THALL IS ABHUS
Cosa siúlacha! (Cuid 4)
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Tá Máire Ní Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh sí ag triall ar an Áis níos moille sa bhliain. Sa cheathrú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an drochaimsir a bhí ann nuair a shroich sí Leosóta, an tír bheag atá timpeallaithe ag an Afraic Theas.

Íomhá
Íomhá
An bóthar go Malealea
Íomhá
Máire Ní Chuagáin (ar dheis) ag marcaíocht ar chapall i Malealea

Dá ndéarfadh aon duine liom coicís ó shin go mbeinn ag siúl seacht gciliméadar thar shléibhte Leosóta, agus sneachta ag séideadh i m’aghaidh, sneachta ar gach taobh díom agus mála mór trom ar mo dhroim, is cinnte nach gcreidfinn é. Ach sin mar a bhíonn agus tú ag taisteal – tarlaíonn an rud nach bhfuil tú ag súil leis go minic! Agus sin mar a tharla dom sa tírín beag álainn sin, Leosóta.

Rinneamar ár mbealach go Leosóta trí Free State na hAfraice Theas, agus an aimsir fuar agus fliuch. Chomh luath is a bhí an teorainn trasnaithe agam, bhraith mé go raibh an tírín beag seo go hiomlán difriúil óna chomharsa bhéal dorais. Ar an gcéad dul síos, ní raibh aghaidh gheal eile le feiscint áit ar bith. Bhí an t-atmaisféar, an fuinneamh, an ghluaiseacht, an bia fiú, i bhfad níos “Afracaí”. Agus b’in an rud a bhí uaim.

Is é blaincéad Basotho culaith náisiúnta Leosóta, agus is iontach an radharc é na sluaite daoine a fheiscint agus iad ar fad ag caitheamh na mblaincéad ildaite seo. Ghlac mise leis go raibh siad á gcaitheamh mar gheall ar an bhfuacht amháin, ach tá bríonna éagsúla sóisialta ag baint leis na dathanna agus an stíl ina gcaitear iad.

Rinneamar ár mbealach díreach go Malealea, in Ardchríocha na tíre. Chomh luath is a chonaic mé an mionbhus a bhí in ainm is muid a thabhairt go dtí ár gceann scríbe, dúirt mé liom féin nach raibh dóigh ar bith go mbeadh spás ann dúinn go léir agus d’ár malaí ar fad. Ach, mar a tharlaíonn i gcónaí, rinne siad spás dúinn, agus le hualach mo mhála ar mo ghlúine, bhuaileamar bóthar.

Bhí an sneachta ag titim i Maseru, príomhchathair na tíre, ach de réir mar a chuamar in airde sna sléibhte, d’éirigh an sneachta ní ba mheasa agus ní ba mheasa. Roimh i bhfad, ní rabhamar in ann ach an sneachta a fheiscint tríd an bhfuinneog! Seacht gciliméadar ó bhaile Malealea, stop an bus, dúirt an tiománaí go raibh sé róchontúirteach leanúint ar aghaidh, agus amach as an mbus linn ar fad. Ar ndóigh, ní rabhamar 100% cinnte faoin tsiúlóid a dhéanamh, ach dúirt an bhean áitiúil in aice linn “Céard eile is féidir linn a dhéanamh?”! Is dócha go raibh an ceart aici, agus leis an meon sin, thosaíomar ag siúl. Seacht gciliméadar a bhí le cur isteach againn agus é iontach fuar agus na málaí an-trom. Glac uaimse é go rabhamar breá sásta baile Malealea agus Malealea Lodge a fheiscint!

B’ionad trádála é Malealea Lodge tráth dá raibh, ach sa lá atá inniu ann is iad marcaíocht capall, cnocadóireacht agus lóistín an príomhghnó ata ar bun ann.

Tar éis dhá lá den sneachta ba mheasa a chonacthas sa tír le 40 bliain anuas, bhí sé iontach ar fad nuair a tháinig an ghrian amach agus bhíomar in ann na radharcanna áille a bhí thart timpeall orainn a fheiscint.

Baintear an-úsáid as an gcapaillín Basotho sa cheantar – bíonn muintir na háite le feiscint ag marcaíocht idir baile amháin agus baile eile orthu. Bhí sé de phribhléid againn dul amach ar na capaillíní iontacha seo ar feadh sé huaire an chloig. Ní smaoineoinn riamh ar dhul suas nó síos aill ar chapall in Éirinn, ach níor chuir sé isteach nó amach ar na capaillíní seo. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an tírdhreach agus ar an suaimhneas thuas ansin i sléibhte Leosóta.

Chuir Rialtas na hÉireann maoiniú ar fáil don Basotho Pony Association agus chaith roinnt de na treoraithe i Malealea am in Éirinn ag traenáil dá gceird.

Tá sé le feiscint go soiléir go bhfuil tionchar an-dearfach ag Malealea Lodge ar an bpobal áitiúil, go háirithe ó thaobh fostaíochta de. Bhí muintir na háite beoga agus cineálta, agus is cinnte go bhfuil a lán cúiseanna acu le bheith bródúil, go háirithe agus cónaí orthu i gceantar chomh hálainn sin.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.