Tiocfaidh athrú suntasach ar mhaoiniú na n-eagras Ghaeilge deonacha de réir struchtúr nua atá fógraithe ag Foras na Gaeilge don earnáil sin. Cuirfear deireadh ar fad lena mbunmhaoiniú ach beidh siad ábalta iarratais a dhéanamh ar thionscadail éagsúla. Déanann Breandán Delap cur síos ar a bhfuil ann.
Ba gheall le mantra é ag iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, go raibh i bhfad barraíocht eagraíochtaí Gaeilge ann agus go raibh cuid dá gcuid réimsí oibre ag teacht salach ar a chéile. Ba fhada é ag bagairt fosta gur mian leis a líon a laghdú. Ach tá an chosúlacht ar an scéal anois go dtiocfaidh an tuar fána thairngreacht i ndeireadh thiar thall. Óir tá ceann de na leasuithe is radacaí le fada i leith maoiniú na n-eagras, le cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge. Leasú é seo a chuirfeas córas úr maoinithe i bhfeidhm don obair a bhíodh ar siúl ag na heagrais dheonacha Gaeilge agus a athrós a gcur chuige ó bhonn.
Faoi lár na bliana seo chugainn, beidh deireadh ag teacht leis an bhunmhaoiniú a fhaigheann na heagrais dheonacha seo gach bliain ón Fhoras agus is ar bhonn tionscadail an chuid seo de chur chun cinn na Gaeilge ag brath feasta. Cuirfear béim anois ar sholáthar seirbhísí agus bunófar próiseas iomaíochta le haghaidh tograí éagsúla. Tá a mbeannacht tugtha i bprionsabal ag an Chomhairle AireachtaThuaidh Theas (CATT) don leagan amach úr agus tá clár ama leagtha síos lena chur i bhfeidhm. Ins an cháipéis a dhéanann beachtú ar an bhonneagar úr, déantar tagairt arís is arís eile do ‘na heagrais (iar)-bhunmhaoinithe.’ Is léir mar sin nach moladh é seo a thuilleadh ach go bhfuil an margadh déanta!
Is léir fosta go bhfuil todhchaí na n-eagras atá i gceist éiginnte go leor. Ní bheidh aon chinnteacht seilbhe acu a thuilleadh agus shamhlófá go mbeidh sé doiligh go leor acu foireann chumasach a earcú dá bharr. Is cinnte gur beag d’ionchas gairme atá ann don té a bheadh ag iarraidh a bheatha a bhaint i dtír in earnáil dheonach na Gaeilge. Naoi n-eagras Gaeilge déag atá i gceist ar nós leithéidí Gaelscoileanna, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Raidió na Life, Glór na nGael agus Comhluadar.
Is Fearr Leath ná Meath
Bhídís ag fáil deontas bliantúil ó Fhoras na Gaeilge roimhe seo. B’ionann sin agus nach mór leath de bhuiséad maoinithe an Fhorais. Maítear gur cuireadh próiseas athbhreithnithe sa tsiúl lena chinntiú go bhfaighfeadh pobal labhartha na Gaeilge luach a gcuid airgid as an chaiteachas seo, tuairim is €8m sa bhliain. Caitheadh corradh le leath den mhéid sin ar thuarastail na n-oibrithe atá fostaithe ag na heagrais sin.
Cé gur tháinig ísliú de 4.25%, ar an bhunmhaoiniú in 2009, mar shampla, tháinig ardú 6.4% ar chostas tuarastal na bhfostaithe. Chinn an CATT gur cheart dul i ngleic le seo lena chinntiú go mbeadh toradh na hinfheistíochta le feiceáil ag an phobal i gcoitinne seachas á chaitheamh ar chúrsaí riaracháin. Ní thig a shéanadh gur sprioc fiúntach é seo agus an bhróg ag teannadh ar chuile ghné eile den státchóras de bharr cúinsí gheilleagair na tíre is na cruinne.
