Tá an baol ann, dar le Dónall Ó Maolfabhail, go n-éireoidh tíortha Arabacha as earraí Éireannacha a cheannach má bhraitheann siad go bhfuil muid ag tacú leis na Stáit Aontaithe agus leis an Bhreatain sa chogadh in aghaidh na hIaráice.
An mhí seo caite, le linn díospóireachta sa Dáil faoi aerfhórsa Stát Aontaithe Mheiriceá (SAM) a bheith ag úsáid Aerfort na Sionainne, d’admhaigh an Taoiseach ar deireadh thiar thall gur dócha go raibh an stát beag seo ar liosta na dtíortha ar a dtugann George Bush “The Coalition of the Willing”. Is ar éigean a tuairiscíodh ráiteas an Taoisigh i measc Mhoslamaigh thuaisceart na hAfraice agus an Mheánoirthir. Ach má thagann siad féin ar an tuairim go bhfuil Éire ag cabhrú leis na comhghuaillithe i ndúnmharú mhuintir na hIaráice, d’fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór dá bharr.
Léachtóir ar chúrsaí an Mheánoirthir in Ollscoil Londain é Paul Lalor, agus chomh fada agus a bhaineann sé leis siúd ní raibh dearcadh chomh diúltach riamh in an-chuid tíortha sa Mheánoirthear agus i dtuaisceart na hAfraice i leith SAM agus Tony Blair is atá faoi láthair. Tá bratacha SAM agus na Breataine á ndó go rialta ag léirsithe frithchogaidh san Araib Shádach, sa tSúdáin, sa tSiria, sa Phalaistín, sa Libia, sa Liobáin, san Iordáin, san Iaráic, san Iaráin, in Éimín, san Ailgéir, agus san Éigipt. Tá na figiúirí go léir san alt seo bunaithe ar an trádáil a dhéanaimid leis na tíortha seo.
De réir figiúirí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh, in 2001 b’fhiú €650m easpórtálacha ón tír seo chuig na tíortha thuasluaite go léir le chéile. Sin, áfach, níos lú ná 1% dár n-easpórtáil dhomhanda agus níos lú ná 1% dár n-olltáirgeacht náisiúnta don bhliain chéanna. Mar sin féin tá tionscail áirithe sa tír ag brath go mór ar mhargaí na dtíortha seo. Bia agus beostoc, ceimiceáin, innealra agus fearas iompair thar aon rud eile is mó a dhíolaimid leo. In 2001 b’fhiú €290m, €129m agus €216m faoi seach na hearraí thuas. As na tíortha thuasluaite is iad an Éigipt agus an Aráib Shádach is mó a cheanaíonn earraí Éireannacha.
De réir Phríomhfheidhmeannach Chumann Easpórtálaithe na hÉireann, John Whelan, tá an cogadh ag cothú fadhbanna cheana féin do chomhlachtaí atá ag trádáil leis an taobh seo den domhan. “Tá sé ag cur as d’iompar earraí ar eitleáin agus ar bháid, go háirithe sa tionscal bia.” Creideann sé freisin go bhfuil baol ann go ndéanfaidh tíortha áirithe a míshásamh maidir leis an chogadh a léiriú trí dhiúltú comhlachtaí ó thíortha na gcomhghuaillithe a íoc as a gcuid earraí nó b’fhéidir fiú cosc iomlán a chur ar aon trádáil leis na tíortha céanna.
Tacaíonn an tUasal Lalor leis an tuairim seo. Deir sé: “Sular thosaigh an cogadh níor chreid mé go raibh meon an phobail chomh láidir sin in aon cheann de thíortha an Mheánoirthir le go mbeadh athrú réimis mar thoradh air, sin le rá athrú go réimeas a bheadh i gcoinne trádála leis an iarthar. Ach de réir mar a théann an cogadh seo ar aghaidh is lú atá mé cinnte nach dtarlóidh a leithéid.” Tá fianaise ann fiú go raibh daoine san Aráib Shádach ag diúltú earraí Meiriceánacha a cheannach sular thosaigh an cogadh.. Agus le déanaí d’eisigh Shaykh Ahmad Kaftaru, ardcheannaire reiligiúnda i bPoblacht na Siria, ráiteas ag iarraidh ar Mhoslamaigh ar fud an domhain baghcat a dhéanamh ar earraí ó SAM, ón Bhreatain agus óna gcomhghuaillithe.
An tionscal bia thíos leis
Faoi láthair is comhlachtaí sa tionscal bia in Éirinn is mó a bheadh thíos le haon bhaghcat. Ó thaobh bia agus beostoic de, chuaigh 5% den bhia a rinneamar a easpórtáil in 2001 chuig an Mheánoirthear. Fiú sular thosaigh an cogadh, bhí easpórtáil bia chuig na tíortha seo tar éis titim 11% sa chéad 9 mí de 2002, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2001. De réir fhigiúirí na Príomh-Oifige Staidrimh, “miscellaneous edible products and preparations” a thugtar ar 80% den bhia a easpórtáiltear chuig an Mheánoirthear. Mar shampla, déanann an Aráib Shádach €88m de bhia den saghas seo a cheannach uainn, an Liobáin €16m agus an Éigipt €15m. Tuigtear do Beo! gur meadhg agus breiseáin bhia a bhformhór.
