh an dá theach sa Stát seo ar an dul céanna le “most modern democracies”. Ach sa lá atá inniu ann níl dhá theach ach ag an cheathrú cuid de pharlaimintí stáit. Cé go gcosnaíonn an Seanad thart ar £2.8 milliún in aghaidh na bliana, creidtear nach ndéanfaí aon airgead a shábháil trí fáil réidh leis, óir go mbeadh ar dhream éigin eile obair an tSeanaid a dhéanamh.
Déanann an Seanad obair fhiúntach ar choistí an Oireachtais go háirithe. Ach ní le hionadaithe a chur ar fáil ar choistí Oireachtais a bunaíodh an Seanad. Is é an dá argóint a chuirtear chun cinn de ghnáth ar son an dara teach ná go dtugann sé ardán agus guth do dhreamanna beaga polaitiúla nach mbeadh ionadaíocht acu sa príomhtheach agus, chomh maith leis sin, go dtugann sé seans athbhreithniú deiridh a dhéanamh ar bhillí sula ndéantar iad a achtú.
Ionadaíocht
Is le cinntiú go mbeadh ionadaíocht ag an mionlach aontachtach a bhí lonnaithe sa stát nua ag an am a bunaíodh an Seanad sa tír seo an chéad uair. Dá thoradh sin, ba dhaoine de bhunadh aontachtach agus tiarnaí talún ba líonmhaire sa chéad Seanad. Ach sa lá atá inniu inniu ba dheacair a rá go bhfuil an Seanad ag tabhairt gutha do mhionlaigh.
De réir an Ollaimh le Polaitíocht i gColáiste na Tríonóide, Michael Laver, tá comhdhéanamh Sheanad Éireann eisceachtúil. As an 60 seanadóir nuathofa, thogh thart ar 900 polaiteoir náisiúnta agus áitiúil 48 díobh. Lasmuigh mar sin den seisear seanadóirí a thogh céimithe ó choláistí Ollscoil na hÉireann agus ó Choláiste na Tríonóide, tá comdhéanamh an tSeanaid nuathofa beagnach ar aon dul le comhdhéanamh na Dála. Cé gur éagórach amach is amach an tslí nach n-aithnítear céimithe ó ollscoileanna áirithe, ar nós Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, caithfear a rá gur minic gurb iad Seanadóirí na n-ollscoileanna an t-aon ghuth neamhspleách sa Seanad. Is é an Taoiseach a dhéanann an 11 seanadóir deireanach a ainmniú. Cinntíonn an socrú seo go mbeidh móramh i gcónaí ag páirtithe an rialtais sa Seanad.
Is léir ón mBunreacht go raibh sé i gceist i gcónaí gur ag an Dáil a bheadh an chumhacht maidir le reachtaíocht agus mar sin tá teorainn le cé chomh críochnúil is is féidir leis an Seanad ceann dá aidhmeanna a chur i gcrích. Is féidir billí de gach saghas a thabhairt isteach sa Seanad, ach amháin (ar nós fhormhór na dtithe uachtaracha) ní cheadaítear billí a bhaineann le cúrsaí airgeadais. I 1986 thug Garret Fitzgerald bille maidir leis an gCartlann Náisiúnta isteach sa Seanad, seachas sa Dáil, ach ar an iomlán is go heisceachtúil a dhéantar é seo.
Maidir le billí a thugtar isteach sa Dáil, tá 21 lá ag an Seanad le moltaí a dhéanamh maidir le billí airgeadais agus 90 lá maidir le billí de shaghas eile. Glacadh le moltaí a rinne an Seanad deireanach ar reachtaíocht ar chúrsaí iompair, agus ar an mbille oideachais do dhaoine míchumasacha. Is é an Seanad freisin a stop an rialtas ó chosc a chur ar phobalmheasanna díreach roimh thoghchán.
Ach is é an fhírinne, de bharr móramh a bheith i gcónaí ag an Rialtas sa Seanad agus de bharr chóras na haoireachta, tá tionchar an tSeanaid ar reachtaíocht ag dul i laghad seachas i méid. Idir 1922 agus 1936 rinne an Seanad 37% de bhillí a leasú agus dhiúltaigh siad d’ocht gcinn. Os a choinne sin, idir 1938 agus 1995 ní dhearna an Seanad leasuithe ach ar 18% de bhillí agus níor dhiúltaigh siad ach do cheann amháin.
Cumhachtaí nár úsáideadh
Tá sé tábhachtach a aithint freisin go bhfuil cumhachtaí ag an Seanad nár úsáid sé riamh. Mar shampla, de réir Alt 27 má chreideann móramh an tSeanaid agus an tríú cuid den Dáil gur chóir tuairim an phobail a lorg ar bhille a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, tá ar a gcumas é a chur faoi bhráid an Uachtaráin. Is faoin Uachtarán atá sé ansin, má aontaíonn sé leis an Seanad, rogha dhéanamh reifreann a mholadh nó toghchán a ghlaoch. Dár ndóigh, is féidir leis an Uachtarán diúltú don Seanad.