Murab ionann is Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, COGG agus tuilleadh nach iad, tháinig Foras na Gaeilge slán ón tua a bhí molta ag Colm McCarthy, siocair gur eagraíocht trasteorann é. Ach ní raibh aon éalú ón chód coigiltis a bhí leagtha síos ag Tuarascáil an Bhord Snip Nua agus ní hiontas ar bith é go raibh an creathadh fuar a cuireadh fríd eagraíochtaí státmhaoinithe an stáit le brath i ndorchlaí Chearnóg Mhuirfean fosta agus sna heagrais Ghaeilge dá réir.
Bíodh sé fíor nó bréagach, bhí an cháil amuigh gur earnáil í seo a dtáinig bolg air le linn caiteachas rábach réimeas an Tíogair Cheiltigh. Ach is cosúil anois go bhfuil sruth na meala tráite agus is léir ón cháipéis a d’eisigh an Foras go bhfuil geisfhocal úr aimsithe acu - ‘cuíchóiriú.’ Leagan Gaeilge é seo ar ‘rationalisation’ atá sainmhínithe ag foclóir Collins mar seo a leanas: ‘to eliminate unnecessary equipment, personnel, or processes from a group of businesses in order to make it more efficient.’ Ouch!
Tús an Chuíchóirithe
Cuireadh athbhreithniú i bhfeidhm ar na heagrais bhunmhaoinithe le linn 2008 agus tús 2009. Phléigh iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív an cheist ag cruinniú den CATT ar 9 Iúil 2009, tráth ar dúradh go raibh ‘cuíchóiriú’ agus sábháiltí le déanamh ar an 19 n-eagras. Ag deireadh na bliana anuraidh, shocraigh an CATT go raibh gá le múnla cuíchóirithe a leagan síos don todhchaí agus nach leanfaí leis na gealltanais a bhí ann maidir le bunmhaoiniú ar bhonn bliantúil. ‘Is léir ón méid seo nach rogha réadúil í leanúint leis an status quo agus go bhfuil athrú suntasach molta ag an CATT chun teacht ar mhodh cuíchóirithe agus éifeachtach don todhchaí,’ dar leis an Fhoras ina gcáipéis chuimsitheach ar an ábhar. Tá sé ráite fosta gur gá go dtiocfadh ‘athailíniú suntasach’ ar an earnáil.
Cuireadh tús leis an phróiseas leasuithe agus an tuairim ann go ndéanfaí na heagrais a chomhtháthú in aon eagras amháin nó go mbeadh líon teoranta eagrais ann a bheadh ag feidhmiú ar bhonn comhtháite. Bhunaigh Foras na Gaeilge Coiste Boird - An Coiste Forbartha, le plé leis an cheist agus chuaigh siad i mbun oibre i gcomhar leis an chomhlacht chomhairleoireachta Mazars. Ansin ag deireadh mí Bealtaine foilsíodh ‘Samhail nua mhaoinithe do na heagrais bhunmhaoinithe’ – plean radacach a dhéanfas athstruchtúrú iomlán ar mhaoiniú na n-eagras deonach Gaeilge.
An Iomaíocht
Beidh an bonneagar úr maoinithe bunaithe ar ‘phunann scéimeanna,’ mar a tugadh air, a bheas le fógairt d’earnáil na Gaeilge ina iomláine, seachas do líon áirithe eagras. Ciallaíonn sé sin gur dócha go mbeidh na heagrais atá ag fáil bunmhaoiniú san am i láthair in iomaíocht lena chéile agus go deimhin le heagraíochtaí eile (ar nós TG4 b’fhéidir) agus daoine aonair a bhfuil saineolas faoi leith acu le hairgeadú a fháil fá choinne líon teoranta scéimeanna. Beidh ról níos leithne dá réir ag an Fhoras mar mhaoinitheoir.
