TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
An Coiste Téarmaíochta
Fidelma Ní Ghallchobhair Fidelma Ní Ghallchobhair

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Fidelma Ní Ghallchobhair, An Coiste Téarmaíochta (Baile Átha Cliath).

  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Tá mé ag feidhmiú mar Rúnaí ar an gCoiste Téarmaíochta (an CT) agus mar eagarthóir ar an téarmaíocht. Le dhá bhliain déag atá mé ag obair sa réimse seo.

  1. Cathain a bunaíodh an CT agus cé a bhunaigh é?

An tAire Oideachais a bhunaigh an CT i 1968, cé go raibh coistí ag feidhmiú ar bhonn ad hoc taobh istigh den Roinn Oideachais ó 1927 anonn.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh é chun téarmaíocht údarásach chaighdeánach Ghaeilge a chur ar fáil d’earnáil an oideachais.

  1. Cén obair a dhéanann an CT anois?

Pléann an Coiste prionsabail téarmaíochta agus pointí litrithe agus gramadaí a thagann chun cinn le linn cheapadh na téarmaíochta. Pléann sé freisin le fiosruithe téarmaíochta a thagann chugainn ón earnáil oideachais agus ón bpobal i gcoitinne. Bunaíonn sé fochoistí chun déileáil le liostaí téarmaíochta i sainréimsí eolais. Féachann foireann na hoifige le heagar a chur ar an téarmaíocht i bhfoirm liostaí nó sainfhoclóirí. Faoi láthair táimid ag díriú ar an oiread agus is féidir linn den téarmaíocht a chur ar fáil i bhfoirm leictreonach.

  1. Cén buiséad bliantúil atá ag an CT faoi láthair. An leor é?

Níl aon bhuiséad faoi leith ag an gCoiste agus is beag ar fad na costais a roinneann leis. Is go deonach a fheidhmíonn baill an Choiste agus na bhFochoistí. Dhéanadh an Roinn Oideachais cúram de chostais reatha (trealamh, costais taistil, tuarastal na foirne, etc.) go dtí gur aistríodh cúram an Choiste go dtí Foras na Gaeilge i 1999. Táimid ag fáil tacaíocht an-mhaith ón bhForas ó shin.

  1. Cén tábhacht, dar leatsa, a bhaineann leis an CT?

Bunaíodh an Coiste chun téarmaíocht údarásach chaighdeánach a chur ar fáil agus tá tábhacht nach beag leis an dá ghné sin. B’fhearr i gcoitinne go mbeadh téarma amháin agus litriú amháin aige in úsáid go forleathan seachas leaganacha éagsúla mearbhlacha, go háirithe i gcás ainmneacha eolaíochta nó teicniúla. Ní fhágann sin nach n-aithníonn an Coiste leaganacha malartacha, go háirithe más léir go bhfuil glactha ag an bpobal leo.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Tá go leor curtha i gcrích maidir leis na bunaidhmeanna sa mhéid is gur leagadh síos slata tomhais maidir le ceapadh na téarmaíochta, gur ceapadh prionsabail traslitrithe don téarmaíocht theicniúil agus gur faomhadh corpas fairsing tearmaíochta de réir na bprionsabal sin, gur foilsíodh fiche éigin foclóirí saintéarmaíochta agus go bhfuil roinnt eile socraithe ach gan a bheith in eagar go fóill. Ní fhágann sin, áfach, nach bhfuil go leor le déanamh.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an eagraíocht?

Is í an phríomhlaige ná an easpa acmhainní daonna sa dá ghné den obair:

ceapadh na téarmaíochta: tagann na coistí le chéile lá amháin sa mhí ach bíonn i gcónaí i bhfad níos mó le déanamh ná mar is féidir a chríochnú taobh istigh den achar sin. B’fhearr go mbeadh breis téarmeolaithe oilte ag obair don eagraíocht ar bhonn lánaimseartha. eagarthóireacht: obair an?mhion is ea obair eagarthóireachta, go háirithe ar fhoclóirí; teastaíonn foighid agus súile géara chomh maith le cumas teanga; glacann an obair seo am agus níl dóthain foirne againn le coinneáil suas leis an obair reatha gan trácht ar thionscadail nua a fhorbairt nó ar atheagráin a ullmhú de na foclóirí foilsithe a bhfuil cuid mhaith acu as dáta agus/nó as cló.