Anuraidh d’fhoilsigh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht tuarascáil ar an Seanad. Mhol an Coiste seo, a raibh Brian Lenihan TD mar Chathaoirleach air, go ndéanfaí athruithe maidir leis an obair a dhéanann an Seanad agus athruithe maidir leis an chóras ceapacháin. Moladh sa tuarascáil seo go gceapfadh an Dáil 14 seanadóir agus go gceapfadh polaiteoirí áitiúla 14 eile. Moladh freisin go gcoimeádfaí ionadaíocht na n-ollscoileanna ach go dtabharfaí vóta do gach céimí a thiteann faoi réimeas an Údaráis Ardoideachais agus na Comhairle Náisiúnta Gradaim Oideachais.
Ach ba é an moladh ba thábhachtaí ná go ndéanfadh an pobal 48% de na seanadóirí a thoghadh ó liostaí a chuirfeadh na príomhpháirtithe agus eagraíochtaí eile chun tosaigh. Chiallódh an córas seo go bhfaigheadh aon ghrúpa ag a raibh 2% nó níos mó den vóta náisiúnta suíochán sa teach. Dá gcuirfí seo i bhfeidhm ba chóir go gciallódh sé seo go mbeadh suíochán ag páirtithe ar nós an Chomhaontais Ghlais agus Shinn Féin. B’fhéidir go mbeadh spéis uair éigin ag Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádhamh, a bheith i dTeach Laighean, áit a bhféadfadh sé súil a choimeád ar a chúigear Teachtaí Dála.
Deir foinse Rialtais gur dócha go ndéanfaidh an Rialtas cuid de na moltaí a déanadh maidir le hobair an tSeanaid a chur i bhfeidhm amach anseo, sin le rá tá seans ann go bhfeicfidh muid an Seanad ag plé cuid mhór ceisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach agus go bhfeicfidh muid níos mó billí á dtabhairt isteach sa Seanad. Ní dóigh leis, áfach, go nglacfar leis na moltaí a déanadh maidir leis an chóras ceapacháin a athrú. Le cuid mhaith de na moltaí áirithe seo a chur i bhfeidhm, bheadh gá le reifreann a rith leis an mBunreacht a athrú. Is cosúil go bhfuil eagla ar an Rialtas go bhfuil móramh daoine sa stát seo a bheadh i bhfábhar an Seanad a scoir agus, ar an ábhar sin, go gcaithfidís vóta i gcoinne na moltaí. Cé gur dócha go bhfuil fírinne éigin anseo, bhí nithe a d’fhéadfadh an rialtas seo a dhéanamh nach dteastódh reifreann dóibh agus a chabhródh leis an Seanad, ach níor bacadh leo.
Cothromaíocht
Deirtear i dtuarascáil an choiste: “Seanad Éireann should be a consultative body where people with knowledge, experience and judgment over the whole spectrum of public affairs should be available in a broadly non partisan way to help the Dáil.” Sin an fáth, mar shampla, gur moladh go mbeadh thart ar thriúr ionadaithe ó na Sé Chontae i measc an 11 daoine a d’ainmneodh an Taoiseach don Seanad agus go mbeadh cothromaíocht idir líon na bhfear agus líon na mban a roghnófaí.
I measc na gceapachán go léir a rinne an Taoiseach an mhí seo caite, ní raibh ach beirt bhan. Ba é Maurice Hayes an t-aon duine a ainmníodh ó na Sé Chontae agus an t-aon duine nach raibh ceangailte le páirtithe an Rialtais. Ba Theachtaí Dála ar theip orthu suíochán Dála a bhaint seisear eile acu. Tá sé íorónta gur bhain leath acu seo leis an Pháirtí Daonlathach, an páirtí a bhí cúpla bliain ó shin i bhfábhar an Seanad a scoir, toisc dar leo go raibh mí-úsáid á baint as.
Dá mbeadh fíorspéis ag an Taoiseach sna moltaí a rinneadh bheadh sé tar éis ainmniúchán a thabhairt do leithéid Kathryn Sinnott, a sheas don Dáil agus don Seanad le haird a tharraingt ar an easpa tacaíochta atá ar fáil do dhaoine míchumasacha, nó do Rosaleen McDonagh a sheas ar son cearta don Lucht Taistil.
De réir an Ollaimh Laver, tá sé fíor-neamhghnách go bhfágfaí faoin Taoiseach ionadaithe a cheapadh don teach uachtarach. I bhformhór na stát is é ceannasaí an stáit, sa chás seo an tUachtarán, a dhéanfadh a leithéid. Creidim freisin gur chun leas an tSeanaid a bheadh sé dá gceadódh an Taoiseach don Seanad na ceapacháin a dhéanann Airí ar na boird stáit éagsúla a scrúdú agus dá ligfeadh sé don teach feidhmiú anois agus arís mar bhinse fiosraithe.
Deirtear linn go bhfuil eagla ar an Rialtas seo go bhfuil móramh sa Stát a bheadh i bhfábhar deireadh a chur leis an Seanad agus gur sin atá á stopadh an teach uachtarach a leasú. Tá rud amháin cinnte, áfach: dá fhaid a fhágtar an Seanad mar atá, is i méid seachas i laghad a rachaidh éileamh an phobail go ndéanfaí teach uachtarach an Oireachtais a scoir.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh do Magill, i measc foilseachán eile.