Fuair Brian Ó Broin léargas nua ar Manhattan le gairid nuair a thaistil sé féin agus cara leis timpeall an cheantair ar rothair.
Is é an plódú tráchta an chonspóid is déanaí i Nua-Eabhrac. Faoi dheireadh tá glactha ag an gcathair leis go bhfuil an iomarca tráchta ar na sráideanna, agus táthar ag obair ar phleananna chun an trácht sin a mhaolú. Ceann de na moltaí is conspóidí ná táille plódaithe – suim áirithe a d’íocfaí in aghaidh an lae dá dtiomáinfí isteach go Manhattan. Is é méara Nua-Eabhrac, an billiúnaí Michael Bloomberg, a bhfuil ráflaí ag dul timpeall a deir go mbeidh sé ag seasamh d’uachtaránacht Mheiriceá i 2008, a mhol an plean.
Ní mó ná sásta atá tiománaithe Manhattan, mar a thuigfeá, ná pobal na bhfobhailte timpeall air, ach is cosúil gur éirigh go maith leis an bplean i Londain Shasana cheana féin, agus tá an chathair d’aon tuairim go gcaithfear rud éigin a dhéanamh. Tá 1.5 milliún duine ina chónaí ar an oileán, nach bhfuil ach dhá oiread níos mó ná Inis Mór.
I gcathracha dlútha a bhfuil an iomarca tráchta iontu cheana féin, ní fiú bheith ag tiomáint níos mó, ach ní nuacht é sin do phobal cathrach na hÉireann ach oiread, atá i bhfostú i dtranglaim thráchta maidin agus tráthnóna gach lá, agus ní nuacht do mhuintir Nua-Eabhrac níos mó é ach oiread. Dála phobail chathracha na hEorpa, tá pobal Nua-Eabhrac ag tiontú ar an rothar mar mhalairt ar ghluaisteáin.
Go deimhin, eagraítear rás gach bliain ó Brooklyn go Manhattan ina mbíonn rothair, traein faoi thalamh, agus tacsaithe páirteach. Ó thosaigh an rás deich mbliana ó shin, níor chaill an rothar oiread is uair amháin.
Mar gheall ar chomh tapa is atá an rothar mar mhodh taistil cathrach, thug an chathair suntas dó le tamall anois, agus ó 2004 amach, is féidir rothaíocht timpeall imlíne oileán Manhattan (32 mhíle ar fhad) ar raon rothar darb ainm an Manhattan Greenway, gan ach cúig mhíle nó mar sin a chaitheamh ar shráideanna. Éacht pleanála, nuair nach bhfuil oiread is orlach cearnach fágtha ar oileán Manhattan nár “forbraíodh” ar shlí amháin nó ar shlí eile.
Is minic a dhéanann turasóirí dearmad gur oileán atá i Manhattan, croílár Nua-Eabhrac, agus go mba chalafort trádála é i lár cuain i bhfad sular tógadh na droichid agus tolláin a lig don chathair leathnú amach thar uisce go dtí an mhórthír (agus, go deimhin, go dtí oileáin eile sa chuan, mar a tharla le Staten Island). Chinn mé ar lá a chaitheamh le cara ag taiscéalaíocht an oileáin ar an ngréasán rothaíochta seo agus Nua-Eabhrac a fheiceáil ar shlí nua: ón diallait.
Radharc iontachThosaíomar i Nua-Gheirsí, in aice an George Washington Bridge, an t-aon droichead atá ag ceangal an stáit sin leis an oileán, agus is é an radharc is iontaí i Nua-Eabhrac é don té a bhfuil dhá roth aige agus am le spáráil. Tá an droichead, a bhfuil dhá leibhéal air don mhéid ábhalmhór tráchta a úsáideann é gach lá, ciliméadar go leith ar fhad, agus 65 méadar ón uisce thíos faoi.
Oileán fada caol atá i Manhattan, trí mhíle ar leithead agus dhá mhíle dhéag ar fhad. Tá an George Washington Bridge ag teacht isteach ar thaobh thiar thuaidh an oileáin, agus tá do rogha agat an Greenway a thriall deiseal nó tuathal. Roghnaíomarna deiseal, agus chuir an rogha sin muid i gceann de sheancheantair Éireannacha Nua-Eabhrac – Inwood. Nuair a chuaigh an traein faoi thalamh chomh fada leis an áit sin, an ceantar ab fhaide ó thuaidh ar oileán Manhattan, bhog cuid mhaith Éireannach a bhí ag obair sa chóras traenach ansin. Ar ndóigh, bhog na hÉireannaigh chéanna ar aghaidh chomh luath is a d’fhéad siad, agus is ceantar Doiminiceach é anois, rud gur léir duit ón nóiméad a théann tú isteach ann – níl le cloisteáil ó ollchallairí na ngluaisteán ach ceol Spáinneach, á chasadh ar láine a dhúiseodh na mairbh.
