Cothrom an ama seo dhá bhliain déag ó shin a seoladh an nuachtán seachtainiúil [i]Foinse[/i] agus Breandán Delap mar chéad eagarthóir air. Déanann sé anailís anois ar na hathruithe suntasacha atá beartaithe ag Foras na Gaeilge do na meáin chlóite Ghaeilge.
Dúirt Tony O’Reilly tráth go bhféadfadh bearna a bheith sa mhargadh ach nach gá go gciallódh sé sin go mbeadh margadh sa bhearna. Is tráthúil an bharúil í sin i bhfianaise an chinnidh atá déanta ag Foras na Gaeilge deireadh a chur lena gcuid tacaíochta do nuachtán laethúil sa Ghaeilge ó mhí Aibreáin na bliana seo chugainn. Tá an chosúlacht ar an scéal, mar sin, go bhfuil a phort seinnte ag ceann de na tionscadail theanga ba uaillmhianaí ar tugadh faoi le dornán blianta anuas.
De réir na bhfigiúirí díolacháin is deireanaí atá eisithe ag an Audit Bureau of Circulation (ABC), díoltar ar a mheán 160,000 cóip den Irish Independent gach lá; 118,000 cóip den Irish Times; 107,000 cóip den Irish Sun; 103,000 cóip den Irish Star; 83,000 den Evening Herald agus den Belfast Telegraph araon; 73,000 den Irish Mirror; 56,000 den Irish Examiner agus 49,000 den Irish News. Is i gcomhthéacs na bhfigiúirí sin a chaithfear cumas iomaíochta nuachtáin laethúil sa Ghaeilge a mheas.
Caithfear glacadh leis, faraor, nach dtig le haon cheann de na meáin Ghaeilge seasamh ar a chonlán féin mar fhiontar tráchtála, beag beann ar dheontas stáit. Ach sa mhullach ar na deontais úd, bíonn na meáin Ghaeilge ag brath ar mhéid áirithe d’ioncam fógraíochta chun a gcuid costas a ghlanadh agus brabach a dhéanamh. Is i ngéire a bheas an iomaíocht d’ioncam fógraíochta ag dul agus an margadh á phlódú ag iliomad nuachtán is meán éagsúil. Trá fholamhAr ndóigh, fágfar na nuachtáin Ghaeilge ar an trá fholamh ar fad má thriomaíonn tobar na bhfógraí stáit, rud a d’fhéadfadh a bheith ar na bacáin, dar liomsa. Tá costas ard ag baint le
nuachtán a fhoilsiú agus a dháileadh ar fud na tíre. Agus nuair a bhíonn sé sin curtha i gcrích, ní bhíonn na fadhbanna ach ina dtús. Diomaite de na ceantair Ghaeltachta agus de chorr siopa mór nuachtán sna cathracha, níl aon bharántas ann go mbeidh na nuachtáin Ghaeilge le feiceáil ar sheilfeanna. Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil?
Mar sin, tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil. Is cuma cé mhéid achainí a shínítear nó cé mhéid cuimilte a dhéanann na nuachtáin Ghaeilge ar a gcuid figiúirí díolacháin, ní thig leo an fhírinne a cheilt: níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan. Ní gá gur ábhar náire é seo, ach ní fiú a bheith ag cur i gcéill ach an oiread. Cinneadh siosmaideach, mar sin, a bhí sa chinneadh a rinne Foras na Gaeilge deireadh a chur leis an mhaoiniú a thugann siad do nuachtán laethúil, de réir mo bharúlsa.
Óir caithfear a bheith réadúil i dtólamh faoi shrianta an mhargaidh. B’amhlaidh an cás sa Bhreatain Bheag, áit ar chinn an tAire Oidhreachta, Rhodri Glyn, le déanaí nach mbronnfaí an £600,000 sa bhliain a bheadh de dhíth le nuachtán laethúil sa Bhreatnais a bhunú. Ba é an míniú a tugadh ná nach raibh sé cruthaithe go mbeadh éileamh ar a leithéid ná go mbeadh sé inmharthanach. Is amhlaidh an cás sa tír seo.
