Cé gur as an Ísiltír ó dhúchas é Alex Hijmans d’éirigh leis caighdeán ard go leor Gaeilge a bhaint amach le hiriseoireacht, craoltóireacht agus scríbhneoireacht a dhéanamh sa teanga. Faoi láthair, tá sé ag reáchtáil caife Gaelach i nGaillimh. Labhair Beo! leis faoina spéis sa Ghaeilge.
](#comortas) Chuig an gComórtas
Beo!: An gcuireann sé iontas ar dhaoine in Éirinn go bhfuil Gaeilge chomh maith sin agat?
Alex Hijmans: Cuireann. “*Aingilín *is a drama written by Dutch playwright Alex Hijmans. Absurdly, the play is completely ‘as Gaeilge’ ...” atá scríofa san eagrán reatha de *Hot Press *faoin dráma a bheas á léiriú agam i lár na míosa seo. Is é seo an sampla is fearr fós den rud ar a dtugann cara de mo chuid “Dutchman-Speaks-Irish-itis": an chaoi a gceapann muintir na hÉireann i gcoitinne go bhfuil sé aisteach go mbeadh Gaeilge ag Ísiltíreach (nó duine ar bith nach bhfuil fréamhacha Éireannacha aige.) Anois, agus beagnach ocht mbliana caite in Éirinn agam, bíonn deacrachtaí agam fós ó am go chéile an meon seo a thuiscint, mar gurb é malairt ghlan mheon na nÍsiltíreach i leith teangacha é. Tá sé i nádúr an Ísiltírigh teangacha a fhoghlaim, agus ní teangacha na gcomharsan amháin a bhíonn i gceist.
Beo!: Cén áit ar tógadh tú féin?
AH: Tógadh mé i mbaile darbh ainm Heemskerk in iarthuaisceart na hÍsiltíre, faoi scáth Amsterdam. Níor aistrigh mé riamh go dtí gur aistrigh mé go hÉirinn!
Beo!: Cén chéad teagmháil a bhí agat leis an Ghaeilge?
AH: Ar saoire, ag iarraidh ciall a bhaint as na gutaí ar fad i mullach a chéile ar na comharthaí bóthair!
Beo!: Cén tslí ar fhoghlaim tú an teanga?
bunchloch a leagan. Nuair a tháinig mé go hOllscoil na Gaillimhe ar scéim Erasmus, cuireadh na mic léinn iasachta ar fad a bhí chun freastal ar an Léann Ceilteach amach go dtí an Cheathrú Rua ar feadh míosa chun cúrsa speisialta a dhéanamh in Áras Mháirtín Uí Chadhain. Ina dhiaidh sin, tháinig snas ar mo chuid Gaeilge trí bheith á labhairt.Beo!: Cén chaoi a raibh caighdeán na múinteoireachta agus tú ag freastal ar chúrsaí Gaeilge?
AH: Ar an mheán bhí an caighdeán ceart go leor ós rud é gur institiúidí proifisiúnta iad na háiteanna ar fad a ndearna mé cúrsaí Gaeilge iontu.
Beo!: Cad iad na háiseanna Gaeilge (téipeanna, leabhair, etc.) a d’úsáid tú agus tú ag foghlaim na teanga?
AH: Gach ceann beo atá i gcló, ceapaim! Na cinn ba mhó tairbhe domsa, ceapaim, ná Learning Irish *le Micheál Ó Siadhail agus *Teach Yourself Irish. Ach tá mé ag ceapadh go bhfuil sé i bhfad níos éasca ar fhoglaimeoirí Gaeilge a fhoghlaim na laethanta seo mar go bhfuil TG4 ann; níl ort ach an teilifís a chasadh air agus tá Gaeilge le cloisteáil agus fotheidil le feiceáil. Sin an fáth go bhfuilim go mór i bhfábhar fotheidil a bheith ar TG4. Is é an fáth go mbíonn Béarla ar chaighdeán réasúnta ard ag muintir na hÍsiltíre ná go gcuirtear fotheidil le cláracha teilifíse seachas athghuthú a dhéanamh, mar a dhéantar i dtíortha eile Eorpacha.
Beo!: Cé hiad na daoine is mó a chabhraigh leat agus tú i mbun fhoghlaim na Gaeilge?
AH: Daoine ar nós Liam Uí Chuinneagáin ó Oideas Gael agus Pheadair Mhic An Iomaire ó Ollscoil na Gaillimhe, a chinntigh go bhfuair mé árasán i mbloc na Gaeilge (a bhí ann ag an am sin) ar champas na hollscoile, áit ar chaith mé bliain i mo chónaí i measc daoine ar comhaois liom a labhair Gaeilge. Is iad na daoine seo agus lucht an Chumainn Drámaíochta in Ollscoil na Gaillimhe i ndáiríre a mhúin Gaeilge dom mar theanga labhartha laethúil.
Beo!: Tá roinnt mhaith oibre déanta agat go dtí seo trí mheán na Gaeilge (Foinse, Comhar, TG4, etc.), nach bhfuil?