Beidh straitéis lárnach amháin ullmhaithe ag Foras na Gaeilge don chiste seo, a bheas cosúil leis an ‘National Plan for Gaelic’ atá i bhfeidhm in Albain. Beidh an próiseas iarratais bunaithe ar iomaíocht oscailte. Beidh an punann scéimeanna socruithe faoi threoir na straitéise lárnaí seo agus déanfar athbhreithniú air ar bhonn bliantúil, bunaithe ar bhaint amach na dtorthaí beartaithe agus ar aighneachtaí a éileoidh Foras na Gaeilge gach bliain ó earnáil na Gaeilge. I measc na scéimeanna atá molta tá:
- Scéim Raidió Áitiúil
- Scéim na nEalaíon
- Scéim Oideachais
- Scéim Tacaíochta Teaghlaigh
- Scéim Cumasaithe Pobal
- Scéim Óige
- Scéim Abhcóideachta agus Taighde
Beidh an Foras ag lorg léiriú spéise ó eagrais éagsúla chun na scéimeanna seo a chur i bhfeidhm. Ar ndóigh, thiocfadh go mbeadh roinnt fothionscadail mar chuid de na scéimeanna thuasluaite. Luaitear, cuirim i gcás, go bhféadfadh go dtitfeadh luathoideachas, soláthar áiseanna, tacaíocht do theagasc na Gaeilge srl., faoi chatagóir na scéime oideachais. Lena chois sin, ní bheidh aon bhac ar na heagrais foinsí maoinithe eile a lorg taobh amuigh den chiste seo. Ar nós gach próiseás tairisceana eile, cuirfear leithéidí taithí an iarrathóra, an costas a ghearrfear, luach ar airgid srl. san áireamh mar shlat tomhais. Déanfar measúnú rialta ina dhiaidh sin ar chur i gcrích na scéimeanna.
Mí Eanáir 2011
Cé go ndeir Foras na Gaeilge go gcuirfear an struchtúr úr seo i bhfeidhm ar bhonn céimiúil, tá amchlár measartha pras leagtha síos acu mar is dual is dócha do chuinsí geilleagair an ghéarchéim airgeadais. Leanfaidh an córas maoinithe reatha go deireadh na bliana seo agus cuirfear scéim phíolóiteach amháin sa tsiúl ó Eanáir 2011 bunaithe ar an tsamhail mhaoinithe nua. Deirtear go leanfar fosta leis an bhonneagar reatha sa chéad leath den bhliain seo chugainn ach go mbeidh béim níos láidre á cur ar thorthaí. Táthar ag súil, áfach, go mbeidh an tsamhail mhaoinithe úr á cur i bhfeidhm go hiomlán ó Mheitheamh na bliana 2011 ar aghaidh.
Is beag ama mar sin atá ag na heagrais dheonacha Gaeilge fáil faoi réir don bhonneagar mhaoinithe úr. Mar a bheifeá ag dréim leis lena leithéid de bheartas radacach, tá na heagrais Ghaeilge corraithe go maith faoina bhfuil i ndán dóibh. Tá deireadh tobann ag teacht leis an chleachtas a bhí ar bun le blianta fada anuas agus tá ré úr na héiginnte ag breacadh dóibh. Thuigfeá a mbuairt. Cheana féin, tá amhras léirithe ag roinnt eagras go bhféadfadh go gcuirfí lena líon seachas á ngearradh siar, de bharr nach mbeidh aon teorann leis an mhéid acu a bheas ábalta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú scéime.
Deir Aire na Gaeltachta, Pat Carey, gur faoi na heagrais Ghaeilge atá sé cruth úr feidhmiúil a chur ar earnáil dheonach na Gaeilge. Ach i ndeireadh ama, beidh rath an bhonneagair úir ag brath ar chumas an Fhorais é a stiúradh. Tá dúshlán na n-eagras dheonacha tugtha ag an Fhoras ach caithfidh siad féin a léiriú anois go bhfuil siad sách feidhmiúil le bainistiú ceart a dhéanamh ar a bhfuil beartaithe.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.