Foilsíodh graiméar nua, Leabhar Gramadaí Gaeilge, le déanaí. Chuir Beo! agallamh ríomhphoist ar údar an tsaothair, Nollaig Mac Congáil.
- Tá roinnt mhaith leabhar gramadaí ar an mhargadh cheana féin. Cén fáth ar chinn tusa ar cheann eile a scríobh?
Déanta na fírinne, gí gur foilsíodh Leabhar Gramadaí Gaeilge ar na mallaibh, tá ábhar an leabhair féin faoina leagan Béarla agus, ar thoradh moille, faoina leagan Gaeilge, ar fáil ó lár na nóchaidí. Ní raibh sé le fáil i bhfoirm chlóbhuailte, áfach, ach bhain sé le Speakwrite, pacáiste foghlama Gaeilge ar ríomhaire a cuireadh le chéile in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, roinnt blianta ó shin.
Le blianta fada - agus mé ag éirí aníos agus chóir a bheith ó shin i leith - bhí trí cinn de ghraiméir údarásacha ann, mar atá, an Réchúrsa Gramadaí, Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí *agus *Gramadach na Gaeilge - an Caighdeán Oifigiúil. Bainim leas as an triúr sin i gcónaí agus molaim go mór na buanna éagsúla atá ag baint leis an triúr acu. Ach cuireadh cor mór i scéal ghramadach na Gaeilge le foilsiú *Foclóir Gaeilge-Béarla *Néill Uí Dhónaill sa bhliain 1977. Sin an leabhar Gaeilge is toirtiúla agus is údarásaí dá bhfuil ann i láthair na huaire agus an ceann is minice a ndéantar tagairt dó mar fhoinse iontaofa ó thaobh na gramadaí de ag duine ar bith ar cás leis ceart gramadaí.
Ar an drochuair, tá cuid de rialacha gramadaí fhoclóir Uí Dhónaill ag teacht salach ar an dá leabhar gramadaí eile, mar atá, ceann na mBráithre Críostaí (ar cuireadh eagrán úr leasaithe de i gcló arís le gairid) agus ceann Rannóg an Aistriúcháin. (Tá an *Réchúrsa *as cló le fada.) Chonacthas dom gur cheart go mbeadh leabhar gramadaí ann a bheadh ag teacht go hiomlán leis na rialacha gramadaí atá le fáil i bhfoclóir Uí Dhónaill.
Chomh maith leis an chúis sin atá luaite agam, shíl mé i gcónaí go bhfuil gá le leabhar tagartha gramadaí ina bhfuil na rialacha gramadaí leagtha amach go deas soiléir sothuigthe. Ní maith le chuile dhuine go mbeadh gach aon riail, gach aon fhoriail agus gach aon eisceacht luaite.
- Cé air a bhfuil an leabhar seo dírithe?
Duine ar bith a bhfuil cumas áirithe Gaeilge aige agus atá ag iarraidh eolas a chur ar rialacha gramadaí na Gaeilge ar an ábhar go bhfuil sé ag foghlaim na Gaeilge, ag teagasc na Gaeilge nó ag baint úsáide aisti mar mheán cumarsáide scríofa.
- An bhfuil tú sásta leis nó ar mhaith leat é a fhorbairt tuilleadh san am atá romhainn?
Tá mé sásta go leor leis ach fanfaidh mé go bhfeice mé cén bharúil a bheas ag daoine a bhainfeas úsáid as de. Tífear ansin cén dóigh is fearr le feabhas a chur air. Ba mhaith liom ceachtanna a chur leis an leabhar ach ní chuirfinn iad sin isteach i gcorp an leabhair féin. B’fhearr liom iad sin a chur ar shuíomh gréasáin agus iad a athrú go rialta. D’fhéadfadh múinteoir ar bith an rud céanna a dhéanamh.
- Cé fhad a ghlac sé an leabhar a chur le chéile?
Is deacair a rá go fírinneach ó tharla go mbím ag plé le cuid mhór rudaí san am amháin. Cuireann tú píosa in alt a chéile, cuireann tú leis, baineann tú de, athraíonn tú an leagan amach srl. Tógann sé cuid mhaith ama agus níl mórán pléisiúir ag baint leis an chineál sin oibre, ní hionann agus obair thaighde eile.
- An bhfuil tú sásta leis an chuma atá air?
Sa lá atá inniu ann caithfear leabhair den uile chineál a dhéanamh chomh tarraingteach agus is féidir. Is mó is fíor sin nuair a bhíonn leabhar gramadaí i gceist. Is dóigh liom go gcuidíonn na dathanna agus leagan amach an ábhair i gcoitinne sa leabhar leis an aidhm sin a bhaint amach. Cuireann leathanach i ndiaidh leathanaigh de phrós leanúnach cúl ar dhaoine ach amháin i gcás na bhfíréan.
- Cén obair eile, dar leatsa, atá le déanamh sa réimse seo san am atá romhainn?
Níl *Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, Gramadach na Gaeilge - an Caighdeán Oifigiúil agus Foclóir Gaeilge-Béarla *Néill Uí Dhónaill ar aon fhocal amháin maidir le rialacha áirithe gramadaí. Ba cheart do Rannóg an Aistriúcháin, d’fhoireann an Ghúim agus do shaineolaithe eile i réimse na teanga teacht le chéile agus aontú faoi cheart na Gaeilge agus go gcuirfí na rialacha sin i bhfeidhm in iomlán a gcuid foilseachán. Tá sé deacair go leor an Ghaeilge a theagasc ach is measa arís é nuair a bhíonn na hoidí múinte agus na foinsí údarásacha tagartha ag bréagnú nó ag teacht salach ar a chéile.
Tá gá ann le graiméar deifnídeach Gaeilge chomh maith le cinn eile, macasamhail an chinn seo, a shíolróidh ón cheann údarásach.
Tá an tOllamh Nollaig Mac Congáil ar fhoireann Scoil na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is é an comhlacht Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie; cic@iol.ie) foilsitheoirí Leabhar Gramadaí Gaeilge.
](../2002-09/comortas.asp)