Tá go leor aontachtaithe, Pastor Jack McKee ó Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste ina measc, atá sásta comhoibriú le poblachtánaigh ar bhonn áitiúil ach nach dteastaíonn uathu aon bhaint a bheith acu le Sinn Féin i dTionól Thuaisceart Éireann. Léiriú é seo, dar le Robert McMillen, ar an mhearbhall atá ar na haontachtaithe.
Nuair a éiríonn rudaí go holc i mo shaol pearsanta, tá faoiseamh beag amháin agam - ní mé David Trimble. Mar mhaighdeán Bollywood, tá an patrarc Tony Blair ag cur brú ar an ainnir aontachtach socrú síos in aontíos leis an diabhal poblachtánach.
“Ach is duine foréigneach é,” arsa an Trimbleach, “agus tá sé ag imirt as baile.”
“Ná bí buartha,” arsa an tUilechumhachtach. “Má bhíonn forneart ar bith ann, tabharfaidh mise amach dó.”
In ainneoin gur shínigh Trimble an conradh réamhphósta ar Aoine an Chéasta tá sé ag cuartú bealach éalaithe ó shin.
Ach tá an *hunk *poblachtánach taobh istigh den doras, agus ní chaithfidh Blair amach as an teach anois é.
Mar a bheadh páiste millte ann ar thiontaigh a thuismitheoirí ina éadán, tá mearbhall ar Trimble. Ní bheidh rialtas Coimeádach sa Bhreatain go ceann tamaill fhada eile. Tá a pháirtí fein scoilte - bhíodh sé leath ar leath ach b’fhéidir anois gur lú an tacaíocht atá ag Trimble ná an leathchuid - agus is é easpa aon duine cumasach a thabharfadh dúshlán Trimble an fáth is mó go bhfuil sé ina cheannaire ar an pháirtí go fóill. Tá an DUP mar a bheadh leon ann ag amharc ar fhia gonta.
Is léir go bhfuil an Trimbleach agus an UUP ar fad fríd a chéile. Labhair leascheannaire an pháirtí, Reg Empey fán “aincheist mhorálta” a bhí ag céasadh a pháirtí de dheasca iad a bheith ag roinnt na cumhachta le Sinn Féin.
Ag an am chéanna, tá baill den UUP ina suí ar an Choimisiún Dílseach, ar a bhfuil, dar le tráchtairí poblachtánacha, an lámh in uachtar ag an UDA/UFF, an dream a mharaigh Gerard Lawlor an mhí seo caite.
Tá an pholaitíocht aontachtach ina cíor thuathail faoi láthair, gan fhios acu cé hiad a gcairde, nó cén dóigh is féidir an infidel, dar leo, a chur ó dhoras. Ar an drochuair, is ar éigean go bhfeiceann siad a gcuid “madaí mire” féin.
An mhí seo caite, liostáil Sinn Fein 363 ionsaí ar Chaitlicigh nó ar shuímh Chaitliceacha le trí mhí anuas - ceithre cinn gach uile lá. Maraíodh an déagóir Gerard Lawlor. Ach tá an bhéim á leagan ar iompar an IRA.
Sin an fáth go bhfuil an dúrud ionsaithe ar Chaitlicigh ag titim amach - táthar ag iarraidh an IRA a ghríosú ar ais chun troda, le go mbrisfear Comhaontú Aoine an Chéasta. B’fhearr le cuid de na haontachtaithe go mbeadh coimhlint ann ná cumhacht a bheith ag poblachtánaigh nó ag náisiúnaithe féin. Táthar ag baint úsáide as an fhoréigean le foréigean a mhealladh ó phoblachtánaigh. Níor mhaith leo poblachtanaigh a bheith sa rialtas mar go gcreideann poblachtánaigh san fhoréigean. Loighciúil?
Pilleadh ar an Riail Dhíreach
Agus cén aisling atá ag na haontachtaithe den todhchaí? Labhair mé le Pastor Jack McKee, ministir Elim Pentecostal ó Bhóthar na Seanchille, fear a d’iompair crois 6 troithe ar airde thart ar cheantracha Caitliceacha agus Protastúnacha Bhéal Feirste. Bhí sé ina bhall den UDR ar feadh cúig bliana, agus bhagair an UVF agus an IRA bás air le linn na dTrioblóidí.
“Rogha amháin atá ann ná pilleadh ar an Riail Dhíreach,” a deir sé. “Níl sé foirfe ach ar a laghad faoin riail dhíreach, mhothaigh mé slán sábháilte. B’fhearr liom a bheith faoi stiúir Sasanaigh nach dtuigeann muid ná faoi stiúir daoine a bhí páirteach in eachtraí sceimhlitheoireachta.”
Deir sé gur mó an seans anois go rachaidh Protastúnaigh óga isteach sna paramílitigh dhílseacha ná mar a bhí roimh thús phróiseas na síochána.
Ach ag an am chéanna, tugann Pastor McKee agus daoine eile óganaigh ón tSeanchill go dtí Ard Eoin nó go Bóthar na bhFál, le go dtig leo aithne a chur ar a macasamhail féin “ón taobh eile”.
“Ní thugann muidinne aitheantas do dhream ar bith paramíliteach,” a deir sé, “ach caitheann muid a aithint, má tá muid le bheith ag obair le grúpaí ónár bpobal féin agus le grúpaí ón phobal poblachtánach, go gcaithfidh muid a bheith sásta obair a dhéanamh le daoine a mbíodh baint acu leis an pharamíliteachas.”
Agus sin agat mearbhall eile. Tá daoine sásta a bheith ag comhoibriú le paramílitigh ar an léibhéal áitiúil ach cuirfidh siad deireadh leis an rialtas reigiúnda mar go bhfuil daoine a bhfuil baint acu le paramíliteachas, dar leo, ina n-airí sa rialtas sin.
Cén t-aire Sasanach a thuigfeadh fadhbanna seanbhunaithe Bhóthar na Seanchille? Cé a thuigfeadh an meascán saoithiúil sin de laochra áitiúla agus coirpigh?
“Tá muid ag bogadh ar shiul ó fhadhb amháin go dtí ceann eile, ach is iad na ‘himreoirí’ céanna ata páirteach,” arsa Jack McKee.
Is é sin le rá gurb iad na paramílitigh dhílseacha a bhí ag saothrú dóibh féin le linn na coimhlinte na daoine céanna atá ag cruinniú maoine ó dhrugaí agus ó chineálacha eile coireachta anois.
“They may be hoods, but they’re our hoods” an fhealsúnacht atá ann. B’fhéidir go raibh an ceart ag David Trimble sular imigh sé ar a chuid laetha saoire. Lúnasa fuilteach a bheas ann.
Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*