Loiteadh cuid de thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl cúpla uair le tamall anuas agus creidtear gur dílseoirí a rinne an damáiste. Cúlra an scéil ó Tony Birtill.
Tá loitiméireacht déanta ar thaispeántas de chuid arm na Breataine i Learpholl agus tá an coimeádaí ag cur an mhilleáin ar dhílseoirí áitiúla.
“City Soldiers” an t-ainm atá ar an taispeántas sa Museum of Liverpool Life agus is cur síos é ar stair reisiminte áitiúla, The King’s Regiment, a bunaíodh i 1685.
Tá painéil eolais agus cásanna taispeána ann ag baint leis na cogaí éagsúla a raibh an reisimint páirteach iontu trí na blianta, ach is é an ceann faoi Thuaisceart Éireann a d’ionsaigh na dílseoirí.
Airm agus trealamh a d’úsáid an reisimint sa Tuaisceart atá le feiceáil sna cásanna taispeána, chomh maith le mainicín cuimsitheach de shaighdiúir (nó “Kingsman” mar thugann siad orthu féin) gléasta i dtrealamh círéibe.
Tugann an painéal eolais an cúlra seo a leanas faoin choimhlint:
In 1969 Catholics in Northern Ireland suffering discrimination started a Civil Rights movement. They were met with violence from Protestants. The police could not deal with the riots and the Government sent the Army to assist them. Welcomed at first by Catholics, the Army lost their support when required to search homes. The Provisional IRA began a war against the British Army aimed at independence for the north...
De réir an choimeádaí, Simon Jones, thosaigh an trioblóid sé mhí tar éis na hoscailte oifigiúla: “Somebody scrawled ‘This is IRA propaganda’ in big letters across the panel,” arsa seisean. Bheadh sé costasach painéal nua a fháil agus mar sin ghlan an músaem an graffiti. Ach ansin scrios na loitiméirí amach focail áirithe ar na painéil, mar shampla “Civil Rights” agus “violence from Protestants”. Dheisigh an músaem na painéil arís, ach d’fhill na loitiméirí arís agus rinne siad níos mó damáiste.
Tá fearg ar leith ar Simon Jones mar gur é féin a scríobh na focail atá ar an phainéal toisc nach raibh sé sásta leis an téacs a bhí curtha ar fáil ag scríbhneoir gairmiúil i Londain. “Bhí trácht ar Dhomhnach na Fola ann, ach ní raibh an reisimint seo i nDoire ag an am sin, bhí siad i mBéal Feirste. D’athscríobh mé an painéal agus rinne mé cur síos ar an taithí a bhí acu féin i dTuaisceart Éireann,” a dúirt sé liom. Thug sé a théacs don reisimint agus bhí siad sásta leis. Trí chomhtharlúint, bhí siad sa tuaisceart ag an am.
Tuairimí na Kingsmen
Is féidir le cuairteoirí éisteacht le cuid tuairimí na Kingsmen trí chluasáin, agus tá siad ag teacht leis an eolas atá ar na painéil. Mar shampla, tosaíonn Major Peter Oakley mar seo:
"We had to read up a lot on modern Irish history in order to try to understand what was happening when we went to Northern Ireland in 1969. We went in first to protect Catholics from Protestants..."
De réir na ndílseoirí, áfach, cur i gcéill an IRA a bhí san Fheachtas Cearta Sibhialta chun trioblóid a thógáil sna Sé Chontae, agus tháinig an foréigean uilig ón dream sin.
Feiceann Simon Jones íoróin ag baint le daoine a thugann “dílseoirí” orthu féin a bheith ag déanamh ionsaí ar thaispeántas faoi arm na Breataine ach tá sé seasmhach ina chuid tuairimí faoin téacs atá ann agus ní bheidh sé ag athrú rud ar bith.
Tá an t-ord oráisteach láidir i Learpholl - bíonn thart fá 4,000 acu ar an pharáid ar an 12 Iúil. (Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.swansealoyal.co.uk.) Bhí scoilt san eagraíocht i 1987 nuair a thosaigh cuid den bhanna ceoil oráisteach ag cur bhratach an UVF ar foluain sna paráidí. Díbríodh as an eagraíocht iad agus bhain siad ballraíocht amach san ord oráisteach neamhspleách. Go dtí le gairid, bhí siad le feiceáil ag máirseáil timpeall an cathrach in éide an UVF nó na nDúchrónach, ach i mbliana d’úsáid Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Clogherty, an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta 2000 (nó PTA) agus chuir sé in iúl dóibh go raibh cosc ar éide na n-eagraíochtaí paramíliteacha.
Rinne an cigire an rud céanna i gcás an James Larkin Republican Flute Band www.Jameslarkinrfb.com mar nach raibh sé sásta leis an dóigh a raibh siad ag caitheamh spéaclaí dorcha agus bairéad dubh ar pharáid Lá Fhéile Pádraig i Learpholl. Mar sin, tá geallúint tugtha acu nach mbeidh siad gléasta mar seo ag comóradh James Larkin sa chathair Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair.
Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.