TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Gaeilgeoir ilteangach na Fionlainne
Panu Petteri Höglund Panu Petteri Höglund

Tá cónaí ar Panu Petteri Höglund in iardheisceart na Fionlainne agus tá ocht dteanga ar a thoil aige, an Ghaeilge ina measc. Sa chéad chuid d’agallamh ríomhphoist a chuir Beo! air, déanann sé cur síos, i measc rudaí eile, ar a chúlra, an chaoi ar spreagadh a shuim sa Ghaeilge agus an tslí ar fhoghlaim sé an teanga.

Íomhá
An port, Cathair Turku
Íomhá
I mbun siopadóireachta i gCathair Turku
Íomhá
An Ardeaglais i gCathair Turku
  1. Cá bhfuil cónaí ort agus cén obair a dhéanann tú? Cé as tú ó dhúchas?

Tá cónaí orm i dTurku - nó Åbo as Sualainnis, is cathair dhátheangach í - in iardheisceart na Fionlainne. Tá mé ag obair mar aistritheoir Gearmáinise do chomhlacht beag aistriúcháin agus dúchasaithe - is é is brí le “dúchasú” ná bogearraí ríomhaireachta a chur in oiriúint do do thír féin. Bhain mé amach céim sa léann Gearmánach in Ollscoil Sualainnise na Fionlainne, Åbo Akademi, atá lonnaithe sa chathair seo, ach siúd is go bhfuil Sualainnis ó dhúchas ag m’athair, arb as an chósta dó, níor tharraing mise an teanga sin orm ach ar scoil.

Chaith mé blianta m’óige in Varkaus, cathair bheag atá ag brath ar thionscal an pháipéir, is é sin, ar thorthaí na foraoise, ar nós na Fionlainne go léir. I lár tíre atá an áit, rud a fháganns gur Fionlainnis amháin atá i mbéal na ndaoine ansin. Díol iontais é gur chuir mé suim i gcúrsaí dátheangachais, cé gur timpeallacht iontach aonteangach a bhí in Varkaus.

Áit dheas í Turku, siúd is go bhfuil bunadh na háite róchraiceáilte i ndiaidh an haca oighir, agus an chanúint aistíoch Fionlainnise a bíos siad ag labhairt, tógann sé roinnt mhaith ama ort a theacht isteach uirthi. Tá an chathair scoilte ina dhá chuid ag an abhainn udaí Aurajoki, agus bíonn sé iontach deas spaisteoireacht a dhéanamh cois na haibhne sa tsamhradh.

Tá mé i mbun tráchtais dochtúireachta fosta, cé go bhfuil an obair laethúil ag cur isteach ar an chaitheamh aimsire sin. Is é an scríbhneoir Gearmánach Horst Bienek atá mar ábhar taighde agam. Rugadh in aice le teorainn na Gearmáine agus na Polainne é roimh an Darna Cogadh Domhanda, agus an dá theanga á labhairt sa bhaile aige. Mar sin, is cuid an-tábhachtach é an dátheangachas ina chuid scríbhinní, go háithrid sa tsraith úrscéalta atá faoi chaibidil agam i mo thráchtas. Tá suim agam sa dátheangachas, agus líofacht agam sa Ghearmáinis agus sa Pholainnis, rud a chiallaíonns nach rachadh agam choíche ábhar níos fearr taighde a fháil ná Horst Bienek.

Is gá, b’fhéidir, béim a chur ar rud amháin: níl gaol ar bith agam le hÉirinn. Fionlannaigh amach is amach atá i mo mhuintir.

  1. Cá huair a chuir tú suim sa Ghaeilge ar dtús agus cad é a spreag suim sa teanga ionat?

Fuair mé an chéad spreagadh agus mé ag léamh altanna le Constantine FitzGibbon fán troid ar son shaoirse na hÉireann in iris a raibh síntiús ag m’athair críonna léi. Iris staire don ghnáthléitheoir a bhí ann. San am sin, cha raibh mé ach deich mbliana d’aois, a bheag nó a mhór. Ba iad tuistí mo mháthara a thóg mé, agus ós rud é go raibh mise i mo ghamhain seanbhó comh maith le mo mháthair, bhí an-eolas ag an tseanlánúin ar stair na Fionlainne - ghlac siad féin páirt inti.

Bhain siad go háithrid leis an chéad ghlúin a fuair ardoideachas fríd mheán na Fionlainnise, nach raibh ach ag teacht i mbun a méide mar theanga chultúrtha san am sin. Nuair a léigh mé fá dtaobh d’athbheochan na Gaeilge, mar sin, ba léir domh ó thús gur cúis uasal a bhí ann a mb’fhiú dúthracht do shaoil a chaitheamh léi. Nó i ndiaidh an iomláin, bhí sé an-chosúil leis an chúis a bhí á cur chun cinn ag mo mhuintir féin agus iad ina múinteoirí óga thiar sna fichidí agus sna tríochaidí.

