CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Paris Texas
Micheál Ó Conghaile Micheál Ó Conghaile Micheál Ó Conghaile

Seo dráma le Micheál Ó Conghaile atá bunaithe ar scannán Wim Wenders, Paris Texas. Is é Sam Shepard a scríobh an bhunscript agus is é Diarmuid de Faoite a rinne an script a chóiriú don dráma.

Líon lucht féachana: 10.

Tarlaíonn aicsean an scannáin bheo seo in insealbhú ciorclach, áit a suíonn an lucht féachana i seomraí aonair i bhfoisceacht ceithre throigh de na haisteoirí.

Príobháideach, pearsanta agus cóngarach, caitheann an t-insealbhú isteach sa scannán muid nó is muide an bheirt sin, muide atá close-up, muide atá ar thóir faoistine.

Seo mar atá, maith dúinn ár bpeacaí.

An Scéal:

Siúlann TRAVIS (Travis) isteach ón bhfásach, é fágtha balbh ag a eachtra, tar éis dó a bheith ar shiúl le ceithre bliana anuas. Feiceann sé JANE (Jane), leanann sé í nó go gcasann sé léi i bpeepshow. Labhraíonn sa deireadh agus insíonn scéal a gcaidrimh di.

Radharc 1:

(Tá an lucht féachana cruinnithe le chéile sa foyer nó sa mbeár. Tá an “doirseoir” ann, tux nó culaith phimp air. Siúlann Travis isteach, é ag caitheamh caipín baseball dearg, seanchulaith dúghorm pinstripe, bróga caite, léine bhán agus buidéal plaisteach dhá lítear is é folamh. Breathnaíonn thart mar a bheadh ainmhí fiáin ann. Déanann sé caol díreach ar ghloine ina bhfuil cúpla ice cube. Itheann sé ceann agus titeann sé i laige.

DOIRSEOIR:

Céard sa diabhal … Mura a’d atá an muinéal. (Tugann sé cic dhó ach ní chorraíonn sé) Sorry folks (agus é ag iompar an fhir déirce seo amach as an seomra. Tagann se ar ais) Ok, ticéid a chairde.* (Tógann sé ticéid agus taispeánann sé uimhir (1-10) ar chárta plaisteach dóibh, os comhair a n-aghaidhe) Sin é d’uimhirse, a dhuine uasail. Sin é uimhir do bhosca. Tá tusa in uimhir a dó, a dhuine uasail. *Booth uimhir a trí dhuitse srl., srl., (Tar éis cúpla ceann ní gá dhó tada a rá. Nuair atá an obair seo déanta aige téann sé go dtí an deasc fáiltithe/cúntar an bheáir, a dhroim linn. Idir an dá linn tá Travis tar éis teacht isteach arís. Seasann nó suíonn sé le téipthaifeadán. Labhrann isteach ann)

TRAVIS:

Hunter, mise atá anseo. Theastaigh uaim rud éicint a rá leat agus bhí faitíos orm nach mbeinn in ann é a rá leat go pearsanta, agus sin a fhágann ag caint leat mar seo mé, san áit seo. Nuair a chonaic mé ar dtús thú an babhta seo, bhí chuile dhóchas a’m. Dóchas go bhféadfainn a ‘spáint dhuit gur mé d’athair. ‘Spáin tusa dhomsa gur mé. Ach ní bhfaighidh mé mian mo chroí choíche. Tá a fhios a’m é sin anois. Le do mháthair is cóir duitse a bheith.

(Tagann Jane isteach, geansaí nó gúna gearr bándearg á chaitheamh aici agus droim fada oscailte air. Teannta dubha. Spéaclaí gréine. Gruaig dhíreach fhionn. Ceol TK 1, P,T. Déanann sí caol díreach ar an deasc fáiltithe, faigheann gloine uisce, lasann toitín, droim linn. Déanann Travis uirthi ach stopann an Doirseoir é.

DOIRSEOIR:

A dhuine uasail. (Tagann níos gaire dó) Tá tú san áit mhícheart. Thíos staighre atá na cailíní ar fad. (Cúlaíonn Travis. Casann Jane timpeall ach ní fheiceann sí é)

GLÓR:

Sadie, booth 11. Sadie, booth 11.

(Tosaíonn Jane ag siúl. Leanann Travis í. Leanann an lucht féachana Travis. Leanann an doirseoir iad. Téann go dtí an t-insealbhú ar chúl slí éigin, m.s. an staighre cúil suas go dtí an stiúideo. Ag bun an staighre sin tá cut out de Dhealbh na Saoirse, is cosúil go bhfuil lámh na deilbhe ár dtreorú. Ag doras na hamhraclainne (stiúideo) tá scríofa: Sm/Rm 1520. Osclaíonn an doirseoir an doras dúinn. Sa stiúideo, feiceann muid an t-insealbhú faoi scáth an dorchadais. Tagann strobe air.

