TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Toraigh
Anne Marie Nic Ruaidhrí Anne Marie Nic Ruaidhrí

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Anne Marie Nic Ruaidhrí ar Thoraigh, an t-oileán atá suite amach ó chósta an iarthuaiscirt.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

An rud is minicí a deir daoine liom nuair a fhaigheann siad amach gur as Toraigh mé ná, “Ó, ní raibh mé i dToraigh riamh; ba mhaith liom a ghabháil ann am inteacht.”

Do dhaoine nach bhfuil eolas ar bith acu ar an oileán galánta sin, déanfaidh mé iarracht san alt seo cur síos beag a dhéanamh air. Ansin, nuair a thiocfas lá fada te sa tsamhradh agus sibh ag déanamh ar Thoraigh le laetha saoire a chaitheamh ann, beidh rud beag réamheolais agaibh faoin oileán agus faoi na daoine breátha atá ina gcónaí ansin.

Is ar an chósta thiar thuaidh de Chontae Dhún na nGall, thart ar 10 míle farraige amach ó chéidh Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Chloich Cheann Fhaola, atá Toraigh suite. Nuair a bhíonn lá maith ann, bíonn an t-oileán le feiceáil ina luí amuigh ag bun na spéire mar a bheadh fathach mór sínte siar ina chodladh; laetha eile ní bheadh a fhios agat go bhfuil sé ann mar go mbíonn sé clúdaithe i gceo agus an fharraige mhór ag briseadh ar na clocha fá chladaí an oileáin - ní gan ábhar a thugtar “Tonnaí Thoraí” ar an damhsa!

Tá an t-oileán é féin trí mhíle ar fhad agus míle go leith ar leithead agus tá daonra 180 duine aige.

Tá athruithe móra feicthe ag pobal an oileáin le fiche bliain anuas. Ag tús na 1980í bhí an t-oileán beagnach bánaithe de bharr easpa seirbhísí agus de bharr neamhshuim an rialtais, agus bhog leath de mhuintir an oileáin amach le cónaí a dhéanamh ar an Fhál Carrach ar an tír mór. Buíochas le Dia, tháinig biseach ar chúrsaí ó shin agus anois tá méadú de 50% sa daonra de bharr cuid de mhuintir an oileáin a bheith ag pilleadh ar ais ar a ndúchas.

Tá buíochas tuillte ag an Athair Diarmuid Ó Péicín, Íosánach, a chuidigh le haird an phobail agus an rialtais a dhíriú ar an eagóir a bhí á déanamh ar Thoraigh agus na seirbhisí cuí a bhaint amach do phobal an oileáin. Ach, ar ndóigh, is obair leanúnach í seo.

Is ar an cheann thiar atá Teach an tSolais, atá uathoibríoch anois ó bhí tús na 1990í ann. Is teach solais traidisiúnta é a tógadh sna 1800í agus is iomaí long agus bád a shábháil sé ó a bheith briste ar na carraigeacha ó bunaíodh é.

Dhá phríomhbhaile

Cé go bhfuil, dalta achan áit eile, a ainm féin ar achan bhealach beag agus mór, cloch agus carraig ar an oileán, dhá phríomhbhaile atá ann - an Baile Thiar agus an Baile Thoir. Is ar an Bhaile Thiar atá cónaí ar an chuid is mó den phobal agus is ann fosta atá an siopa, teach an phobail, oifig an phoist, an bhunscoil agus an mheánscoil, an t-óstán, an Gailearaí, an caife, an clubtheach, an brú óige, lóistín leaba agus bricfeasta, an t-ionad sláinte agus oifig an Chomharchumainn.

Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad bunadh an oileáin. Daoine iad atá lán de cheol, damhsa, seanchas agus craic. Daoine a bhfuil taithí mhaith acu ar a bheith ag troid leis an fharraige, a thugann aire dá chéile agus a chuireann fáilte agus fiche roimh chuairteoirí chun an oileáin.

Is ar an Bhaile Thiar fosta atá an chéidh úr a tógadh le gairid ar chostas de bhreis agus €12 milliún. Is fada na hiascairí, muintir an oileáin agus lucht bád ag cuartú céidh mar seo agus foscadh dá gcuid bád; tá sí ann anois agus tá deiseanna móra fostaíochta agus turasóireachta farraige cruthaithe dá barr.

Sa tsamhradh, ó mhí an Mheithimh ar aghaidh, bíonn seirbhís laethúil báid as Machaire Rabhartaigh. Is turas deas é seo a ghlacann thart ar 50 bomaite. Is as an Bhun Bheag a fhágann an bád an chuid eile den bhliain, turas a ghlacann 90 bomaite.

Is é an comhlacht farantóireachta Turasmara atá i mbun na seirbhíse báid agus tá oifig acu ar an Bhun Bheag (075-32210) agus i Machaire Rabhartaigh (074-35501).

Tá Toraigh ar cheann de cheithre oileán amach ó chósta Dhún na nGall ar a mbíonn daoine ina gcónaí i rith na bliana - is iad na hoileáin eile ná Árainn Mhór, Inis Fraoch agus Oileán Ruaidh. Is baill iad uilig de Chomhdháil Oileáin na hÉireann atá lonnaithe ar Inis Oírr na Gaillimhe. Scátheagraíocht atá sa Chomhdháil a oibríonn mar urlabhraí ar son lucht na n-oileán uilig ar chóstaí na tíre seo.

Níos deise de bhaile, tá Comharchumann Forbartha ar an oileán le thart fá 30 bliain anois agus bainisteoir gairmiúil fostaithe le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha a bhrú chun cinn.

I mbliana, agus muid ag comóradh 50 bliain ó tréigeadh an Blascaod Mór amach ó chósta Chiarraí, ní mór do mhuintir na Éireann agus don rialtas cuimhneamh ar na hoileáin mar Thoraigh ar a bhfuil pobail bheo bhríomhara ina gcónaí go fóill, ag stracadh leis an aimsir agus le cruatan, agus gan dearmad a dhéanamh orthu nuair a bheas na pleananna móra á ndéanamh agus an t-airgead á rann. Mar is anseo atá aire á tabhairt do shaibhreas teanga, cultúrtha agus oidhreachta ár sinsear agus nár mhór an éagóir é neamhaird a thabhairt air sin.

Is as Toraigh í Anne Marie Nic Ruaidhrí ach tá sí ina cónaí i nGort an Choirce anois, áit a bhfuil sí ag obair leis an eagraíocht Dáil Uladh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.