Lá NuaBhí an ceart ar fad ag Foras na Gaeilge, mar sin, deireadh a chur leis an mhaoiniú a thug siad do thionscadal nach bhfuil aon mhargadh ann dó. Ní haon chúis náire é sin do fhoireann Lá Nua, ach a mhalairt. Óir tá a rian fágtha ag an nuachtán ar
shaol cumarsáide na hÉireann le dornán blianta anuas. Tháinig glúin nua scríbhneoirí agus iriseoirí chun cinn a bhuíochas dó. Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar riachtanais an cheantair sin. Ba ann a foilsíodh sonraí faoin éiginnteacht a bhain le maoiniú an Chiste Craoltóireachta Gaeilge anuraidh, mar shampla, agus faoin bhaol go mbogfaí ceannáras Nuacht TG4 ó Chonamara go cathair na Gaillimhe. Ó tharla go bhfuil fo-oifig ag Lá Nua i nGaoth Dobhair, tugtar suntas fosta do scéalta a bhaineann leis an taobh sin tíre. Locht atá ar go leor de na meáin Ghaeilge ná go mbíonn siad ró-Ghaillimheach ina gcur chuige agus go meastar nach gá ach tosaíochtaí nuachta na hardchathrach a bhogadh siar leis an tsúil eile a aimsiú. Tá Lá Nua le moladh as rogha de léitheoireacht shainiúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus tá an baol ann go mbeidh sciar suntasach de Ghaeil an Tuaiscirt balbh gan é.
Ó mhí Aibreáin seo chugainn, áfach, tá rún ag Foras na Gaeilge gan maoiniú a bhronnadh feasta ach ar nuachtán seachtainiúil Gaeilge amháin agus tá siad ag iarraidh go mbeidh seirbhís leictreonach ag baint leis. Is fiú €400,000 sa bhliain an maoiniú a thabharfar don tionscadal seo. Cheana féin, tá sé fógartha ag úinéir Foinse agus ag úinéir Lá Nua go mbeidh siad san iomaíocht don chonradh agus is dócha ná a mhalairt go mbeidh suim ag an nuachtán laethúil Feirsteach, The Irish News, ann fosta. Ach tá an chosúlacht ar an scéal gur gearradh siar suntasach a bheas sa mhaoiniú seo le hais na suime atá á caitheamh ar nuachtáin Ghaeilge faoi láthair. Tá Foinse ag fáil €300,000 sa bhliain agus Lá Nua ag fáil tuairim is €252,000 sa bhliain. Is ionann sin is a rá go mbeidh glan-ísliú de bheagán os cionn €150,000 i gceist le caitheamh ar nuachtáin Ghaeilge feasta.
Ní dóigh liom gur ar leas lucht léite na Gaeilge a bheadh sé dá gcruthófaí nuachtán seachtainiúil láidir amháin. Ar chéad amharc, chaithfeá a rá go mbeadh an-
bhuntáiste ann ó thaobh cúrsaí gnó de. Ní bheadh aon fhoilseachán eile i gcomórtas leis an nuachtán seachtainiúil ó thaobh léitheoirí nó fógraí a mhealladh agus bheadh líon níb fhairsinge scríbhneoirí acu le tarraingt as. Ach ó mo thaithí féin le Foinse sílim gur fearr i bhfad go mbeadh iomaíocht ghéar ann lena chinntiú go mbeadh an cíocras ann scéalta maithe a aimsiú agus caighdeán an fhoilseacháin a fheabhsú. Gan sin, is furasta na maidí a ligean le sruth.
