Léaró lucht na Fraincise i ndomhan an Bhéarla? Thug comhdháil in Ottawa an mhí seo caite an-ábhar misnigh do Bhrian Ó Broin i dtaca le gluaiseacht phobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.
Cad atá i ndán don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh? Níor mhinic a cuireadh an cheist seo go foirmiúil go dtí 2008 nuair a d’eagraigh Glór na nGael comhdháil bheag fúithi i Nua-Eabhrac. Cé go raibh tinreamh maith ar an gcomhdháil sin, ba bheag a tháinig aisti agus lucht a heagruithe fillte ar Éirinn ina diaidh. Agus faraor sin, mar is é Meiriceá Thuaidh ceann de na margaí is mó don teanga, le 38 milliúin daoine a thugann le fios gur de shliocht na hÉireann iad. Shocraigh cainteoirí Gaeilge Ontario tabhairt faoi arís bliain ó shin agus rudaí a chur ina gceart. Bheartaigh siad comhdháil mhór a eagrú a mbeadh gníomh mar sprioc aici, agus a leagfadh síos clár oibre do chomhphobal na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh. Chun an clár oibre a stiúradh, bhunófaí coiste tras-Mheiriceánach a mbeadh todhchaí na Gaeilge, i gCeanada agus Meiriceá, mar lárthéama aige.
Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair do Ghaeilgeoirí Cheanada a bheith ag smaoineamh go cruthaitheach. Cheannaigh dream in Ontario darbh ainm “Cumann na Gaeltachta” sealúchas i ndeisceart an chúige sin agus bhunaigh Gaeltacht ann sa bhliain 2007. Níl aon duine ina chónaí ann go fóill, ach feidhmíonn an Ghaeltacht seo mar lárionad airde do phobal Gaeilge Cheanada a bhfuil fonn orthu deireadh seachtaine, nó seachtain iomlán, a chaitheamh faoin tuaith ag foghlaim Gaeilge i gceantar atá curtha ar leith do labhairt na teanga. Cosúil leis na campaí oibre, tagann na scórtha go dtí an Ghaeltacht seo gach bliain chun caoi a chur ar an sealúchas agus snas a chur ar a nGaeilge.
D’eagraigh an Cumann céanna Oireachtas Gaeilge sa Ghaeltacht úd i mbliana. Tháinig aoichainteoirí as gach cearn agus eagraíodh comórtais cheoil, rince, agus litríochta. Go deimhin, tá beocht sa chumann seo nach bhfuil le feiceáil sa chuid is mó de chumainn Chonradh na Gaeilge in Éirinn fiú!
Comhshamhlú Tapa
Is maith ann iad go deimhin, mar ní féidir séanadh go bhfuil dúshláin nach beag roimh an teanga faoi láthair. Níl na himircigh ag teacht níos mó, agus maidir leis na hÉireannaigh atá i Meiriceá Thuaidh cheana féin, is tapúla iad (agus a gclainn) comhshamhlaithe ná aon dream imirceach eile i Meiriceá Thuaidh. Dá réir sin, tá titim shuntasach i méid na ndaoine atá ag freastal ar ranganna Gaeilge go foirmiúil ná go neamhfhoirmiúil. Is léir gur faoi phobal Gaeilge Mheiriceá Thuaidh atá sé, an claonadh seo a stopadh.
Aralt Mac Giolla Chainnigh, léachtóir le Fisic i gColáiste Ríoga Airm Cheanada, is bun le cuid mhaith den fhuinneamh taobh thiar de ghluaiseacht na Gaeilge i gCeanada. Eisean agus Sheila Scott, léachtóir le teangeolaíocht in Ollscoil Ottawa, a chuir mórchuid na hoibre isteach in eagrú na comhdhála seo, in éindí le gníomhairí teanga eile timpeall na mór-roinne, mar Brian Ó Conchubhair in Ollscoil Notre Dame, Kevin Scannell in Ollscoil Saint Louis, agus Hilary Mhic Suibhne in Ollscoil Nua-Eabhrac. Le cúnamh ó eagrais rialtais agus ó na cumainn áitiúla, beartaíodh an chomhdháil a eagrú in Ottawa. Agus b’í Ollscoil Ottawa mo cheann scríbe, mar sin, cúpla seachtain ó shin, chun freastal ar an gcomhdháil stairiúil seo.
