THALL IS ABHUS
Seal in Agua Preta
Seán Greif Seán Greif Seán Greif

Chuir Seán Greif aithne bheag ar mhuintir Agua Preta san Amazóin ach níorbh aon ribín réidh a ghabháil a fhad leo in Agua Preta. B’iomaí scríob a bhí idir é agus a cheann scríbe.

Íomhá
Ag bailiú manioca
Íomhá
Ag cleachtadh an fhiodhbhaic
Íomhá
An taoiseach agus a bhean
Íomhá
Antonio
Íomhá
Cúram an pheata
Íomhá
Is féile a roinn

I sráidbhaile bheag iargúlta san Amasóin a bhí mé. Bhíos lánsásta san áit ach mhothaigh mé go raibh fíorchríocha an Amasóin amuigh romham go fóill. Luaigh mo chairde áit darbh ainm Agua Preta - an t-uisce dubh – mar a raibh treibh dhúchais lonnaithe.

D’fhág mé an sráidbhaile i mo chúlóg ghluaisrothair. Ag deireadh an bhóthairín d’fhág mé slán le mo chara agus thug mé aghaidh ar an dufair de shiúl na gcos. Lean mé cosán cúng isteach chuig feirm bheag. Dúradh liom an abhainn a thrasnú. Bhain mé an bhruach amach ach bhí an abhainn mór, leathan, domhain agus dorcha. Níor ribín réidh é a thrasnú. Chonaiceas iascaire agus ghlaoigh mé amach. Tháinig sé i mo leith. Seanfhear cairdiúil darbh ainm Antonio. Má ba shean, bhí sé láidir scafánta nuair a chonaic tú i gcoinne feacht láidir na habhann é.

Ba shin í an deacracht, an chontúirt bordaithe. Bhíos ag seasamh i láib go dtí an ghlúin agus bhí orm léimt isteach sa churach creathach agus ag an am céanna na píoranna a sheachaint (a d’fhéadfadh greim a bhaint asat fiú agus iad ceithre uaire amach as an uisce). Le hádh agus le faoiseamh d’éirigh liom agus bhaineamar an bhruach thall amach. Níor labhair Antonio mórán ach bhí meanga gáire seasta ar a aghaidh. Bhí sé ag iarraidh an bealach a thaispeáint dom (buíochas le Dia) agus lean mé é isteach sa dufair. Bhaineamar roinnt tithe amach tar éis tamaillín, iad go léir folamh agus ag titim as a chéile. Bhí Antonio ina chónaí anseo. D’inis sé dom go raibh 200 duine anseo fiche bhliain ó shin ach d’fhág siad go léir chun obair a aimsiú sna bailte móra. Fágadh Antonio ina aonar anseo. Thaispeáin sé a theach dom agus thug sé roinnt torthaí dom don turas agus d’fhágamar slán ag a chéile.

Amú faoi Sholas an Lae

Bhíos i m’aonar i ndáiríre anois, ag leanúint cosán dearg a bhí déanta ag ainmhithe. Má bhíonn fonn ort stopadh tagann na mosquitos amach agus téann siad suas i do shróin, i do shúile agus d’fhéadfadh siad greim a thógáil asat trí bhríste gréine fiú. Dá bhrí sin, bhíos beagnach ag rith agus na lusanna spíonacha ag gearradh m’éadaí is mo chraicinn. Bhí mo t-léine greamaithe díom le hallas agus ní raibh mé in ann níos mó ná cúig mhéadar in aon bhealach a fheiceáil sa dufair thiubh. Sheasainn go tobann, scaití, nuair a d’fheicinn damhán alla mór ar crochadh ina líon cúpla centimeadair amach ar m’aghaidh. Amanna eile níor thug mé faoi deara in am deabhal mar é agus ní bheadh a fhios agat go dtí gur mhothaigh tú ocht gcos ag bogadh síos ó d’éadaí ar do chraiceann. Agus mé ag déileáil lena leithéid, níorbh fhada go raibh an bealach beag ná mór caillte agam. Uaireanta bhí thart ar chúig cinn de chosáin mar rogha agus uaireanta eile a mhalairt a bhí os mo chomhair. Agus iad go léir déanta ag na hainmhithe níl mórán céille ag baint leo. Tar éis sé uair i m’aonar, bhí iontas orm nár chas mé leis an treibh a bhí á lorg agam.

