AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Scéal eisiach – Áras an Uachtaráin á aistriú go hInis Meáin
Balor Balor Balor

D’éirigh le Balor agallamh eisiach a fháil leis an aire rialtais atá ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm.

Íomhá
Íomhá
Na clubanna lapdance le dílárú chomh maith
Íomhá
Íomhá
Íomhá
An ceantar i dToraigh ina mbeidh Páirc an Chrócaigh suite

“Mo sheacht mallacht ar an PD Páirtíocht Parlon,” a mhaígh Balor an Clamhsánaí Cantalach. “Scread mhaidine ar an húr gan mhaith. Damnú ar a dhá shúil, cac an diabhail air agus marbhfháisc air fosta,” a ghuigh sé i ndiaidh dó agallamh eisiach a chur ar fhear an Pháirtí Dhaonlathaigh, an tAire le Dílárú agus Duainéis Náisiúnta. San agallamh eisiach seo nocht Páirtíocht Parlon a chuid mianta agus a chuid pleananna i dtaca le dílarú agus duainéis dochrach diabhalta díobhálach dochreidte. Tá rún aige i bhfad níos mó ná na státseirbhísigh agus gach aon chineál seirbhísigh eile a ruaigeadh amach as an ardchathair. Seo agaibh anois, a léitheoirí dhílse, an méid a sceith Páirtíocht Parlon le Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil:Balor: A Pháirtíocht a Aire dhil, tá tú i ndiaidh olc a chur ar leath na tíre agus díchreideamh a chur ar an leath eile le do chuid pleananna díláraithe. Cibé faoin na státseirbhísigh is iomaí searbhónta poiblí nach bhfuil sásta teaghlach agus teallach, sólann agus dánlann, bialann agus iarsmalann, parlús suathaireachta agus club lapdance a thréigean agus aghaidh a thabhairt ar áiteanna iargúlta imigéiniúla i bhfad amach.

Páirtíocht: A Bhaloir, a chroí, ní gá buairt ná imní ar bith a bheith ar shearbhóntaí an Stáit agus an Phobail. Is gearr go mbeidh lucht na n-áiteanna sin ar fad a mbíonn siad ag freastal orthu díláraithe fosta.

Balor: Is ait an rud é gur Páirtíocht a thugtar ort, a Aire. Tagann cúpla ainm eile chun mo chuimhne a bheadh níos fóirsteanaí duit, b’fhéidir: Oliver Cromwell Parlon, nó is é an mana céanna atá agatsa agus a bhí aigesean: go hIfreann nó go Connacht.

Páirtíocht: Tá tú thar a bheith dian orm, a Bhaloir, a chroí. Tá mise sásta daoine a dhílárú go Cúige Mumhan agus go Cúige Uladh fosta, agus tá mé sásta roinnt daoine a chur chuig áiteanna áirithe i gCúige Laighean fiú – Biorra, mar shampla – má fhaighim gealladh docht daingean ó na daoine sin nach mbeidh siad ag pilleadh abhaile fá choinne mionócáidí, leithéidí bainiseacha nó tórramh.

Balor: Tá ráfla ag dul thart gur tusa an t-aon aire nach bhfuair cuireadh chuig an dinnéar don Rialtas in Áras an Uachtaráin le gairid. An féidir nach bhfuil tú féin agus Íosa Mhic Ghiolla Mháire ag réiteach rómhaith le chéile? Chuala mé cogar – agus ní raibh ann ach cogar – go raibh tú ag smaoineamh ar Íosa a bhogadh, in éadan a tola, as Baile Átha Cliath ar fad. Glacaim leis gur focal ainspianta atá ansin. Ní thiocfadh leat sin a dhéanamh. An dtiocfadh?

Páirtíocht: Thiocfadh liom cinnte, ach ní bheidh sí féin ná a teaghlach ná a cuid searbhóntaí uilig fágtha gan dídean. Tá Áras an Uachtaráin féin le bogadh, cloch ar chloch, go hInis Meáin.

Balor: Ach samhlaigh na deacrachtaí ar fad. Cad é faoi na cuairteanna a thugann sí ar áiteanna ar fud na tíre? Cad é faoi na Cuairteanna Stáit ó chinn stáit eile? Cad é faoin tseachtain a chaitheann sí in Odious Gael i nGleann Cholm Cille gach bliain? Cad é faoi na takeaways gach oíche Shathairn?

