115
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Tá Cumann Carad na Gaeilge, eagraíocht atá lonnaithe i Meiriceá, ag baint úsáide as an teicneolaíocht is nuálaí, mar a mhíníonn Gearóid Ó Ceallaigh, díreach mar a rinne an té a bhunaigh an cumann.
»»»Níor thuig Alan Desmond chomh tógtha is a bhí na Polannaigh leis an bPápa Eoin Pól II go dtí gur chuir sé faoi i dtír dhúchais an Phápa.
»»»Bhí Galt Barber, ceoltóir agus cláraitheoir ríomhaireachta a bhfuil cónaí air i gCalifornia, ocht mbliana is fiche sular chuala sé trácht ar an Ghaeilge. Luigh sé isteach ar fhoghlaim na teanga ag an am sin agus tá líofacht bainte amach aige, in ainneoin nach raibh sé in Éirinn ach uair amháin. Sa dara cuid seo dá alt, labhraíonn sé faoin turas sin go hÉirinn.
»»»Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis an ealaíontóir Ciarraíoch Pauline Bewick faoina saothar agus faoina spéis i reiligiúin an domhain.
»»»D’eisigh Geraldine Bradley, amhránaí as Contae Ard Mhacha, albam nua dar teideal [i]From the Rising Spring/Cloch Fhuaráin[/i] le déanaí. Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte léi le labhairt faoina cuid amhránaíochta.
»»»Tá beagnach a thrian de dhaonra na Sé Chontae Fichead ina bpáistí. Is céim chun cinn é Reifreann na míosa seo in Éirinn, dar le Ciarán Mac Aonghusa.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Colmán Ó Raghallaigh, Cló Mhaigh Eo (Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo).
»»»Ag taisteal na hEorpa dó le trí bliana anuas, casadh daoine spéisiúla go leor ar an scríbhneoir Diarmuid Johnson. Seo í an chéad mhír uaidh faoina chuid eachtraí sa bPolainn, agus i dtíortha nach í.
»»»Tá ríomhchainteoir darb ainm Cabóigín forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide. Labhair Caoimhe Ní Laighin le stiúrthóir an tionscadail, an tOllamh Ailbhe Ní Chasaide, le gairid faoin teicneolaíocht réabhlóideach seo.
»»»Scaoileann Ciarán Mac Aonghusa le féith na fealsúnachta in iarracht a theacht ar thuiscint éigin ar scéal aduain a thit amach san Ostáir ar na mallaibh, scéal mhuintir Fritzl. Cad é an dóigh ar fíoraíodh Gort na gCnámh eile i lár na hEorpa lenár linn? Cad é a thug an Dr. Jekyll fíor seo inár measc?
»»»I dtrátha an ama seo anuraidh bhí pictiúir le feiceáil ar scáileáin theilifíse ar fud an domhain de chailíní Scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste á maslú go fíochmhar ag léirsitheoirí dílseacha agus iad ar a mbealach ar scoil. Tá ráflaí ag dul timpeall arís, a deir Robert McMillen, go gcuirfear tús leis na léirsithe seo in athuair.
»»»Tá saothar nua le Regina Uí Chollatáin dar teideal [i]Iriseoirí Pinn na Gaeilge[/i] foilsithe ag Cois Life. Is éard a ndírítear air sa leabhar seo ná prós-iriseoireacht Ghaeilge an fichiú haois agus léigh Pól Ó Muirí é le gairid.
»»»Ábhar d’fhoghlaimeoirí ag an mheán- agus ardleibhéalMaterial for learners at intermediate and advanced levels
»»»Le bliain nó dhó anuas tá an tuairim nochta ag roinnt mhaith daoine gur cheart go mbeadh deis ag imreoirí iománaíochta agus peile dul leis an spórt go gairmiúil. Measann Colm Mac Séalaigh, áfach, go mbeadh go leor deacrachtaí ann dá dtarlódh sé seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.