CÚINNE NA nEALAÍON
Ag máirseáil i dtreo na gréine
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Cé go bhfuil sé bliain ó fuair Pádraig Ó Cléirigh, dlúthchara le Colm Ó Snodaigh, bás, is minic Colm ag smaoineamh air fós.

Íomhá
Grianghraf: Colm Ó Snodaigh
Íomhá
Grianghraf: Colm Ó Snodaigh
Íomhá
Grianghraf: Colm Ó Snodaigh

Fuar mar mhaidin. Fuar mar is dual do mhaidin Eanáir. Fuar, scamallach beagáinín binbeach, gaofar. Fuar agus liath. Slua beag againn bailithe ag an uaigh. Cnocán Argos, Cros Araild. Tá sé bliain anois ó cuireadh Pádraig. Ar a laghad níl an bháisteach linn.

Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.

Tagann rabharta cuimhní chugam. Pádraig an rógaire spleodrach, a shúile lán damhsa agus diabhlaíochta. Pádraig nár dhúisigh in am riamh. Pádraig a chaith folt bréige beagnach a shaol fásta uilig. Pádraig a thit as a chéile chomh minic céanna is a chuir sé é féin ar ais le chéile arís. Pádraig gona chuimhne fhíorghéar. Pádraig an scéalaí. Pádraig a rinne taifeadadh orainn mar pháistí, ag cabaireacht is ag canadh. Pádraig agus a Mhini-Minor a raibh poill san urlár. Pádraig nár chodail i gceart riamh. Pádraig gona dhaonnacht ghealgháireach agus fírinne thragóideach. Pádraig a mháirseáil trína shaol i gcónaí, fiú más i gcoinne easa a bhí an mháirseáil chéanna.

Tagann scéal chugam a d’inis sé do Rachel Eoin oíche Chéadaoin amháin sa Palace Bar. D’inis sé di faoi bhean álainn amháin lena raibh sé geallta agus gur eagraíodar bualadh le chéile sa Palace oíche Shathairn áirithe. Nár éirigh leis dul le bualadh léi mar go raibh air fanacht sa bhaile le haire a thabhairt dá mháthair thinn. Nár éirigh leis dul i dteagmháil léi ar feadh seachtaine (ní raibh fón aici sa tigh; tús na seascaidí a bhí ann). Agus nuair a bhuaileadar le chéile an tseachtain dár gcionn go raibh an draíocht ídithe, an gaol thart agus an Palace Bar lán.

Tugtar bileoga amach agus focail “Mo Ghile Mear” orthu. Cantar é go hard. Sna seachtóidí, nuair a bhí m’athair ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, bhí Pádraig ar dhuine de na daoine a lean é agus a sheas leis agus iad ag taisteal timpeall na tíre. Agus an bua bainte amach acu i dtoghchán an uachtaráin, chanaidís “Mo Ghile Mear”. Cuimhním siar anois ar ghrianghraf de m’athair ar nuacht RTÉ agus an léitheoir nuachta ag rá gur toghadh é ina uachtarán. Ag an am, bhíos i gcónaí ag iarraidh a shamhlú cá raibh m’athair – bhíos ag ceapadh gur sa stiúideo teilifíse a bhí sé. Anois, áfach, tuigim go raibh sé i dtábhairne le Pádraig agus dream tacaithe eile ag ól pionta agus iad ag ceiliúradh le bleaist eile de “Mo Ghile Mear”.

Bhí seomra ag bun an tí ar cíos ag Pádraig inár dtighne agus muid ag fás aníos. Maidin amháin agus muid ag dul ar scoil, thug duine den seisear Snodach óg faoi deara go raibh fuinneog Phádraig briste. Is amhlaidh gur fhág cailín é an oíche roimhe sin agus go ndeachaigh sé ag ól ina dhiaidh sin lena bhrón a bhá. Agus é fillte abhaile, lán cumha agus feirge, do bhris sé an fhuinneog lena lámha.

Bhí sé ceart go leor – cúpla mionghearradh ar a lámha – ach níos déanaí chuala muid go raibh a chroí briste i smidiríní. Blianta ina dhiaidh sin, chuala muid gur thiomáin sé trasna go Leeds Shasana nuair a chuala sé go raibh an bhean chéanna chun pósadh, gur sheas sé i gcúl na heaglaise agus gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh nuair a bhí seisean chomh mór sin i ngrá léi, dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint. Ruaigeadh go garbh as an eaglais é agus thiomáin sé an bóthar abhaile go mall uaigneach croíbhriste.

Tá Theo ag cur ceiste ar mian le haon duine eile aon ní a rá. Seasaim amach níos gaire don uaigh. Tá sé deacair orm labhairt óir tá mo scornach lán le mothúcháin mar a bheadh pota lán le huisce ag fiuchadh. Tá mo cheann suaite faoi nithe eile agus níl an ócáid seo ag cuidiú puinn. Deirim go piachánach gur chumas píosa ceoil le gairid. Is éard atá mé ag tabhairt air ná “Máirseáil Phádraig Uí Chléirigh”. Níl sé brónach mar phíosa ach lán le spleodar, le brí, le beocht, le damhsa, le cinnteacht, le dath, le ceol. Seinnim an fonn agus samhlaím Pádraig agus cailín, pé cailín ar mian leis, lena thaobh ag máirseáil lámh le lámh i dtreo na gréine.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.