5881
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Chuaigh Edwina Nig Eochaidhean faoi pholl cnaipe de bheith ina Rós Thrá Lí anuraidh agus tá na céadta den dream an-óg meallta léi i mbun damhsa ar an sean-nós ar fud an iarthuaiscirt. Chuaigh Seosamh Mac Muirí ar céilí chuici i Lea’s Tea Room.
»»»Tá Máire Ní Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh sí ag triall ar an Áis níos moille sa bhliain. Sa cheathrú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an drochaimsir a bhí ann nuair a shroich sí Leosóta, an tír bheag atá timpeallaithe ag an Afraic Theas.
»»»Is fliúiteadóir an-bhlasta ar fad í an Baile Átha Cliathach Sarah-Jane Woods. D’fhoghlaim sí a cuid ceoil ó leithéidí Michael Tubridy a sheinn leis na Chieftains tráth agus bíonn sí féin ag múineadh ceoil go minic anois do dhaoine óga. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoina saol mar cheoltóir.
»»»As Dún na nGall í Seosaí Nic Rabhartaigh agus tá sí ag teagasc na Gaeilge in Ollscoil Wisconsin, Milwaukee (UWM) faoi láthair. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair léi faoina cuid oibre agus faoi bheith ag tógáil a cuid páistí le Gaeilge i Meiriceá.
»»»‘Ceart is cóir dó’ a deir Colm Mac Séalaigh, ‘ní raibh ann ach gur shin sé lámh chuidithe amach ar son a thíre’.
»»»Tá dhá scannán molta ag Pat Butler an iarraidh seo. Deir sé gur scannáin eisceachtúla iad agus táid ar a gcamchuaird pictiúrlainne faoi láthair.
»»»Tá an baol ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh tíortha Arabacha as earraí Éireannacha a cheannach má bhraitheann siad go bhfuil muid ag tacú leis na Stáit Aontaithe agus leis an Bhreatain sa chogadh in aghaidh na hIaráice.
»»»Seo dráma le Micheál Ó Conghaile atá bunaithe ar scannán Wim Wenders, Paris Texas. Is é Sam Shepard a scríobh an bhunscript agus is é Diarmuid de Faoite a rinne an script a chóiriú don dráma.
»»»Am corrach i stair na Fraince atá faoi thrácht ag PJ Mac Gabhann as Páras. Daoine á bhfuadach, á gcéasadh is á gcartadh marbh i dtalamh gan taise. Daoine eile ag iarraidh éalú ar ais nó ar éigean. An t-am seo bliana 1940 a thosaigh an drochobair.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh tréimhse phléisiúrtha i dTír na mBascach sa Spáinn an samhradh seo.
»»»Spreag graifítí ar bhalla sa chomharsain aige Robert McMillen i mbun machnaimh, tharla gur ag cur i gcoinne Sinn Féin go láidir a bhí an graifítí sa ‘ceantar is láidre Sinn Féin in Éirinn’. Cad é tá ag titim amach i ndáiríre in áiteanna mar sin? An bhfuil bá na cosmhuintire ag trá i gceantair ó thuaidh? Bhí Robert ag cíoradh na ceiste.
»»»Tá gaolta na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh i dtubaiste Hillsborough i 1989 fós ag cur brú ar na húdaráis chun fiosrúchán ceart a chur ar bun le teacht ar an fhírinne. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Cé go bhfuil sé bliain ó fuair Pádraig Ó Cléirigh, dlúthchara le Colm Ó Snodaigh, bás, is minic Colm ag smaoineamh air fós.
»»»Tá an-dochar déanta ag príomhoidí áirithe i gcoláistí tríú leibhéal i Sasana do na hinstitiúidí a bhfuil siad i gceannas orthu agus tá eagla ar Tony Birtill go dtarlóidh an rud céanna sna scoileanna má chuirtear moltaí an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna i bhfeidhm.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.