Is é an dara saghas bia is mó a dhéanaimid a easpórtáil ná iasc. Téann 4% de na easpórtálacha éisc as Éirinn chuig na tíortha atá faoi chaibidil anseo, beagnach 100% chuig an Éigipt, agus b’fhiú €18m é seo in 2001. Maicréal agus scadán atá i gceist den chuid is mó. Sa chéad naoi mí de 2002, thit an margadh seo 50%, ó €14m go beagnach €9m. Meathlú san Éigipt ar an iomlán ba chúis leis seo. Ach tá an t-ardú i bpraghas na hola de bharr an chogaidh ag cur leis an fhadhb.
Deir Feidhmeanach Taighde Margaíochta agus Eolais Bhord Iascaigh Mhara, Richard Donnelly: “I gcás na scadán a easpórtáiltear chuig an Éigipt, ní dhéantar ach brabús de €10 nó €20 in aghaidh an tonna. Dá bhrí sin, cuireann aon ardú i bpraghas na hola isteach go mór ar an tionscal.” De réir Tony Byrne ón chomhlacht próiseála éisc Norfish, atá lonnaithe i nDún na nGall, tagann 10% dá theacht isteach ón mhargadh Éigipteach agus dá dteipfeadh air sin chaillfí postanna.
Seachas an tionscal bia d’fhéadfadh seasamh na tíre seo i leith an chogaidh cur as do chomhlachtaí atá lárnach i ndéanamh innealra agus fearais thaistil, go háirithe na comhlachtaí a dhéanann innealra oifige, mar aon le fearas teileachumarsáide agus fuaime. Cé nach ndeachaigh ach 1% den ábhar seo chuig na tíortha atá á scrúdú againn in 2001, b’fhiú fós €215m an margadh seo d’Éirinn. Níos lú ná 1% d’easpórtáil ceimiceán a théann chuig an réigiún freisin, ach fós féin in 2001 b’fhiú €129m é seo. Ábhar leighis agus ábhar poitigéireachta, mar aon le cumhráin agus gallúnach, is ea 85% den ábhar seo.
Oifig nua
Ag tús na bliana seo d’oscail Fiontraíocht Éireann oifig nua i nDubai. Ainneoin go bhfuil an méid trádála a dhéanann Éire leis an Mheánoirthear beag go maith, léiríonn oscailt na hoifige seo go gcreidtear go bhfuil féidearthachtaí móra do chomhlachtaí Éireannacha maidir le margaí nua sa taobh sin den domhan. Deir Nick Marmion, atá i bhfeighil na hoifige: “Mar gheall ar mheathlú eacnamaíoch na hEorpa agus SAM, tá sé riachtanach go ndéanfadh comhlachtaí Éireannacha margaí nua a aimsiú. Tá easpórtáil earraí Éireannacha chuig Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ag fás 20% le tamall de bhlianta anuas.” Creideann sé go bhféadfadh a mhacasamhail tarlú i go leor tíortha eile sa réigiún. “Tá deiseanna iontacha sa cheantar do chomhlachtaí Éireannacha a dhéanann bogearraí ríomhaireachta agus teileachumarsáide, mar aon le huirlísí leighis,” deir sé.
Le déanaí bhí seastán ag dhá chomhlacht Éireannacha, Abbots Pharmaceuticals agus comhlacht beag ó Dhroichead Átha, ag aonach trádála earraí leighis i nDubai. Creideann urlabhraí IBEC ar bhia, Ciaran Fitzgerald, go bhfuil féidearthacht iontach sa Mheánoirthear agus i dtuaisceart na hAfraice don tionscal mairteola. Thart ar dheich mbliana ó shin bhíomar ag easpórtáil níos mó mairteola chuig an réigiún ná aon earra eile. Ag an am sin d’imigh an tríú cuid dár n-easpórtálacha mairteola chuig tuaisceart na hAfraice. In 2001 ní dheachaigh ach 1% ansin.
Cúpla bliain ó shin chuir an tAontas Eorpach tús le sraith cainteanna ar tugadh Próiseas Barcelona orthu. Mar chuid den phróiseas seo tá súil ag an Aontas conradh saorthrádala a chur i bhfeidhm faoin mbliain 2010, conradh a mbeidh na tíortha go léir i dTuaisceart na hAfraice atá ar an Mheánmhuir páirteach ann. I bhformhór na dtíortha seo tá an fuath don “Coalition of the Willing” ag méadú in aghaidh an lae. Ná cuireadh sé iontas ar aon duine más comhlachtaí Francacha agus Gearmánacha seachas cinn Bhriotanacha agus Éireannacha is mó a thiocfaidh i dtír ar na margaí nua a osclóidh Próiseas Barcelona.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag d’fhoilseacháin éagsúla.