B’fhacthas do lucht na comhdhála go rabhadar ag obair i bhfolús. Cé mhéad cainteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge a bhí i Meiriceá Thuaidh? Agus, ó is léir go bhfuil líon na bhfoghlaimeoirí ag titim le tamall, cad is féidir a dhéanamh chun seo a athrú? Cérbh é an réalta eolais ab fhearr i Meiriceá Thuaidh ab fhéidir a léiriú mar mhúnla d’athshlánú teanga? Mar a tharla, bhí an chomhdháil ar siúl i gceantar inár chas cainteoirí Fraincise sruth an Bhéarla ar ais ó sheachtóidí an chéid seo caite anuas. Ba chosúil go raibh an Fhraincis ar an dé deiridh i gCeanada sna seascaidí nuair a tháinig glúin nua Francophonesi chun tosaigh nach raibh sásta le uilechumhacht an Bhéarla. Labhair Sylvie Lamoureux, léachtóir le Dátheangachas in Ollscoil Ottawa, ar straitéisí teanga ar éirigh leo in Ontario, idir scoileanna a bhunú, na meáin a láidriú, agus aitheantas oifigiúil a lorg.
Rotha ag Gluaiseacht
Ba mhór an t-ugach í Sylvie do lucht na comhdhála, a thuig láithreach go bhféadfaí snámh in aghaidh easa, fiú agus lucht an Bhéarla go hiomlán i d’aghaidh. Tháinig an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Éirinn chun cur síos a dhéanamh do lucht na comhdhála ar ghluaiseacht na Gaeilge in Éirinn. Muna raibh dea-scéala aige, ní raibh drochscéala ach oiread. Chuir sé na seascaidí i gcuimhne dúinn, nuair nach raibh raidió ná teilifís ar fáil do chainteoirí Gaeilge in Éirinn, nuair nach raibh cearta oifigiúla ag cainteoirí Gaeilge fiú, agus nuair nach raibh níos mó ná deich nGaelscoil in Éirinn lasmuigh den Ghaeltacht.
Agus an spreagadh seo inár gcluasa, tháinig cainteoir i ndiaidh cainteora amach ag cur síos ar mhodhanna eagraithe agus múinte a d’fhéadfaí a fheidhmiú chun an teanga a chur chun cinn. Labhair Hilary Mhic Suibhne agus Elaine Ní Bhraonáin faoi staid na Gaeilge i gCathair Nua-Eabhrac, mar shampla, agus mar a bhí spraoighrúpa Gaeilge do naíonáin eagraithe ag Elaine in Irish Arts Centre na Cathrach sin. Labhair Roslyn Blyn-LaDrew as Philadelphia faoi mhúineadh na Gaeilge i scoileanna dara-leibhéal Mheiriceá Thuaidh, agus labhair Lawrence Morris as Pennsylvania faoi na buanna agus na deacrachtaí a bhaineann le páistí a thógáil le Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh, rud a chur i gcuimhne dúinn go léir nach caitheamh aimsire do dhaoine fásta í an Ghaeilge amháin, ach teanga theaghlaigh, teanga bheo mharthanach. Agus laethanta na gceantar Éireannacha i Meiriceá Thuaidh imithe anois, caithfear breathnú ar mhodhanna nua chun an teanga a chur chun cinn. Labhair Kevin Scannell as Ollscoil Saint Louis agus Jonathan Giles as Ollscoil Iarthar Ontario faoi fheidhmiú na teicneolaíochta agus faoi na meán sóisialta chun an teanga a fhorbairt.
Ceann de na comharthaí ab fhearr sa chomhdháil, ámh, ná na mic léinn go léir a tháinig as gach cearn de Cheanada chun a scéal a insint faoi mhúineadh na Gaeilge. Mar atá Fulbright sna Stáit Aontaithe, tá an I.C.U.F. i gCeanada (Ireland Canada University Foundation), a thugann cuireadh gach bliain do sheisear mac léinn Gaeilge as Éirinn teacht go Ceanada ar feadh na bliana acadúla agus an teanga a mhúineadh.
Cheana féin, tá na rotha ag gluaiseacht arís. Chríochnaigh an chomhdháil leis an ngeallúint shollúnta go mbunófaí buanchoiste do chur chun cinn na teanga sa mór-roinn i gcoitinne, agus socraíodh go n-eagrófaí an chomhdháil arís chomh luath agus ab fhéidir, an turas seo le lucht Fulbright na Stát Aontaithe páirteach freisin!
Tá pobal Gaeilge Mheiriceá Thuaidh ag gluaiseacht arís, agus ag dul ó neart go neart. Gura fada buan iad, agus go bhfeicimis toradh na hoibre sar i bhfad!