CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Áine agus a cuid Béarla
Gearóidín Bhreathnach Gearóidín Bhreathnach

le Gearóidín Bhreathnach

Íomhá
Íomhá

Bhí girseach bheag ann uair amháin. Áine ab ainm di, agus bhí sí sé bliana d’aois. Girseach bheag chliste a bhí inti. Bhí sí i gcónaí ar an duine ab fhearr sa rang ar an scoil, ach déarfadh cuid de na páistí eile go raibh sí rud beag giodalach, ardnósach. Árú, tá a fhios agaibh féin an rud a bhí siad a mhaíomh. Agus bhaist siad “Miss know it all” uirthi. Ó, níor shásaigh seo í. “Bhal,” ar sise go sotalach, “tá mise ag dul a fhoghlaim Béarla. Agus beidh mé níos fearr ná sibh uilig arís.” Bhí Áine ag iarraidh a bheith ag smaoineamh cén áit ab fhearr leis an Bhéarla seo a fhoghlaim, agus ansin smaoinigh sí go raibh cuid mhór Béarla breá úimléideach sna cartúin a bhí sí ag coimhéad. “Foghlaimeoidh mé cúpla focal mór acu sin. Beidh an mháistreás chomh sásta liom. Ó … beidh sí ag inse d’achan duine chomh cliste agus atá mé.” Rinne sí suas a hintinn an lá sin agus thosaigh sí a fhoghlaim. An chéad fhocal a d’fhoghlaim sí ná codswallop. Anois, ní raibh a fhios aici cad é an chiall a bhí leis ach bhí sé mór agus breá, agus Béarla a bhí ann. An dara focal a d’fhoghlaim sí ná balderdash. Ó, bhí dúil mhór aici sa cheann sin! “Tá lán mo bhéil ann,” a deireadh sí. “Dá mbeadh ceann amháin eile agam, thiocfadh liom iad a úsáid ar an scoil amárach. Taispeánfaidh sin daofa gan bheith ag magadh ormsa.” Bhal, chuartaigh sí agus chuartaigh sí agus sa deireadh fuair sí ceann a raibh dúil aici ann: salamander. Bhí Áine breá sásta ag dul ‘na scoile an lá sin. Léamh Gaeilge an chéad rud a bhí aici. “Is dócha nach bhfuil fiacha orm a inse cé is fearr ag léamh,” arsa an mháistreás, “Áine.” “Codswallop!” arsa Áine agus í chomh sásta léi féin. Thosaigh an mháistreás agus a raibh sa rang a gháirí. “Tá muid ag dul a dhéanamh sums *úra inniu,” arsa an mháistreás. “Tabhairigí amach na cóipleabhair go gasta anois.” “Balderdash*,” arsa Áine, “tá mise réidh!” “A Áine,” arsa an máistreás, “cad é an cineál sámsála atá ort inniu?” “Sámsáil, a mháistreás? " arsa Áine. “Ar mhaith leat *salamander *le dul leis?” Leis sin bhuail an clog - bhí am lóin ann. D’inis Áine don mháistreás faoin Bhéarla breá a d’fhoghlaim sí. “Maith mo ghirseach tú,” ar sise. “Ach an bhfuil a fhios agat - ná húsáid thusa choíche focal, i nGaeilge nó i mBéarla, mura bhfuil a fhios agat cad é an chiall atá leis.”

Tá an scéal seo tógtha as an chnuasach Cathal Coinín agus Cairde Beaga Eile, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) ag tús na míosa seo. Tá dlúthdhiosca, a bhfuil Gearóidín Bhreathnach féin le cloisteáil air, ag dul leis an leabhar. Costas iomlán: €14. Tá an leabhar oiriúnach do pháistí idir 4 bliana agus 9 mbliana. Is í Rebecca Elliott a rinne na léaráidí atá ag dul leis na scéalta.

Rugadh agus tógadh Gearóidín Breathnach, nó Gearóidín Neidí Frainc Nic Grianna, i dTóin an Bhaile i Rinn na Feirste, Tír Chonaill. Is amhránaí sean-nóis í a thug léi Corn Uí Riada in Oireachtas na bliana 1996. Tá an-aitheantas tugtha di mar sheanchaí chomh maith, agus tá neart comórtas scéalaíochta buaite aici. Seo an chéad leabhar uaithi. Tá cónaí ar Ghearóidín anois ar An Ard Mín, idir An Clochán Liath agus Croithlí. Tá sí pósta le Hiúdaí Breathnach agus tá seachtar clainne orthu.

Gluais • Glossary

girseachgirl

clisteclever

giodalachperky, self-conceited

ardnósachpompous

a mhaíomhasserting

go sotalacharrogantly

úimléideachuseful

ag coimhéadwatching

máistreás(female) teacher

ag inse d’achan duinetelling everyone

ciallmeaning

dúilliking

Taispeánfaidh sin daofaThat’ll show them

chuartaigh síshe searched

nach bhfuil fiacha orm a insethat I don’t have to say

a raibh sa rangeveryone in the class

sámsáilprattling

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.