Is anseo a thosaigh stair na nEorpach sa cheantar. San áit a bhfuil páirc phoiblí Inwood anois, cheannaigh Peter Minuit, Príomhstiúrthóir na hÍsiltíre Nua, mar a thugtaí air, oileán Manhattan ó Indiaigh an oileáin (dar leis) ar 60 gildear.
Dúitseach ná Indiach ní fheicfidh tú sa cheantar seo anois, ámh. Tá lucht an airgid ag cur na ruaige fiú ar na Doiminicigh anois, agus praghas talaimh i Nua-Eabhrac chomh hard sin.
Is dócha gurb é an rud is áille sa taobh seo tíre, ámh, ná “Na Clabhstraí”, músaem speisialta na Meánaoiseanna ar leis an Metropolitan Museum é. Tógtha mar mhainistir ón Meánaois (agus tá cúpla seomra ann a tógadh as a chéile san Eoraip agus a cuireadh le chéile arís sa mhúsaem), d’fhéadfá lá a chaitheamh san áit gan a fhios a bheith agat in aon chor go raibh tú i lár cathair mhór.
Ó na Clabhstraí, atá suite ar chnoc, níl le feiceáil ach foraois trasna na habhann i Nua-Gheirsí. Tharla seo mar gheall ar an milliúnaí John D. Rockefeller. Eisean a thóg an músaem i 1938, agus thaitin an radharc trasna na habhann chomh mór sin leis gur chinn sé ar an talamh go léir ar thaobh eile na habhann a cheannach, ar eagla go bhforbrófaí é. Ó shin i leith, páirc phoiblí atá sa talamh seo a cheannaigh Rockefeller, a ritheann suas bruach an Hudson ar feadh ceithre mhíle dhéag. Agus ó shin i leith, tá daoine ina suí sa Chlabhstra agus iad ag déanamh iontais den radharc tuaithe seo i lár Nua-Eabhrac.
Déanta na fírinne, is é ceantar an Hudson ceantar na seanmhilliúnaithe le fada – na Rockefellers, na Carnegies, na Morgans agus eile – a bhfuil a n-eastáit le feiceáil go fóill cois abhann, ach is ábhar faoi leith é sin, a phléifidh mé go mion am eile amach anseo.
Seancheantair GhormaIs é tuaisceart Manhattan an chuid is caoile den oileán agus ó na Clabhstraí ó dheas leathnaíonn sé amach go dtí na seancheantair Ghorma – Washington Heights agus Harlem.
Troideadh cathanna i Manhattan aimsir na Réabhlóide, creid nó ná creid. Ós é seo an talamh is airde ar an oileán, chuir Arm Shasana dún air a ghabh fórsaí na saoirse. I mí na Samhna 1776, tháinig fórsaí Shasana ar ais agus fuaireadar athsheilbh ar an dún, mharaigh beagnach céad saighdiúir agus ghabh breis is dhá mhíle. Go deimhin, d’éirigh chomh maith sin leis na Sasanaigh i Nua-Eabhrac gur choimeádadar seilbh ar an gcathair, agus ar Inis Fhada, go dtí 1783.
Cé is moite de chúpla plaic ar Broadway a leanann an cath mar a tharla sé, is beag fianaise atá fágtha ar an oileán go raibh cath ar bith ann riamh.
Harlem, ainmnithe as an gcathair san Ísiltír ar ndóigh, is ea an chéad cheantar eile. Agus tú ag rothaíocht ar Adam Clayton Powell, Jr. Boulevard, Malcolm X Boulevard, Dr Martin Luther King, Jr. Boulevard, agus i Marcus Garvey Park, bheadh a fhios agat go raibh tú i gceantar Gorm. B’as scríbhneoirí an cheantair seo, ar ndóigh, faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil Langston Hughes, a d’eascair an “Harlem Renaissance” sna tríochaidí. Cé gur athraigh an ceantar go mór ó shin, is iad an lucht Gorm an cine is mó san áit go fóill, agus i nDomhnach, mise a bhraith mar bhall de mhionlach agus mé ag dul tríd an gceantar.
Anseo atá an Apollo Theater, a d’oscail do Ghormaigh i 1934 agus a bhfuil cáil dhomhanda air sa lá atá inniu ann mar chroílár na siamsaíochta goirme. Le breis is 20 bliain anois, tá an clár teilifíse “Showtime at the Apollo” á chraoladh ar stáisiúin teilifíse ó cheann ceann na tíre, agus thar lear. Téann 1.5 milliún duine ansin gach bliain chun an amharclann a fheiceáil.
Níl ansin ach blaiseadh beag de Manhattan go fóill. Romhainn tá na Náisiúin Aontaithe, an bád seoil is mó sa chathair, aerfort ar uisce, scoil maidí luascáin, dún Sasanach ón 18ú haois, Wall Street, agus Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir.
Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.