Páirtíocht: Ní baol do rud ar bith acu sin. Beidh an saol mar is gnách san Áras. Tá an Stát sásta trí churach a chur ar fáil dóibh fá choinne cuairteanna móra tábhachtacha; agus mar gheall ar an takeaway gach oíche Shathairn, thig le Máirtín snámh amach is isteach. Fear mór spóirt é ar scor ar bith, de réir mar a mhaíonn sé féin. Beidh seans aige anois é a chruthú. Agus ní bheidh muintir Mhic Ghiolla Mháire uaigneach ar Inis Meáin. Beidh a gcuid comharsan ón Sú ag dul siar in éineacht leo. Tá cróite dá dtógáil i láthair na huaire do na camaill agus na tíogair, na crogaill agus na rónta. Tá a fhios agam... tá a fhios agam an rud atá ar bharr do theanga agat: níl crann ar bith in Inis Meáin agus ní bheidh na moncaithe ábalta dreapadh? Bhail, beidh cead a gcinn acu ar dhíonta na dtithe ceann tuí agus ar na coinnleoirí craobhacha san Áras nua-thógtha. Ná cuir ceist faoin chac ar na cairpéid. Níl na mionsonraí ar fad oibrithe amach agam go fóill. Ná bíodh sé le maíomh ag duine ar bith nach fear comhghéillte mise. Páirtíocht m’ainm agus Páirtíocht mo mhana. Déanaim iarracht gach aon chineál ainmhí a shásamh.

Balor: Ach, a Pháirtíocht, má tá an oiread sin daoine le bheith ruaigthe amach as an ardchathair, cad é faoin M50, agus cad é faoin DART agus faoin LUAS agus cad é faoin tollán úr agus faoin Metro nua atá le tógáil? Ní bheidh go leor daoine fágtha i mBaile Átha Cliath le húsáid cheart a bhaint as na hacmhainní móra taistil ar fad.

Páirtíocht: Is fíor duit, a Bhaloir chliste, is fíor duit; agus ar an ábhar sin tá mé chun an DART a bhogadh fosta. Ón bhliain seo chugainn ar aghaidh beidh na traenacha ag rith ó Bhearna go Carna. Beidh áthas an domhain ar mhuintir thuaisceart Chonamara fosta nó beidh tramanna an LUAS ag rith ó Chorr na Móna go dtí an Teach Dóite – ceann gach trí lá ar a laghad.

Balor: Agus cad é faoin M50?

Páirtíocht: Ní bheidh bealach chúl na hEargaile in úsáid níos mó nó beidh an M50 ag muintir Ghaoth Dobhair le iad a thabhairt isteach is amach go Leitir Ceanainn.

Balor: Agus is dócha go mbeidh an tollán úr ag rith ó Ráth Cairn Glas na Mí isteach chuig Calafort Bhaile Átha Cliath?

Páirtíocht: Ní bheidh, ná baol air. Beidh an tollán úr ag bogadh siar ó dheas. Muintir Bhaile an Fheirtéaraigh a bheas á úsáid le dul faoi na sléibhte isteach chuig Calafort an Daingin. Lucht iarthar Chorcaí a bhainfidh buntáiste as an Metro nó beidh sé sin ag dúl ó Bharr an Chúma síos

an bealach ar fad go Cúil Aodha. Níl aon chaint fós ar a dhul suas arís. Agus mar a bhaineann le muintir Ráth Cairn, cé go bhfuil siad díreach socraithe síos i ndiaidh cúig bliana déag is trí scór ar thalamh méith na Mí, thig leo fios a chur ar na hasail agus ar na carranna arís. Siar arís go Camus leo i ndiaidh na Nollag – agus nuair a deirim i ndiaidh na Nollag, is é Lá ’le Stiofáin atá i gceist agam. Tá Páirtíocht agus páirtíocht ann.

Balor: Fiú más taobh amuigh den ardchathair a bheas chuile dhuine san am atá le teacht, ar a laghad beidh Páirc an Chrócaigh fós ann, agus beidh sé ann le freastal ar an sacar agus an rugbaí fosta, chomh maith leis na cluichí Gaelacha. Níl rún ar bith agat Páirc an Chrócaigh a bhogadh – an bhfuil? Ní thiocfadh leat!

Páirtíocht: Suite go teolaí idir Baile Thoir agus Baile Thiar, ar Oileán Thoraí, a bheas Páirc an Chrócaigh ón bhliain seo chugainn ar aghaidh. Agus i dtaca leis na cluichí gallda, thig le lucht an IRFU agus an FAI dul i mbun cainteanna le Patsy Dan Mac Ruairí. Guím ádh mór orthu.

Balor: Agus guím gríos ar do ghabhal, a bhithiúnaigh gan rath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.