RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: pósadh agus bainiseacha (ar leanúint).

I ndiaidh an mhéid cainte a bhí déanta fán bhainis tháinig an lá féin aniar aduaidh orthu.

“An bhfuil a fhios agat seo, thiocfadh liom codladh liom,” arsa Ruth.

“Orú, nach sin mar a bíos,” arsa a máthair. “An lá is mó atá ort éirí, nach sin go díreach an lá is mó nach n-iarrfá ach do dhroim a chur leis an tsaol agus an chuilt a tharraingt aníos thart ort. Fan go bhfeicfidh tú, tiocfaidh tú chugat féin.”

Bhí liostaí fada déanta ag cara Ruth leis an lá a choinneáil ar rothaí. Agus leoga bhí sin uilig de dhíth. Bhí bláthanna le fáil, bhí acu le dhul chuig an ghruaigeadóir, bhí smideadh le cur orthu, agus níl a fhios cad é eile, sula mbeadh an lá amuigh.

“Níl sé cothrom,” arsa Ruth lena cara Síle. “Níl ag Mark ach léine agus culaith a tharraingt air agus sin é.”

Cothrom nó cothrom é,” arsa Síle, “sin mar atá agus féadann tú suí siar agus sult a bhaint as, nó níl a dhath eile fána choinne.”

Lean siad beirt orthu ag treabhadh fríd an liosta cibé agus de réir mar a bhí an mhaidin ag dul isteach bhí Síle ábalta stríoc a tharraingt fríd an mhéid a bhí déanta.

“Féadaim a rá,” arsa Síle, “go mbainfidh mé sult agus sásamh as an stríoc deireanach a chur ar an leathanach seo inniu.”

Ní raibh liosta ar bith ag Mark agus ag an phointe sin ní raibh ag cur bhuartha air ach cad é mar a rachfá i gceann cravat.

“Ní thiocfaidh an lá gasta go leor nuair nach gcaithfidh muid muid féin a thachtadh le cur in iúl don tsaol mhór gur seo an ‘lá mór’.”

“Ní dhéanfaidh an clamhsán maith ar bith duit nó tachtóidh Ruth í féin thú muna mbíonn sé ort,” arsa Niall.

Ní dhearn Mark ach gáire a dhéanamh.

Ag tarraingt ar a dó dhéag bhí comhluadar na bainise ag cruinniú thart ar theach an phobail. Ní raibh aon dath faoin spéir nach raibh ar na mná a bhí cruinnithe ansin. Dhéanfá cuntas ar dhathanna na bhfear ar mhéara láimhe amháin, is é sin iad uilig ach Pietr arbh as baile isteach é. Ní fhaca tú a dhath ariamh cosúil leis an rud a bhí airsean.

“An bhfeiceann tú an rud atá ar an fhear thall?” arsa Siobhán. “Is furasta a aithne gur as baile isteach é. Ní ligfeadh an eagla do dhuine ar bith eile éirí amach agus a leithéid orthu.”

Ní bhuailfidh tú amach Pietr leis an éadach pléascach. Leoga, níl cuma air go bhfuil sé ag cur amach nó isteach ar an Pietr céanna cé acu ábhar iontais againn é nó nach beith,” arsa Nuala.

“A Nuala, amharc thall udaí. An bhfeiceann tú Paula? Char dhadaidh Joan Collins,” arsa Siobhán.

Bhí culaith fhada ar Paula a bhí chomh trom sin le seoda go raibh obair aici cos amháin a chur roimh an cheann eile. Ina mhullach sin bhí gliog gleag le cluinstean agus í ag déanamh a bealaigh i measc lucht na bainise.

“Ní chaillfear cibé í. Beidh an t-ádh dearg uirthi mura ndéanann éan inteacht cónaí sa nead sin ar bharr a cinn sula mbeidh an lá amuigh,” arsa Nuala.

“A Dhia mór na glóire, an bhfeiceann tú Tadhg? Tá sé ina bhróis déanta,” arsa Siobhán.

“Ní aithneoinn go deo é. Níl a fhios agam cad é faoi Dhia a tháinig air,” arsa Nuala.

“Órú, barraíocht de shú na heorna, sin an rud a tháinig air,” a d’fhreagair Siobhán.

“Nach trua Máire. Char mhaith liom a bheith ag teannadh suas leis an meilleoga feola sin,” arsa Nuala.

“Orú, fuist,” arsa Siobhán.

Go hádhúil do Thadhg agus do go leor eile, seo isteach an bhrídeog go doras theach an phobail. Ach ar ndóighe, cha raibh an dreas deireanach cainte déanta ag an bheirt. Bhí scéal ag dul ó bhéal go béal le cúpla mí anuas nach raibh Ruth agus Mark ag tarraingt an tsnáithe agus char imigh sin ar Shiobhán.

“Ar chuala tú faoi Ruth agus an Rúiseach?” arsa Siobhán.

“Orú, caithfidh sé gur sin scéal scéil,” arsa Nuala. “Cha ndéanfadh sí a leithéid sin agus í fá cheann cúpla mí de phósadh.”

Is iomaí rud is iontaí a tharla,” arsa Siobhán. “Is cosúil gur chaith sí deireadh seachtaine iomlán leis. Agus deirtear go bhfuil litreacha ag teacht chun an tí agus stampaí saoithiúla orthu.”

“An bhfuil a fhios agat seo,” arsa Nuala, “níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail. Níl a dhath de sin.”

Ní róshásta a bhí Siobhán leis sin agus lig sí thairsti é.

“Seo, tá an t-am againn a dhul isteach go teach an phobail má tá muid fá choinne a dhath a fheicéail.”

Agus isteach leo.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.