DOIRSEOIR:

Freagraíonn uimhreacha bhur dticéad d’uimhreacha bhur mboothanna.

* (Tá Travis san insealbhú cheana féin. Níl sise le feiceáíl. Piocann sé suas an guthán)*

GLÓR: * Yeah*, cé atá uait?

TRAVIS: * Ah yeah*, táim ag iarraidh cailín fionn le gruaig ghearr a fheiceáil, timpeall chúig bliana fichead d’aois.

GLÓR:

Ok, tá sí ar a bealach anuas. Fan ar an líne.

* (Clúdaíonn Travis a aghaidh agus seiceálann cén sórt fuinneoige atá os a chomhair amach. Tagann Jane isteach.)*

JANE

Hi.

(Baintear geit as Travis)

An bhfuil tú amuigh ansin? Tá sé ceart go leor muna dteastaíonn uait labhairt, an dtuigeann tú. Bíonn scaití ann nuair nach dteastaíonn uaim féin labhairt ach oiread. Is maith liom fanacht i mo thost. (Sos beag) An miste leat má shuím síos? (Téann sí suas go dtí an pána gloine agus stánann isteach) An miste leat má shuím síos?

TRAVIS:

Ní miste.

JANE:

(déanann gáire). Go raibh maith a’d. (agus suíonn ag an am céanna) Éiríonn mo chosa cineál tuirseach is mé i mo sheasamh an t-am ar fad. An raibh tú anseo cheana?

TRAVIS:

Ní raibh.

JANE: * Oh. (Gáiríonn)* Bhuel tógann sé tamaillín fáil cleachtaithe ar an áit seo. Tuigeann tú nach féidir liomsa thú a fheiceáil, cé gur féidir leatsa mise a fheiceáil. An bhfuil mé ag breathnú isteach i d’aghaidh anois? Ó, in ainm Dé, nach cuma. Má, ahm, má tá tú ag iarraidh labhairt faoi aon rud faoi leith, tabharfaidh mé cluas le héisteacht duit. Alright? Éisteoir cúramach mé. Tá cleachtadh na mblianta a’m air. (sos) An bhfuil rud éicint … níl fhios a’m ... rud éicint is féidir liom a dhéanamh dhuit? An miste leat má bhainim díom mo gheansaí? Bainfidh mé díom mo gheansaí.

TRAVIS:

Ná bain. Ná bain. Ná bain! Ná bain, más é do thoil é! Fág ort é.

JANE:

Tá brón orm, ach níl fhios a’m céard atá uait go díreach.

TRAVIS:

Níl tada uaim.

JANE:

Bhuel céard a thug isteach anseo thú mar sin?

(Sos)

TRAVIS:

An bhféadfainn rud éicint a inseacht dhuit?

JANE:

Cinnte, rud ar bith is maith leat.

TRAVIS:

Tógfaidh sé tamaillín.

JANE:

Bhuel, tá dalladh ama a’msa.

TRAVIS:

Go raibh maith a’d as éisteacht.

JANE:

Ó, is féidir leat labhairt liomsa, faoi rún ar ndóigh.

* Seiceálann arís nach bhfuil sé le feiceáil. Casann timpeall ar fad ón ngloine agus deir:*

TRAVIS:

Bhí aithne a’m ar na daoine seo …

JANE:

Cé na daoine?

TRAVIS:

An bheirt áirithe seo, (casacht) bhí siad i ngrá lena chéile. Bhí an cailín an-óg. Seacht déag nó ocht déag sílim, agus bhí an *lad * i bhfad níos sine agus bhí sé cineál giobalach agus fiáin, ach bhí sise go hálainn, an dtuigeann tú.

JANE: * Yeah*.

TRAVIS:

Agus nuair a bhíodh an bheirt acu le chéile … eachtra ab ea an saol uile dóibh. Agus thaithin sé sin léise. Fiú rudaí beaga bídeacha ar nós turas chuig an siopa, ba rud mór a bheadh ann dóibh. Agus bhídís i gcónaí ag spraoi is ag gáire faoi na rudaí ba seafóidí. Thaithin sé leis gáireachaí a bhaint aisti, agus is beag aird a bhíodh acu ar thada eile ... mar nach raibh uathu ach a bheith i gcomhluadar a chéile. Bhídís i gcónaí i bhfochair a chéile.

JANE:

Is cosúil go raibh siad thar a bheith sásta.

TRAVIS:

Bhí siad … thar a bheith sásta. Agus bhí níos mó grá aige dise, ná mar a cheap sé a bhí sa saol mór ar fad. (tocht air). Bhíodh an ghráin aige a bheith scartha uaithi ar feadh an lae ionas go gcaithfeadh sé in aer a jab le go bhféadfadh sé fanacht sa mbaile léi. D’fhaigheadh sé jab eile ansin ar feadh tréimhse nuair a bhíodh an t-airgead caite, ach chaitheadh sé in aer aríst é. Ach ba ghearr gur thosaigh sise ag éirí imníoch.