AH: Bhí mé ag obair go lánaimseartha mar iriseoir le Foinse *ar feadh bliana go leith agus bhí sé ar cheann de na háiteanna is deise ar oibrigh mé ann riamh. Bhí mé mar eagarthóir ar an iris *Comhar *ar feadh bliana agus tá saoririseoireacht déanta agam do TG4 agus RnaG; ach tar éis tamall shocraigh mé nach iriseoireacht nuachta a bhí uaim don chuid eile de mo shaol. Tá mé ag iarraidh díriú ar scríbhneoireacht chruthaitheach agus tá roinnt deiseanna faighte agam le *Ros na Rún *ar TG4 agus leis an dráma *Aingilín, ach tá sé an-deacair teacht i dtír ar scríbhneoireacht chruthaitheach.
Beo!: Cathain a d’oscail tú an caife Bananaphoblacht agus cén fáth ar bhunaigh tú é?
AH: Thóg mé an léas ar Chaife Bananaphoblacht beagnach dhá bhliain ó shin. Bhí caife ann roimhe, caife darbh ainm Apostasy ar ghnách liom mo chuid ceartúchán ar altanna do *Foinse *agus *Comhar *a dhéanamh ann. Chuir mé aithne ar an úinéir, a bhí ag iarraidh an áit a dhíol. Bhí mé féin ag cuartú athrú ó thaobh slí bheatha de, agus an chéad rud eile bhí mé taobh thiar den chuntar ag déanamh caife! Is maith liom obair láimhe a dhéanamh, go mórmhór cócaireacht, mar go gciallaíonn sé nach bhfuil m’intinn gafa ag an scríbhneoireacht i gcónaí.
Beo!: Cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an chaife?
AH: Tá rudaí go maith faoi láthair. Tá atmaisféar an-deas sa chaife i láthair na huaire agus daoine ag iarraidh éalú ón fhuacht agus ón dorchadas chun seacláid the a bheith acu! Cainteoirí Gaeilge thart ar leath den fhoireann, an leath eile is as áiteanna ar fud an domhain iad, agus cuidíonn sé sin le hatmaisféar bríomhar a chruthú.
Beo!: An gcaitheann tú formhór do shaoil trí mheán na Gaeilge?
AH: Labhraím Gaeilge leis an fhear atá ag roinnt tí liom. Mar a tharlaíonn, bhí mé ag roinnt tí leis freisin i mbloc na Gaeilge ar champas na hollscoile a raibh mé ag tagairt dó níos luaithe. Labhraím Gaeilge agus Béarla ag an obair; más céatadáin atá uait déarfainn go gcaithim leath mo shaoil laethúil i nGaeilge agus an leath eile i mBéarla.
Beo!: Inis dúinn faoi do dhráma nua.
AH: Níl *Aingilín *chomh nua sin - scríobh mé é thart ar cheithre bliana ó shin! Bhí an dráma ina luí ar mo sheilfeanna leabhar ar feadh an ama sin go dtí gur thug Breandán Ó hEaghra ó Fhéile 2002 an deis dom é a léiriú mar chuid den fhéile sin i mí an Mhárta. D’éirigh leis an dráma, agus tá muid á thabhairt go Baile Átha Cliath anois. Dráma ar leith atá ann, ach beidh ort teacht ag breathnú air nó cuairt a thabhairt ar www.aingilin.com le fáil amach cén dóigh!
Beo!: Cad iad na tionscadail eile Ghaeilge a bhfuil tú ag smaoineamh orthu?
AH: Ba mhaith liom díriú ar scríbhneoireacht chruthaitheach, bíodh sé i bhfoirm drámaí, scríbhneoireacht scripte, nó scríbhneoireacht “thraidisiúnta” phróis. Sin ráite, beidh mé ag tógáil go leor briseachaí chun *lattés *a tharraingt do chustaiméirí rialta an chaife!
Beo!: An bhfuil tú dóchasach faoi thodhchaí na teanga?
AH: Ar ndóigh tá. Muna mbeinn ní fhéadfainn a bheith dáiríre faoin chuid is mó de na rudaí atá ar siúl agam!
Beidh an dráma Aingilín le feiceáil ar na dátaí seo thíos:
Caife Bananaphoblacht, Sráid Doiminic, Gaillimh Dé Sathairn, 16 Samhain, 8.00 p.m. Dé Domhnaigh, 17 Samhain, 3.00 p.m. agus 8.00 p.m. Ticéid: €10
Bewley’s Café Theatre, Sráid Ghrafton, Baile Átha Cliath Dé Máirt, 19 Samhain, 8.00 p.m. Dé Céadaoin - Dé Sathairn, 20 - 23 Samhain, 1.00 p.m. agus 8.00 p.m. Ticéid: €10 agus €12
Eolas: www.aingilin.com Áirithintí: (087) 771-2021
Comórtas
Cúig phéire ticéad le buachan do léiriú Bhaile Átha Cliath. Seol d’ainm agus do sheoladh chuig: alt@beo.ie
Abair cén t-am agus cén dáta ba mhaith leat an dráma a fheiceáil.
Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering