Bhí Balor na Fadfhulaingthe faoi bhrú treoir na Bliana Úire a sholáthar do lucht léite na liarlóige seo, Beo ar Éigean agus é ag iarraidh fanacht glan ar na cantaláin a chuireann a gcuid ama amú á léamh. Is é a gháir chatha feasta: Éalaímis as an Duibheagán!
Tá muid idir dhá Nollaig, a chairde: idir Nollaig na Leanaí agus Nollaig na mBan. Tá an oíche ag dul i ngiorra arís agus an lá ag dul chun síneadh lena choiscéim coiligh, blah, blah, blah! Tá císte na Nollag agus maróg na Nollag agus gé na Nollag anois ite agus díleáite; leann dubh agus Dutch Gold agus fíon saor Lidl agus Aldi na Nollag anois diúgtha; codladh sámh na Nollag os comhair an teilifíseáin anois déanta; agus an folcadh bliantúil anois faighte.
Tá an gáire bréige déanta faoi na tomhais amaideacha ar na giotaí beaga páipéir sin a bhíonn taobh istigh de na pléascóga Nollag. Tá na coinnle lasta sna fuinneoga sa bhaile ag bunadh an tí. Tá na coinnle lasta sna séipéil fosta ag lucht minic a thig agus, go háirithe, ag lucht minic nach dtig. Tá na puntaí meáchain curtha suas ag Balor agus na puntaí airgid curtha síos aige ag rásaí na gcapall agus rásaí na gcon. Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo thús na bliana ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire.
Bíonn Balor bocht faoi bhrú millteanach ón Eagarthóir Mac Slua Muirí, cionn is go síleann sé nach mbíonn súil nimhe Bhaloir sách nimhiúil in amanna. Cúpla lá ó shin chuir an t-eagarthóir scairt ar Bhalor faoin alt seo a bhí le scríobh aige do mhí Eanáir: “Cinnte! Cinnte! Tá an ceart ar fad agat, a Sheosaimh!” a dúirt Balor. “Fadhb ar bith, a eagarthóir! Caithfidh mé mo shúil nimhe ar dhea-rúin na bliana úire más mian leat! Ó beidh mo shúil lán nimhe.”
Seargluí an Mhílaochais
Fad is a bhí an comhrá seo ag dul ar aghaidh ar an ghuthán phóca, bhí an gheonaíl agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh arís agus arís eile d’údarás an eagarthóra. Agus an mhonalóg thart, stán Balor go mailíseach ar an ghuthán phóca, scríob sé a gheadán go gangaideach leis an ghléas, ansin a imleacán, a dhá ascaill agus fabhraí a shúile; dhruid sé an fearas fuafar agus chuaigh ag meabhrú os cionn na tine ina phluais bhrocach.
“Tá rún agam éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.
Tá Cioclóp na Súile Nimhe agus na Teanga Binne ina shaineolaí cruthanta ar dhea-rúin a chumadh, cé go bhfuil ceist faoin dóigh a gcoinníonn sé nó nach gcoinníonn sé iad. Suígí siar anois agus ligigí do Bhalor na Gaoise comhairle a chur oraibh, a lucht scríofa dhea-rúin na bliana 2011. Níl an oiread sin rialacha ag baint leis an chóras, ach tá gach uile cheann de na moltaí thíos iontach tábhachtach:
Bíodh na dea-rúin féin iomlán míréasúnta. Sa dóigh sin thig libh a rá libh féin i gceann cúpla lá, nuair a bheas gach a mbaineann leo caite sa bhruscar, nach raibh siad réadúil an chéad lá riamh. “Ní orm féin an locht má bhí na dea-rúin féin mí-réasúnta!” a déarfaidh sibh. Sampla maith de dhea-rún míréasúnta is ea leithéidí: “Éistfidh mé go haireach i gcónaí nuair a bhíonn urlabhraí Gaeltachta Fhine Gael ag caint faoi thodhchaí na Gaeilge i mBéarla.”
Scríobhaigí síos cuid mhór rún – agus nuair a deirim ‘cuid mhór’, is é atá i gceist agam ná ceann in aghaidh gach iarrachta atá déanta ag rialtais éagsúla sa tír seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Sa dóigh sin beidh sibh ábalta a rá libh féin go fírinneach nach bhfuil cuimhne agaibh ar a bhfuil ar liosta na bliana seo. D’fhéadfadh ceann ar bith acu a bheith ar liosta na bliana seo caite nó na bliana roimhe sin nó na bliana seo chugainn fiú. Mura bhfuil cuimhne chruinn ghlinn ghlé agaibh ar an dea-rún, ní thig libh a bheith freagrach as, gan trácht ar é a choinneáil.
Bíodh Beo Ar Éigean na míosa seo caite, an Nollaig, ar oscailt os bhur gcomhair amach ar an ríomhaire agus na dea-rúin á scríobh agaibh. Bíodh leathshúil agaibh ar an alt a scríobh Ciarán Mac Aonghusa dar teideal Éalú ón Duibheagán agus sibh i mbun pinn. Ar an dóigh sin thig libh a chur ina luí oraibh féin amach anseo go raibh mearbhall oraibh agus sibh á scríobh, nó chuirfeadh an t-alt sin duine ar bith ar bith trína chéile.
Bígí ólta as bhur gcloigeann agus sibh i mbun pinn. Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na cannaí ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le cuid de na hailt aisteacha in Beo Ar Éigean a léamh.
Bígí ag éisteacht le Micheál Ó Sé ag bladar leis ó Bhóthar na Léinsí ar Raidió na Galltachta agus sibh ag cumadh bhur gcuid dea-rún. Níl cúirt ar bith sa tír nach nglacfadh leis mar leithscéal i gcás dúnmharaithe féin, gan trácht ar leithscéal le dea-rúin a bhriseadh. Idir bhuile an Tico Tico agus leadrán na n-uimhreacha lotto ag Pádraig Ó Dúiche Seoighe agus Bríd Anna Ní Wheelie Bin, ní bheadh duine ar bith ag súil le go mbeadh cuimhne agaibh ar rud ar bith a gheall sibh.
Mar fhocal scoir, amharcaigí siar ar dhea-rúin na bliana seo a chuaigh thart. Ceann ar bith acu nár éirigh libh a choinneáil, bainigí triail arís as. B’fhéidir go mbeadh an toradh céanna arís ar iarracht na bliana seo. Beidh sé mar shólás agaibh go dtig libh a mhaíomh go bhfuil sibh chomh dáiríre faoi agus go ndéanann sibh iarracht gach aon bhliain iad a choinneáil.
Gach aon bhliain, gan teip, móidím os comhair Chroim, crúb ar mo chroí, nach scríobhfaidh mé focal ar bith eile don liarlóg seo. Ansin smaoiním ar mo sheanchara dílis dea-chumtha deas, an t-eagarthóir atá ag smaoineamh ar ardú pá a thabhairt dom, agus géillim arís. Tá mé lag – tá a fhios agam go bhfuil mé lag! Ach ar son na cúise a dhéanaim é. Tá sé mar dhea-rún agam arís i mbliana go n-éireoidh mé as, agus arís eile tá mé i ndiaidh mo mhóid a ghlacadh os comhair Chroim – ach cén mhaith é? Nach maith atá a fhios agam go dteipfidh arís orm! Cuirim iontas orm féin nuair a chuimhním ar na nithe a dhéanaim ar son na cúise. Bliain úr mhaith ó Bhalor na Fadfhulaingthe.