Nuair a bhí mé cupla bliain le cois deich mbliana d’aois, i dtús na n-ochtóidí, thaispeáin Teilifís na Fionlainne clár faisnéise le Mirja Metsola, craoltóir mná atá, sílim, pósta ar Ghaeilgeoir ó Éirinn. “Kahdesti syntynyt kieli” nó “An Teanga a Saolaíodh Dhá Uair” ba teideal don scannán. Ba chuimhneach liom gach giobóg eolais a bhain mé as altanna FitzGibbon, agus fuair mé peirspictíocht bhreise ar an scéal ansin. Chuaigh cruachás na Gaeilge agus na hiarrachtaí comhaimseartha chun í a athbheochan in Éirinn go mór i bhfeidhm orm. Mhothaigh mé gur achainí a bhí i gceist agus í dírithe ormsa go pearsanta, agus an traidisiún agus an tógáil a fuair mé ó mo mhuintir.

Mhair tnúthán seo na Gaeilge ionam go ceann deich mbliana eile, gan mé mórán a dhéanamh faoi. Cheannaigh mé cupla téacsleabhar - Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail thar aon cheann eile - agus chaithinn corrshúil orthu ó am go ham, ach ní dheachaigh mé leis an Ghaeilgeoireacht dháiríre ach sna nóchaidí.

  1. Cad é an dóigh ar fhoghlaim tú an Ghaeilge? Ar fhreastail tú ar ranganna? Cé hiad na daoine a chuidigh leat agus tú i mbun fhoghlaim na teanga?

Ní raibh de chuidiú agam ar tús ach na leabhartha, na hirisí agus na caiséid. Fuair mé cupla leide i dtaobh lón léitheoireachta ó Mhícheál Briody, a bhí ina léachtóir Gaeilge i Helsinki thiar sna hochtóidí, ach bhí mé iontach mall ag teacht i dteagmháil le Gaeilgeoirí eile. Ba é an ríomhaire agus an t-idirlíon a thóg an fhad sin mé. Sin é an fáth gurb í an Ghaeilge, seachas an Béarla, an teanga is mó a shamhlaím leis na ríomhairí. Is maith le Gearóid Denvir an scéal udaí a tharraingt air féin faoin dóigh ar dúradh leis fadó “nach bhfuil aon Ghaeilge ag an ríomhaire”. Bhuel, dá gcuirfeá ceist ormsa, déarfainn gurb í an Ghaeilge atá ag an ríomhaire thar aon teanga eile.

Níor fhreastail mé ar aon rang Gaeilge roimh mo chéad turas go hÉirinn sa bhliain 1998, nuair a rinne mé cúrsa Gaeilge ar an Cheathrú Rua.

  1. Cad iad na deacrachtaí is mó a bhí agat agus tú ag foghlaim na Gaeilge?

Ba iad na claochluithe tosaigh agus an chopail na deacrachtaí is mó a bhí agam agus mé ag foghlaim na Gaeilge. Tháinig siad ainchleachta orm ar fad. Bhí rud eile ann a fuair mé an-fhurasta, áfach: an dóigh a ndeirtear “tá sé agam” sa Ghaeilge le tagairt a dhéanamh don úinéireacht, gan aon bhriathar ar leith a chiallódh “to have”. Tá an cleas céanna á úsáid i mo theanga dhúchais féin, an Fhionlainnis. Níl aon bhriathar simplí ansin ach an oiread le “to have” a aistriú. “Tá sé agam” - sin é an dóigh a dtagraíonn an Fhionlainnis don úinéireacht comh maith, nó “minulla on": “minulla” = agam, “on” = tá.

  1. Cén dóigh is fearr, dar leatsa, le teanga a fhoghlaim?

As na leabhartha is mó a d’fhoghlaim mise mo chuid teangacha, ach sílim nach í an dóigh is fearr, i ndiaidh an iomláin. Tá cuid mhór de na leabhartha Gaeilge scríofa i dteanga atá curtha as a riocht ar fad ag teanga dúchais an scríbhneora, an Béarla. Tá mé féin den tuairim nach mba chóir don fhoghlaimeoir bacadh leis an chineál sin leabhartha ach i ndiaidh dó dianstaidéar a dhéanamh ar Ghaeilge na Gaeltachta - na clasaicigh, ar nós shaothar mhuintir Ghrianna, Mháirtín Uí Chadhain, Pheig agus an dream sin uilig - agus thairis sin, caithfidh sé roinnt mhaith díolamaí béaloideasa a léamh. Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir dó a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga nó teilgean cainte a thuigeanns sé, siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a rá ná a scríobh as a stuaim féin. Nó is anseo atá teorainn a chuid Gaeilge, teorainn a chumais Ghaeilge, agus ba chóir dó iarracht a dhéanamh teorainneacha a chuid Gaeilge a shíneadh amach.

*Foilseofear an dara cuid den agallamh seo in eagrán mhí Mheán Fómhair de *Beo!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.