Tá an fliúiteadóir fíorchumasach as Béal Feirste, Harry Bradley, tar éis a thríú halbam aonair a sheoladh le deireanas, ceann dar teideal The Night-Rambler’s Companion. Ba léir ón slua a bhí i láthair nuair a seoladh é go raibh go leor ar bís le héisteacht leis. Labhair Antaine Ó Faracháin le Harry féachaint céard a choinníonn amuigh ag stánadh ar an ngealach é.
Antaine Ó Faracháin: Inis dom i dtosach céard a chuir ag seinm na feadóige móire thú an chéad lá riamh.
Harry Bradley: Bhuel nuair a bhí mé thart ar chúig bliana déag d’aois, thit mé isteach i gcomhluadar le Noel Lenihan agus le Sam Murray. Bhíodh muid ag cuartaíocht i dtithe go mbíodh ceol iontu agus ag dul chuig seisiúin lena chéile thart ar cheantar Bhóthar Ormeau i ndeisceart Bhéal Feirste. Is cuimhin liom cuairt a thabhairt ar an cheardlann a bhí ag Sam Murray ag an am, áit a raibh sé ag déanamh fliúiteanna. Ba dhraíochtach an áit dom í. Ansin chuir muid dráma ar siúl a raibh ceol ann agus bhí ormsa an ceol a fhoghlaim dó! Dráma faoi thuras go Toraigh ar bhád a bhí i gceist agus léirigh muid i dToraigh féin é ar deireadh.
AÓF: An cuimhin leat an chéad uair a chuaigh ceol i bhfeidhm ort?
HB: Bhuel bhí spéis agamsa i gceol punk, an stuif crua ar dtús, ach thosaigh mé ag aithint rud éigin sna Pogues ansin. Creidim go bhfuil ceol den chineál sin cosúil le ceol tíre ach le blas uirbeach air. Tá rud éigin i gcoiteann eatarthu. Chuaigh mé i dtreo an cheoil thraidisiúnta ansin. Is cuimhin liom mo chuid airgid póca (£1.50) a chaitheamh i margadh Smithfield ar albam dúbailte le Séamus Ennis uair amháin. The Fox Chase + The Pure Drop a bhí ann. Is cuimhin liom an bealach a ndeachaigh sin i bhfeidhm orm.
AÓF: Agus an raibh spéis agat sa bhfeadóg mhór ón tús?
HB: Bhuel thosaigh mé ar an fheadóg stáin i dtosach ach mheall stíl Bhéal Feirste ar an bhfeadóg mhór mé ón tús. Tá creathadh áirithe agus rithim bhríomhar inti. Agus ansin thaitin ton na feadóige móire riamh liom. Ní raibh rang foirmeálta riamh agam agus b’fhéidir gur maith an rud é sin fosta mar d’fhoghlaim mé féin ainmneacha na nótaí agus chaithinn b’fhéidir uair go leith ag trascríobh nótaí ó thaifeadadh éigin de thiúin éigin ionas go bhféadfainn í a fhoghlaim. Bhí sé mall ach d’oibrigh sé. D’fhorbair mé cluas an-mhaith dá bharr. Ní gá dom na nótaí a scríobh amach a thuilleadh.
AÓF: Bíonn tú ag seinm ar an bpíb uilleann na laethanta seo freisin, nach mbíonn? Cén bealach a thosaigh sé sin?
HB: Bhí Brenda O’Hare, déantóir píopaí, ina chónaí gar dom agus bhí cara eile agam, Cormac ‘Buzz’ O’Brien, a bhí craiceáilte ar fad i ndiaidh na bpíopaí agus bailiúchán iontach téipeanna aige agus seans agamsa éisteacht leo.
AÓF: The Night-Rambler’s Companion – seo an tríú halbam aonair uait anois, nach ea? Cén t-ainm atá ar na cinn eile a d’eisigh tú roimhe seo?
HB: Bad Turns and Horseshoe Bends agus As I Carelessly Did Stray.
AÓF: Cén chaoi ar tháinig tú ar na hainmneacha sin? An bhfuil scéal taobh thiar díobh?
