74
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Ba é an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin an t-aoichainteoir a d’oscail Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite in Aonach Urmhumhan. Bhí Seosamh Mac Muirí i measc an tslua agus bhuail sé leis coicís ó shin lena cheistiú faoi shaol Éire na linne seo agus faoi roinnt de na tuairimí spéisiúla a nocht sé sa leabhar is deireanaí óna láimh ‘Capitalising on Culture, Competing on Difference’ (Bradley, F. & Kennelly, James J., 2009).
»»»Tá níos mó fíona á tháirgeadh ar fud an domhain na laethanta seo ná mar atá á ól, rud atá ag cothú go leor fadhbanna do thionscal an fhíona san Astráil agus i dtíortha eile. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Chuaigh Colm Mac Séalaigh i dteagmháil le dream iontach aislingeach san ardchathair, dream gníomhach a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge, Na Gaeil Óga.
»»»Tá an nua-theicneolaíocht ag cabhrú leis na comhlachtaí geallghlacadóireachta a mbrabús a mhéadú go mór agus tá comhlachtaí áirithe teilifíse ag teacht i dtír ar an teicneolaíocht chomh maith chun ioncam a shaothrú. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Bhí Balor na Fadfhulaingthe faoi bhrú treoir na Bliana Úire a sholáthar do lucht léite na liarlóige seo, Beo ar Éigean agus é ag iarraidh fanacht glan ar na cantaláin a chuireann a gcuid ama amú á léamh. Is é a gháir chatha feasta: Éalaímis as an Duibheagán!
»»»Thit roinnt ceisteanna le hintinn Tony Birtill nuair a d’oscail Ambasadóir na hÉireann, Daniel Mulhall, leabharlann i gcuimhne ar Bhreandán Mac Lua in Ollscoil Learphoill an mhí seo chuaigh thart.
»»»Mheabhraigh cláir stair ear TG4 le déanaí do John-Paul Mc Carthy an cuntas a scríobh Conor Cruise O Brien ar chastacht scéal an Chongó sna 1960aidí.
»»»Idir chontúirt an chogaidh eithnigh agus chonarthaí d’airm ollscriosúla, tá riar a dhóthain á chíoradh ag Maidhc Ó Cathail san alt seo ar bhagairt na Cóiré Thuaidh (22,665,345 duine, 2009) ar Iarthar Domhain.
»»»Tiocfaidh athrú suntasach ar mhaoiniú na n-eagras Ghaeilge deonacha de réir struchtúr nua atá fógraithe ag Foras na Gaeilge don earnáil sin. Cuirfear deireadh ar fad lena mbunmhaoiniú ach beidh siad ábalta iarratais a dhéanamh ar thionscadail éagsúla. Déanann Breandán Delap cur síos ar a bhfuil ann.
»»»Bhí fearg ar mhuintir na háite i mBolton le déanaí nuair a fuair siad amach go raibh teaghlach Johnny “Mad Dog” Adair ag cur fúthu sa cheantar i ngan a fhios dóibh. Agus ní hiad muintir Bolton an t-aon dream in iarthuaisceart Shasana atá míshásta leis na dílseoirí, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Tá an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath ag síorfhás ag déanamh an-dochair do na cluichí Gaelacha sa chathair agus sa cheantar máguaird, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Léaró lucht na Fraincise i ndomhan an Bhéarla? Thug comhdháil in Ottawa an mhí seo caite an-ábhar misnigh do Bhrian Ó Broin i dtaca le gluaiseacht phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.