Na príomhláidreachtaí atá againn ná saineolas agus dea-mhéin: dea?mhéin agus féile ó bhaill an Choiste maidir lena saineolas; dea?mhéin ó shaineolaithe san iliomad réimsí maidir le comhairle faoi bhrí agus chomhthéacs téarmaí; ionadaíocht ó eagrais tríú leibhéal agus gaolmhara thuaidh agus theas; dea?mhéin ó dhaoine sa Ghaeltacht maidir le comhairle faoi ghnáthúsáid na teanga; deamhéin ó Fhoras na Gaeilge agus comhthuiscint ar thábhacht na hoibre.

  1. Cad iad na tionscadail atá idir lámha agaibh faoi láthair?

Obair eagarthóireachta:

Dlúthdhiosca d’fhoclóirí eolaíochta i gcomhar le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - naoi bhfoclóir a bheidh air agus beidh sé ar fáil níos deireanaí sa bhliain.

Oll-liosta de théarmaí ilghnéitheacha atá beagnach réidh le heisiúint ar an suíomh gréasáin, www.acmhainn.ie.

Ríomhaireacht, Seoltóireacht

Faomhadh téarmaí:

Fiosruithe ilghnéitheacha ón bpobal.

Tá ábhair foclóra á dtiomsú sna réimsí seo agus obair fós le déanamh ag na fochoistí sna réimsí cuí:

Critic is Litríocht, Seandálaíocht, Oideachas, Eacnamaíocht Bhaile, Spórt

Foclóir an Gharda Síochána: Ó am go chéile, déanann an Coiste comhoibriú le heagraíochtaí lasmuigh a bhíonn ag féachaint le sainfhoclóirí a chur le chéile. Le tamall anuas táimid ag comhoibriú leis an nGarda Síochána a bhfuil foclóir de théarmaí póilíneachta á ullmhú acu.

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag an CT faoi cheann cúig bliana.

An stór téarmaíochta ar fad a bheith ar fáil go leictreonach ar dhlúthdhioscaí agus/nó ar an idirlíon. Struchtúr níos éifeachtaí a bheith bunaithe agus foireann bhreise a bheith earcaithe agus oilte chun an riaráiste oibre a ghlanadh agus chun tionscadail nua a phleanáil agus a chur sa siúl. Lámhleabhar faoi obair na téarmaíochta a bheith curtha ar fáil

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Go mbeadh dearcadh comhaontaithe bródúil ag pobal na Gaeilge agus na hÉireann faoi chothú agus cur chun cinn na teanga. Is í an t-aon teanga amháin í a labhraítear i nGaoth Dobhair agus i Rinn ó gCuanach agus i gCluain Dolcáin, bíodh is go bhfuil difríochtaí réigiúnda ann ó thaobh foghraíochta is gramadaí, faoi mar atá i gceist leis an mBéarla. Cé gur dóigh liom gur chóir i gcónaí aird agus tuiscint a chothú ar shaibhreas nádúrtha na teanga sa Ghaeltacht agus sna foinsí liteartha, sílim gur shaibhrede an teanga muid go léir a bheith níos oscailte d’fhocail ó chanúintí eile seachas “ár gceann féin” agus d’fhocail nuacheaptha de rogha ar fhocail Bhéarla. Go mbeadh an ghlúin óg muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol. Chuige sin ba chuidiú é gnéithe áirithe den chóras gramadaí a bheith tugtha chun simplíochta.

Go mbeidh daoine chomh tógtha faoi thodhchaí na Gaeilge is atá faoi achrann idir imreoirí peile ar oileán beag sa chianoirthear!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.