HB: Bhuel, tá bóthar in Aontroim a thug an smaoineamh dom don chéad cheann. Tá an dara ceann bunaithe ar an chéad líne atá i ndán le Ciarán Carson darb ainm “Wallop the Spot”. Ar ndóigh, tosaíonn go leor amhrán leis an líne sin fosta. Maidir leis an albam nua, chuala mé scéal faoi Jim Coleman, deartháir le Michael Coleman, go raibh eagla air roimh an dorchadas agus nár thaitin sé leis riamh a bheith ag imeacht ina aonar ó theach go teach san oíche ag seinm ceoil. Bhí peata gé aige a thógadh sé leis mar chomhluadar. Sin an fáth a bhfuil an ghé sa phictiúr atá ar chlúdach an diosca agam.
AÓF: Tugaim faoi deara go bhfuil réimse leathan ceoil ar an albam, píosaí as áiteachaí éagsúla sa tír. An mbíonn tú ag éisteacht le réimse leathan ceoil?
HB: Tá an t-uafás téipeanna agam sa bhaile, cinn nach bhfuil ar an mhargadh ar chor ar bith!
AÓF: Bhí tú ag rá liom nach maith leat gigeanna a dhéanamh, is é sin, tú féin a bheith ag déanamh taispeántais ar feadh uair an chloig agus daoine eile a bheith ina suí ag éisteacht leat. Cén fáth sin?
HB: Ní i gcomhthéacs taispeántais a d’fhoghlaim mé an ceol. Nuair a bhíonn tú ar an stáitse bíonn brú ort ceol maith a sholáthar, fiú muna bhfuil sé ag teacht leat. I seisiún, muna bhfuil sé ag teacht leat, is féidir leat sos a thógáil agus fanacht go dtagann an spréach ar ais. Caithfidh an spréach a bheith ann.
AÓF: Céard is seisiún maith ann, dar leatsa?
HB: Shamhlóinn go mbeadh seisiún maith ann dá mbeadh Willie Clancy, Séamus Ennis, Pádraig O’Keeffe, Michael Gorman, Séamus O’Kane agus Barney McKenna i láthair! Caithfidh meas a bheith ag daoine ar a chéile, é a bheith sibhialta. Ba cheart go mbeadh daoine ag iarraidh caighdeán a gcuid ceoil féin a bheith ard. Uaireanta, cuireann seisiúin bac ar fhorbairt an cheoltóra. Má táimid sásta le caighdeán “maith go leor ar éigean” chun seinm i seisiún, an leor é sin? Caithfidh cruth éigin a bheith ar an seisiún agus caighdeán a bheith i gceist.
AÓF: Caithfidh mé a rá go dtaitníonn an pictiúr atá ar chlúdach an albaim go mór liom. Do bhean, Édain O’Donnell, a rinne é; inis dom faoina cuid ealaíne.
HB: Bhain sí céim mháistreachta amach san ealaín agus í an-óg. Tá seal caite aici ag obair i Hollywood ar sheiteanna scannán ar nós “Mission Impossible” agus seal eile ag déanamh staidéir ar mhúrmhaisiú i Meiriceá Theas. Déanann sí clúdaigh anois do dhlúthdhioscaí, agus rudaí eile ar ndóigh. Glacann sí le coimisiúin, go speisialta i múrmhaisiú.
AÓF: Feicim go bhfuil an brabús ón albam seo le bronnadh ar ROKPA International. Cé hiad sin agus céard a dhéanann siad?
HB: Is carthanacht bheag iad. Cabhraíonn siad le daoine atá ina gcónaí ar na sráideanna san Afraic agus le tionscadail oideachasúla agus chultúrtha sa Tibéid agus i Neipeal, ag múineadh amhrán agus damhsa agus ag caomhnú cultúr. Tá eolas le fáil ag www.rokpa.org.
AÓF: An bhfuil suíomh gréasáin agat féin nó conas gur féidir teacht ar The Night-Rambler’s Companion?
HB: Níl aon suíomh agam féin ach is féidir é a fháil ó Na Píobairí Uilleann: www.pipers.ie
AÓF: Ceist amháin eile agam ort. Céard a choinníonn amuigh ag fámaireacht san oíche thú ar aon chaoi?
HB: Mistéir na hoíche agus an seans cúpla tiúin mhaith a sheinm!
Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.