Ciste TeorantaGlacaim leis nach bhfuil ach ciste teoranta ar fáil mar dheontas i gcabhair do nuachtáin Ghaeilge, go háirithe i bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta atá tagtha chun cinn ar na saolta deireanacha seo. Nós coitianta go maith anois is ea é go bhfoilsíonn na nuachtáin réigiúnacha eagrán i lár na seachtaine agus ceann eile ag an deireadh seachtaine. Sílimse gur sprioc i bhfad ní ba chiallmhaire a bheadh ann dá dtabharfaí an Foras maoiniú do nuachtán a d’fhoilseofaí i lár na seachtaine – mar atá i gceist leis an mhúnla réigiúnach atá ann faoi láthair – agus dá mbeadh sé sin in iomaíocht leis an cheann a d’fhoilseofaí ag an deireadh seachtaine. D’fhéadfaí comórtas a reáchtáil lena chinntiú go mbeadh ceann amháin acu lonnaithe sna sé chontae agus an ceann eile i gceantar Gaeltachta. Ach ní leor an tsuim airgid atá luaite don tionscnamh seo le dhá nuachtán a chothú.
Beart ciallmhar is ea é go bhfuil an Foras ag éileamh go mbeidh leagan leictreonach agus idirghníomhach den nuachtán neartaithe seachtainiúil ar fáil ach níl sé soiléir óna bhfógra an bhfuil siad ag dréim go mbeidh nuacht te-bhruite á postáil gach lá. Ní bheadh a leithéid indéanta ná inmholta dar liom, siocair go bhfuil acmhainní na meán clóite Gaeilge sách sínte mar atá. Is beag nuachtán Domhnaigh náisiúnta a bhíonn ag soláthar seirbhís laethúil de nuacht chuimsitheach agus b’fhearr i bhfad go mbeadh leithéidí Nuacht TG4 nó Raidió na Gaeltachta i mbun an chúraim seo.
Ach is cinnte go dtiocfaidh brú as cuimse ar fhoilseacháin na Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn agus tírdhreach na meán ag athrú agus foinsí maoinithe ag dul i dteirce. Tá an dá nuachtán Gaeilge (agus Foinse ach go háirithe) ag brath barraíocht ar fhógraí stáit. Táthar ann a deir nach mbeidís ábalta maireachtáil dá n-uireasa. Bainfear geit astu, mar sin, nuair a shíneoidh an tAire Éamon Ó Cuív na rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) 2006. Baineann na rialacháin seo le dualgais chomhlachtaí stáit i leith na Gaeilge. Tá dréacht de na rialacháin curtha i dtoll a chéile ag Roinn na Gaeltachta agus dualgais beachtaithe ann i leith úsáid na Gaeilge i stáiseanóireacht agus i gcomharthaí. Ní bheidh aon dualgas faoi leith ar na comhlachtaí seo, áfach, fógraí a chur i gcló i nGaeilge. Tá sé ráite ag an Aire go mbeidh tuilleadh rialachán le déanamh aige ag tráth éigin i dtaca le fógraí stáit i nGaeilge ach ní tharlóidh sé sin sa ghearrthéarma.
Údar lúcháire a bheas anseo do na ranna stáit a bhíonn de shíor ag gearán faoin sciar dá mbuiséad a chaitear ar chúraimí Gaeilge. Ná cuirimis dallamullóg orainn féin; ní bheidh mórán de na comhlachtaí poiblí ag cur fógraí i gcló in Foinse ná i Lá Nua (ná i bhfoilseachán eile a thiocfadh ina n-áit) ar mhaithe le carthanacht nó mar chomhartha ar an mheas atá acu don teanga. Beidh siad ag brath cuid mhór, mar sin, ar fhógraí a mhealladh ón earnáil phríobháideach, rud nach bhfuil éirithe leo a dhéanamh go dtí seo ar go leor cúiseanna. Sea go deimhin, tréimhse chinniúnach atá ann do na nuachtáin Ghaeilge.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí ar sa Spidéal.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.