Nuair a thuirling an milliúnaí Meiriceánach Steve Fossett (58) agus a bhalún in iardheisceart Queensland ag tús mhí Iúil glacadh leis go forleathan go raibh sé tar éis dul timpeall an domhain. Ach an ndeachaigh sé timpeall na cruinne i ndáiríre, a fhiafraíonn Dáithí Ó Colchúin?
Aon duine a chaith tamall ag féachaint ar na meáin ag tús na míosa seo caite, d’fheicfidís go raibh éacht eile aerthaistil bainte amach nuair a tuairiscíodh gur éirigh leis an Meiriceánach Steve Fossett an chéad turas aonair a dhéanamh i mbalún timpeall an domhain. D’fhág sé Northam in iarthar na hAstráile ar an 19 Meitheamh, chuaigh sé soir trasna na tíre, trasna an Aigéin Chiúin, giota beag de Mheiriceá Theas, an tAigeán Atlantach Theas agus deisceart na hAfraice Theas. Thrasnaigh sé an tAigéan Indiach le cóir gur bhain sé an Astráil amach arís.
Thrasnaigh sé an líne dhomhanfhaid chéanna le Northam ar an 3 Iúil agus é os cionn na farraige taobh ó dheas den Astráil; ach nuair a thrasnaigh sé an cósta tamall ina dhiaidh sin, bhí air fanacht san aer lá eile mar nach bhféadfadh sé tuirlingt go sábháilte i ngeall ar neart na gaoithe. Tháinig sé anuas ar an 4 Iúil in aice le Birdsville in iardheisceart Queensland tar éis dó beagnach chúig lá dhéag a chaitheamh san aer agus aistear 33,971 ciliméadar a chur dhe.
Ba é seo an séú hiarracht ag Fossett. Bhí sé i gcontúirt i 1998 nuair a bhuail gála é taobh thoirthuaidh den Astráil a d’fhág i mbaol báite sa bhfarraige é. Ghlac Guinness World Records leis gurbh é an iarracht ba dheireanaí seo an chéad turas aonair timpeall an domhain i mbalún agus bhain sé amach curiarrachtaí eile freisin - an turas ab fhaide i mbalún agus an méid ab fhaide ama.
Ach an ndeachaigh sé timpeall na cruinne i ndáiríre? Ceist simplí go leor, shílfeá. Ach níl an freagra chomh simplí céanna. Is é an freagra a thabharfainn féin ar an gceist: braitheann sé. Más éard atá i gceist gur fhág sé áit amháin, gur thaisteal sé soir nó siar gur bhain sé an líne dhomhanfhaid chéanna amach arís, níl amhras ar bith - rinne sé é sin.
Dá seolfadh duine thart ar an domhan ag an meánchiorcal, ní bheadh amhras dá laghad faoi. Ach dá seolfadh duine thart ar an domhan tuairim is 100 ciliméadar taobh ó thuaidh den Mhol Theas, tá mé cinnte nach nglacfadh mórán leis gur turas “timpeall na cruinne” a bhí ann. Cá bhfágann sé sin Steve Fossett? Bhí sé idir eatarthu. Tá Northam ag leithead 33 céim ó dheas. Chaith sé tuairim is leath an turais idir 30° agus 45° theas agus an leath eile idir 45° agus 60° theas. Dá bhfanfadh sé ag 45° go seasta, turas 28,527 ciliméadar a bheadh le déanamh aige i gcomparáid le 40,343 ciliméadar ag an meánchiorcal.
An ndéanann sé aon difríocht? B’fhéidir nach ndéanann. Ach d’fhéadfadh sé go bhfuil deis fós ann don té atá ag iarraidh turas aonair a dhéanamh idir 15° thuaidh agus 15° theas abair agus go bhféadfadh sé nó sí a mhaíomh go ndearnadar an chéad turas aonair timpeall an domhain.
Ní dóigh go gcuimhneofar ar Steve Fossett ar an gcaoi chéanna le Alcock agus Brown a rinne an chéad turas trasna an Aigéin Atlantaigh in eitleán i 1919 (cé nach gcloistear mórán faoin mbeirt sin ach amháin in Éirinn) nó le Charles Lindbergh a rinne an chéad turas aonair i 1927. Ach ní féidir a shéanadh go ndearna sé éacht ina dhiaidh sin féin.
Ach an ndeachaigh sé timpeall na cruinne? Braitheann sé.