182
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Seo sliocht as [i]Seosamh Mac Grianna: Míreanna Saoil[/i], leabhar nua le Pól Ó Muirí a fhoilseofar ag deireadh na míosa seo.
»»»In eagrán mhí na Samhna de [i]Beo![/i], scríobh Bearnaí Ó Doibhlin faoin dóigh a raibh muintir na hAstráile ag súil le hathrú rialtais. Tá an t-olltoghchán anois thart agus tá rialtas nua i réim sa tír. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú seo?
»»»Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile. Ríomhfaidh Bearnaí Ó Doibhlin an scéal dúinne nár leag súil ar ‘cheann de na heachtraí is iontaí ar dhromchla an domhain’.
»»»Fuair Brian Ó Broin léargas nua ar Manhattan le gairid nuair a thaistil sé féin agus cara leis timpeall an cheantair ar rothair.
»»»Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis an ealaíontóir Ciarraíoch Pauline Bewick faoina saothar agus faoina spéis i reiligiúin an domhain.
»»»Ní fear mór cearrbhachais é Brian Ó Broin ach bhain sé an-sult as sciuird a thug sé ar Atlantic City le deireanas.
»»»Tá an fliúiteadóir fíorchumasach as Béal Feirste, Harry Bradley, tar éis a thríú halbam aonair a sheoladh le deireanas, ceann dar teideal The Night-Rambler’s Companion. Ba léir ón slua a bhí i láthair nuair a seoladh é go raibh go leor ar bís le héisteacht leis. Labhair Antaine Ó Faracháin le Harry féachaint céard a choinníonn amuigh ag stánadh ar an ngealach é.
»»»Tá cosc ar go leor gléasanna leictreonacha ar eitleáin faoi láthair, gutháin shoghluaiste san áireamh, ach d’fhéadfadh athrú a theacht ar an scéal sin sna blianta atá amach romhainn. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Leagadh PJ Mac Gabhann dá rothar blianta ó shin ach maireann an seanghrá rothaíochta ann d’ainneoin na timpiste. Tá sé ag brath rothar nua a cheannach dó féin. Beidh chuile chathair ag éirí níos báúla feasta lena lucht rothaíochta, cathracha na hÉireann mar a chéile.
»»»Thosaigh ‘Teilifís na Gaeilge’ ag craoladh as Baile na hAbhann Oíche Shamhna sé bliana déag ó shin, i ndiaidh feachtas fada a troideadh d’fhonn bealach teilifíse a fháil le freastal ar lucht na Gaeilge. San alt seo ceistíonn duine de na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas sin, Donncha Ó hÉallaithe, dearcadh TG4 i leith na Gaeilge
»»»Má bhíonn siad ag faire orainn, ní miste súil a chaitheamh ar ais orthu. Tá Roseanne Smith ag coinneáil súile ar a bhfuil ag titim amach in airde spéire os ár gcionn.
»»»Cé chaill do chuid airgid anuraidh? Is scáfar a bhfuil roimh gach éinne i dtaca lena gcuid pingneacha a saothraíodh go crua in imeacht na mblianta a choinneáil slán i mbliana arís. Míníonn Maidhc Ó Cathail ar tharla trí scór bliain ó shin nuair a bhuail neamhrialtacht Sráid Wall dual na droinne ar an domhan clár. Ní tada é, is cosúil, dá bhfuil le tarlú go fóill, bíodh sé sin luath nó mall. An tAcht um Nuachóiriú Seirbhísí Airgeadais 1999 a thosaigh géarchéim na linne seo dar le Maidhc Ó Cathail.
»»»Easaontas idir pháirtithe an rialtais, idir pholaiteoirí agus saol na feirmeoireachta agus fíorais astuithe astu féin a chuir Tomas Ó hAodha i mbun méarchláir.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.