D’fhág Liz Curtis Béal Feirste ina diaidh i lár mhí Iúil agus d’imigh sí ar thóir faoisimh ó theannas na cathrach sin.
Tá mé ar mo sháimhín só sa Bhuireann i gContae an Chláir anois, ag siúl cois farraige nó go dtí an tobar naofa galánta atá ar thaobh an chnoic, agus mo fholcadh féin le glóthach fholcaidh giúise agus maróis a fuair mé sa Burren Perfumery.
Is amhlaidh, mar sin, gur éalaigh mé as Tuaisceart Bhéal Feirste arís. Ní raibh an dara rogha agam, ar bhealach. Tá an seicteachas agus an teannas chomh géar sin go mothaím go bhfuil greamairí ag brú isteach ar mo chloigeann.
An rud a deir mo chara Áine i gcónaí ná, “Ná bí ag smaoineamh air, nó fágfar i dteach na ngealt tú.” Ach tá sise cleachtaithe leis an éalú intinne sin, agus níl mise. Agus níor mhaith liom a bheith beo i ndomhan a bheadh go hiomlán samhlaíoch, ag tabhairt neamhairde ar na rudaí atá thart orm.
Rud eile a bhí ag cur isteach orm ná gur iarr cara de mo chuid orm cúpla alt a scríobh d’iris dá chuid darb ainm The Troubles. Is croineolaíocht ó na seascaidí ar aghaidh é, a thagann amach cúpla uair sa bhliain. D’iarr sé orm scríobh faoi bhunú na Sealadach agus ansin faoin imtheorannú i 1971.
Dá bhrí sin, bhí orm amharc ar mhionsonraí na staire i rith tréimhse nach raibh móran eolais agam fúithi roimhe sin. Fuair mé amach rudaí a chuir míshuaimhneas orm, cuir i gcás an pháirt a ghlac polaiteoirí coimeádacha sa deisceart i mbunú an IRA Shealadaigh, agus an dóigh a thosaigh na Sealadaigh ar fheachtas buamála ag tús 1970, feachtas a raibh tionchar an-mhór aige ar achan rud a tharla ina dhiaidh sin.
Phléigh mé na rudaí sin fríd an ríomhphost le cúpla cara a bhfuil intinn bheo acu - i gcomparáid leis an líon mór daoine atá níos compordaí ag fáil a gcuid smaointe ó dhaoine eile. Seo an bharúil ar tháinig muid uirthi: nuair a bunaíodh na Sealadaigh, an rud a bhí i gceist acu ná an teoiric agus an dearcadh a bhain le 1920, chan 1970. Níor chuir siad san áireamh an pobal aontachtach mar phobal a raibh saol acu féin, agus nach n-imeodh mar a shlogfadh an talamh iad nuair a d’imeodh na Sasanaigh.
Is cosúil gur sin an dearcadh atá ag ceannaireacht Shinn Féin anois, ach níl siad iomlán oscailte faoi, agus iad ag cloí go poiblí leis an tseanteachtaireacht. Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó fulaingthe neamhriachtanaí ann.
Bhuel, nuair a thosaigh mé ag scríobh an cholúin seo, ní raibh sé ar intinn agam an méid seo a rá. Ach tá sé ráite anois, agus seans nach fiú broim dreoilín é. Ní shílim go bhfuil mo leithéidí féin ábalta dul i bhfeidhm ar dhóigh úsáideach ar chúrsaí sa Tuaisceart na laethanta seo, dá bhrí sin chinn mé ar níos mó ama a chaitheamh taobh amuigh den réigiún.
Cineáltas
An rud a rinne mé ná go bhfuair mé gluaisteán, agus caithfidh mé a rá go raibh mo chomharsana iontach cineálta nuair a chonaic siad é. Shílfeá gur tháinig leanbh nua ar an tsaol. Thug bean amháin, atá an-chráifeach, bonn naofa domh le cur sa charr. Ach mhol daoine domh gan é a fhágáil ansin: “Má fhaigheann dílseoirí thú, beidh tú marbh,” a dúirt siad. Mar sin, tá sé i mo sparán anois.
Thug mo chara Áine dhá bhréagán bhoga domh: Biggles, a bhfuil clogad eitilte air, agus Sylvester, a chaitheann pitseámaí dearga agus bána. Tá an bheirt acu ar an suíochán cúil, agus crios sábhála thart orthu.
Bhuail mé an bóthar ar an 10 Iúil, agus an plean a bhí agam ná sraith alt taistil a scríobh don Irish Post, nuachtán an phobail Éireannaigh thall sa Bhreatain. Chuaigh mé ar dtús go deisceart Chontae Fhear Manach le Mullach na Seangán a fheiceáil. Is teach mór é a thóg teaghlach darb ainm Cole san 18ú haois, é suite in áit álainn in aice le Binn Chuilceach.
Plandóirí as Devon i Sasana ab iad na Coles, a raibh an-chumhacht acu in Inis Ceithleann, agus bronnadh an teideal Iarla Inis Ceithleann ar dhuine acu. Bhí an-bhaint ag an teaghlach sin leis an Ord Oráisteach - rud a chuir aiféaltas ar an bhean dheas a bhí mar threoraí againn, mar nár mhian léi stuaic a chur ar chuairteoir ar bith.
Go híorónta, mar gheall ar an 12 Iúil agus ceiliúradh bhua an Rí Liam ag Cath na Bóinne, bhí Mullach na Seangán tréigthe. Ní dheachaigh ach grúpa an-bheag againn thart ar an teach: díreach mise agus lánúin as Sasana.
Shiúil mé thart timpeall ar na gairdíní galánta, ansin chuaigh mé trasna na teorann - atá dofheicthe anois - go Contae Liatroma. Stop mé thar oíche in lóistín leaba agus bricfeasta an-deas cairdiúil darb ainm The Old Rectory i bhFíonach. Bhí loch taobh amuigh agus cúpla seaneaglais in aice leis.
An chéad lá eile, d’imigh mé liom agus chuaigh mé go dtí áit an-speisialta, iargúlta: An Cheathrú Chaol sna Bricshléibhte. Tugtar reilig mheigiliteach air, ach níl sé sin cruinn mar chur síos. Mar shampla, ní thabharfaí “reilig” ar ardeaglais toisc go bhfuil uaigheanna inti.
Téann an bóthar suas isteach i sléibhte mórthaibhseacha, ansin tá líne sléibhte le feiceáil agus carn ollmhór déanta as clocha bána ar bharr achan cheann acu. Ar shliabh amháin, a amharcann amach trasna Loch Arbhach, tá roinnt carn mar sin, agus bealaí isteach oscailte acu, agus is féidir an dorchla a fheiceáil, agus é líneáilte go cúramach le clocha móra. Tá pasáiste amháin acu socraithe sa tslí go dtéann an ghrian isteach ar an lá is faide sa bhliain.
Bhí mise i m’aonar sa tseanáit phágánach sin, a thóg daoine na mílte bliain ó shin, a chuireann fadhbanna s’againne i gcomhthéacs de chineál éigin. Thosaigh fearthainn bhog ag titim agus mhothaigh mé baiste, beannaithe.
Is saoririseoir agus craoltóir í Liz Curtis. Is as Sasana ó dhúchas í.