Bhíos ag taobhú na habhann ionas nach mbeinn fíorchaillte, go fiú nuair nach mbíodh sé le feiceáil tríd an dufair, mhothaigh mé é mar chrios tarrthála taobh liom. Bhí gach rud agam chun oíche a chaitheamh i m’aonar anseo, ach gan mórán fonn orm é sin a dhéanamh. Mar sin, nuair a chuala mé an trup a dhéanann inneall crochta báid, ghearr mé bealach tríd an fhásra tiubh go bruach na habhann.

Ceann Scríbe

Bhí mé ag fanacht ar an mbruach, i mo líb allais, scríobtha gearrtha agus sáraithe glan amach. Ghlaoigh mé ar an gcurach agus bhí iontas an fhir le feiceáil go soiléir ina shúile. Dúradh liom go ndeachaigh mé roinnt ciliméadar siar thar Agua Preta. Le náire d’adhmaigh mé gur gringo caillte mé agus d’iarr mé air síob a thabhairt dom. D’fhág sé mé ag cosán ag dul suas cnoc beag. Ar an bhealach, casadh dom gasúr a bhí á ní féin i sruthán, agus d’iarr mé air mé a thabhairt chuig taoiseach a threibhe. Agus mé ag fanacht leis, sheas mé faoi chith an tsrutháin chomh maith. Bhí an t-uisce breá fuar agus geal. Mhúscail sé mo chorp agus líonadh mo chuisle le fuinneamh, a threisigh an faoiseamh agus an t-athás a bhí orm an treibh a bhaint amach faoi dheireadh.

Chas mé leis an taoiseach agus chuir sé fáilte mhór romham. Chuaigh mo cháil romham mar bhí sé cloiste acu go raibh mo leithéid ag teacht. Tháinig scéal an gringo loco romham ar chuisle na habhann. Chroch mé m’amóg in airde i mbothán folamh agus d’itheamar dinnéar le chéile. Bhí gach duine lán de cheisteanna agus bhí na páistí cúthalacha ag breathnú orm le súile móra iontais. D’inis siad dom gur mise an chéad turasóir a thug cuairt orthu riamh, agus tar éis an lá a bhí curtha isteach agam, níorbh ionadh liom an méid sin. Chaith mé cúig lá leo, an formhór de le hiníon an taoisigh, Mirica. Mhúin sí dom conas seilg le saighead (ní raibh mé in ann); mhínigh sí an difríocht idir lusanna inite agus na cinn nimhe (ní fhaca mé difríocht ar bith); conas manioca a bhaint agus a ghearradh le machete (bhí sí níos láidre ná mé chomh maith). Fuair sí obair a bhí níos oiriúnaí dom faoi dheireadh. D’imir mé leis an moncaí a bhí acu mar pheata nuair a bhíodh sí ag cócaireacht nó ag ní éadaí agus na fir amuigh ag iascach. Bhí smúid bróin orm ag imeacht tar éis mo chuid ama ina measc, agus ba dheacair slán a rá le mo chairde nua (an peata moncaí san áireamh), ach amháin go raibh mé sásta mo dhroim a chasadh le míoltóga marfacha na háite, na mosquitos.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as BAC an t-údar. Bhain sé céim sa tráchtáil agus sa Ghaeilge amach agus chuaigh ag obair ar mhór-ranna dheisceart an domhain. Tá sé ag cur lena chuid Spáinnise sa Phatagóin faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.