189
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Cé gur as an Ísiltír ó dhúchas é Alex Hijmans d’éirigh leis caighdeán ard go leor Gaeilge a bhaint amach le hiriseoireacht, craoltóireacht agus scríbhneoireacht a dhéanamh sa teanga. Faoi láthair, tá sé ag reáchtáil caife Gaelach i nGaillimh. Labhair Beo! leis faoina spéis sa Ghaeilge.
»»»Tá scéal ag Bearnaí Ó Doibhlin ar na mílte saighdiúirí as an Astráil a throid is a thit ar ghort an bhaile lena dtír a chosaint breis is trí scór bliain ó shin. Cosán dearg, a bhféadfaí an dá chiall a roinnt leis an aidiacht sin, a bhí i gCosán Kokoda.
»»»Bhuail Colm Mac Séalaigh leis an bhfear a chuir Kevin Myers, fiú amháin, ag caint níos boige i leith na Gaeilge, Bernard Dunne, iarchuradh dornálaíochta an domhain. Céard ba thús leis an iarracht ar fad?
»»»D’éirigh le Balor agallamh eisiach a fháil leis an aire rialtais atá ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm.
»»»Gabhadh leithscéal oifigiúil le gairid le páistí Bundúchasacha a aistríodh go teaghlaigh gheala agus institiúidí in éadan thoil a muintire idir 1910 agus 1970. Cúlra an scéil ó Bhearnaí Ó Doibhlin.
»»»Níl aon easpa bia ar an Astrálach agus a shliocht air, a deir Bearnaí Ó Doibhlin, tá $56 billiún á chaitheamh i réimsí leighis in aghaidh na bliana mar gheall ar an ngrá áirithe sin, grá na hailpe.
»»»Féachann Colm Mac Séalaigh ar imeachtaí stairiúla Pháirc an Chrócaigh an mhí seo caite.
»»»Chuir Seán Greif aithne bheag ar mhuintir Agua Preta san Amazóin ach níorbh aon ribín réidh a ghabháil a fhad leo in Agua Preta. B’iomaí scríob a bhí idir é agus a cheann scríbe.
»»»Nuair a bhí Richard Archibald ag éirí aníos i mBaile Monaidh, Contae Aontroma ní raibh eolas ar bith aige ar an Ghaeilge, ach thosaigh sé a fhoghlaim fúithi agus é ag déanamh taighde ar an Ultais agus anois tá sé an-tógtha leis an teanga.
»»»Tá Ruth Nic Giolla Iasachta díreach tar éis bogadh go dtí an Nua-Shéalainn agus beidh sí ag scríobh mar gheall ar an tír don iris seo sna míonna atá romhainn. Sa chéad cholún seo, féachann sí ar an gcaidreamh idir na Sasanaigh agus na bundúchasaigh ó bhí an naoú haois déag ann.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go bhfuil dochar mór déanta ag roinnt de na ráitis a rinne an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt mar gheall ar mhaoiniú Shinn Féin agus gur chun vótaí a mhealladh ina dtreo féin atá sé seo á dhéanamh acu.
»»»Foilsíodh graiméar nua, Leabhar Gramadaí Gaeilge, le déanaí. Chuir Beo! agallamh ríomhphoist ar údar an tsaothair, Nollaig Mac Congáil.
»»»Sníonn síolteagasc an fhoréigin anuas ó ghlúin go glúin agus ar thug tubaiste Vítneam ar mhuintir Mheiriceá, dar le Maidhc Ó Cathail, is é an síolteagasc céanna a tharraing isteach san Iaráic, san Afgánastáin agus go fiú, i spéartha Vasaíriostáin iad.
»»»Agus é ag fágáil slán ag an gcéad deich mbliain den tríú mílaois, tá dóchas ag Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil athruithe bunúsacha ar an mbealach in Éirinn agus go dtiocfaidh deireadh le ré ceannasaíochta an pháirtí pholaitíochta a choinnigh muintir na hÉireann faoi dhraíocht le fada.
»»»An chéad chuid de shocrú na deacrachta is ea an dearcadh a shocrú ar dtús dar le Muiris Ó Meara. Má athraítear dearcadh daoine, is féidir teannadh le socrú na deacrachta in ionad a bheith ag seachaint an tsocraithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.