JANE:

Faoi céard?

TRAVIS:

Airgead is dóigh, easpa airgid.

JANE: * Hmph*!

TRAVIS:

Gan tuairim a bheith aici cé as a dtiocfadh an chéad phingin eile.

JANE: * Yeah, tuigim sin *alright. (Gáire beag léi féin)

TRAVIS: * So*, ba ghearr gur bhuail imní an tsaoil é féin.

JANE:

Céard atá i gceist a’d?

TRAVIS:

Bhuel bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé jab a fháil agus saothrú ar a son, ach ní fhéadfadh sé í a fhágáil ar ór ná ar airgead.

JANE: * Ah*, tuigim.

TRAVIS:

Agus dá mhinicí dá mbíodh sé imithe uaithi, ba ea ba mhó a mhisseáladh sé í, nó go ndeachaigh sé glan as a mheabhair mar gheall uirthi. Agus thosaigh chuile chineál ruda ag teacht isteach ina intinn.

JANE:

Ar nós céard?

TRAVIS:

Bhíodh sé ag ceapadh go mbíodh sí ag plé le fir eile taobh thiar dá dhroim. D’fhilleadh sé abhaile ón obair agus chuireadh sé ina leith gur chaith sí an lá le duine éicint eile, agus thosaíodh sé ag screadach uirthi ansin agus ag briseadh rudaí sa mobile.

JANE:

(Ag tuiscint/aithint)Sa mobile!

TRAVIS:

Sea, i *mobile home *a chónaigh siad.

(Sos)

Ar aon nós, chuaigh sé ar an ól ansin, go trom, agus d’fhanadh sé amuigh deireanach go bhfeicfeadh sé céard a tharlódh.

JANE:

Céard a tharlódh?

TRAVIS:

Go bhfeicfeadh sé an dtiocfadh éad uirthi.

JANE:

(Gáire) Mm.

TRAVIS

Bhí sé ag iarraidh go dtiocfadh éad uirthi ach níor tháinig. Ach is amhlaidh a mhéadaigh a himní faoi agus sé an chaoi ar chuir sé sin as a mheabhair tuilleadh é.

JANE:

Cén fáth?

TRAVIS:

Mar cheap sé mura dtiocfaidh éad uirthi choíche leis, nach raibh fíorghrá aici dhó. B’ionann éad agus comhartha an ghrá dósan. (Ceol ag tosú) Agus ansin oíche amháin, oíche amháin dúirt sí leis go raibh sí ag iompar, go raibh sí trí nó cheithre mhí ag iompar agus gan cliú aigesean. Agus ansin go tobann d’athraigh chuile shórt. D’éirigh sé as an ól agus fuair sé post seasmhach agus bhí sé creidte ina chroí istigh anois aige go raibh sí i ngrá leis ós rud é go raibh sí ag iompar a pháiste. Agus bhí sé chun cat is dhá dhrioball a dhéanmah di … Ach ansin tharla rud aisteach.

JANE:

Céard?

TRAVIS:

Níor thug sé faoi deara i dtosach é fiú, ach thosaigh sise ag athrú. Ón lá ar saolaíodh an páiste thosaigh déistin ag teacht uirthi faoi chuile shórt. Olc. Thosaigh olc ag teacht uirthi faoi chuile mhíle ní, fiú amháin an páiste, shílfeá gur coir a bhí déanta aige. Shíl sé chuile shórt a dhéanamh ceart di, thosaigh ag ceannacht rudaí di is thugadh amach chuig dinnéar uair sa tseachtain í ach ní shásódh tada í. Ar feadh dhá bhliain lean sé ar aghaidh ar an gcaoi seo. Ag streachailt agus ag streachailt, ag iarraidh iad a thabhairt le chéile aríst mar a bhídís. Ach ar deireadh thiar thall thuig sé go raibh fuar aige. So chuaigh sé ar an ól aríst, ach an babhta seo chuaigh rudaí chun donais ar fad eatarthu. Nuair a thagadh sé abhaile deireanach ní imní ná éad a bhíodh uirthi leis ach í ar deargbhuile leis. Chuir sí ina leith go ndearna sé príosúnach di, gur chuir sé iallach uirthi páiste a iompar. Dúirt sí leis go mbíodh sí ag brionglóidí ar éalú, gurbh in eile a mbíodh sí ag brionglóidí air, éalú. Shamhlaigh sí í féin san oíche, í lomnocht agus í ag rith síos bóthar mór éicint, ag rith trí gharranta driseacha, ag rith trí phuiteach aibhneacha. Í go síoraí ag rith is ag rith. Agus i gcónaí nuair a bhíodh sí ar tí éalú uaidh, nach mbíodh sé ansin roimpi. ‘Spánadh sé é féin di agus stopadh í. Agus nuair a d’insíodh sí dó faoi na brionglóidí seo, chreideadh sé iad. Thuig sé go gcaithfí í a stopadh nó go bhfágfadh sí é … go deo. So *lá amháin cheangail sé cloigín bó dá rúitín ionas go gcloisfeadh sé san oíche í dá ndéanfadh sí iarracht éalú amach as an leaba. Ach chuimhnigh sí ar phlean le fuaim an chloigín a phlúchadh trí stoca a shacadh isteach ann agus imeacht léi de réir a chéile amach as an leaba. Rug sé uirthi oíche amháin nuair a thit an stoca amach as an gcloigín agus chuala sé í ag rith i dtreo an bóthair mhóir. Rug sé uirthi agus tharraing ar ais chuig an *mobile *í agus cheangail sé den * stove *í lena bheilt. D’fhág sé ceangailte ansin í agus shín sé féin siar ansin ar an leaba ag éisteacht léi ag screadach. Ansin d’éist sé lena mhac ag screadach san am céanna. Agus chuir sé iontas air féin, iontas nár chuir an scéal isteach ná amach air níos mó. Ní raibh tada uaidh ach …. codladh, agus den chéad uair thabharfadh sé rud ar bith ach a bheith na mílte míle as baile. Imithe amú i dtír mhór mhillteach éicint, áit nach n-aithneodh duine ar bith é. Tír gan teanga ná sráideanna fiú. Áit éicint gan ainm. Agus nuair a dhúisigh sé suas bhí sé trí thine. Bhí lasrachaí móra gorma ag dó bráillíní a leapa. Rith sé trí na lasracha i dtreo na beirte - an t-aon bheirt ar thug sé grá dóibh. Ach bhí siad imithe. Bhí a lámha trí thine agus chaith sé é féin ar an talamh fliuch taobh amuigh agus thosaigh sé á rabhláil féin. Rith sé ansin. Níor fhéach sé siar oiread is uair amháin ar an tine - ach rith sé leis de ruathar. Rith sé leis nó gur éirigh an ghrian is gur rith sé amach as anáil. Agus nuair a d’imigh an ghrian faoi, rith sé aríst. Is ar feadh chúig lá rith sé leis mar seo nó go raibh sé in áit nach raibh tásc na tuairisc le fáil ar Dhia ná ar dhuine. (Sos beag. Stopann an ceol*) In aon áit faoin spéir.

JANE:

(Ag dul suas go dtí an fhuinneog) Travis?

* Cuireann sí a lámha ar an bhfuinneog, casann sé thart go mall. Casann sé an chathaoir freisin*)

TRAVIS:

Má mhúchann tú an solas istigh ansin an mbeidh tú in ann mé a fheiceáil?

JANE:

Níl fhios a’m. Níor thriail mé ariamh é.

* (Deanann sí amhlaidh. Casann seisean an lampa boird suas chun scaladh ar a héadan.)*

TRAVIS:

An bhfuil tú in ann mé a fheiceáil?

JANE:

* Yeah*.

TRAVIS:

An aithníonn tú mé?

JANE: * Oh *Travis.

TRAVIS:

Thug mé Hunter liom (sos) Nár mhaith leat é a fheiceáil?

JANE:

Cinnte. (sos) Theastaigh uaim é a fheiceáil chomh géar sin ionas nach raibh sé de mhisneach a’m a éadan a shamhlú i m’intinn. Lean Anne uirthi ag seoladh pictiúr dó chugam nó gur fhógair mé uirthi stopadh. Ní fhéadfainn cur suas leis - an phian - ag breathnú air ag fás suas agus gan aon pháirt a’m ina shaol.

TRAVIS:

Cén fáth nár thug tú leat é, a Jane?

JANE:

Ní fhéadfainn, a Travis. Bhí a fhios a’m nach raibh ionam a raibh uaidh a thabhairt dó. Níor theastaigh uaim é a úsáid leis an bhfolúntas a bhí i mo chroí a líonadh.

TRAVIS:

Bhuel teastaíonn tú anois uaidh, a Jane. Agus teastaíonn uaidh thú a fheiceáil.

JANE:

Teastaíonn?

TRAVIS:

Teastaíonn. (sos) Tá sé … tá sé ag fanacht leat.

JANE:

Cén áit?

TRAVIS:

Thíos sa mbaile mór. In óstán. Sa Meridian. Seomra 1520. 1520.

* (Téann sé chun imeacht. Tosaíonn sise ag bualadh na fuinneoige. Níl sí in ann é a fheiceáil níos mó)*

JANE:

(Scaoll uirthi) Níl tú ag imeacht, an bhfuil?

TRAVIS:

(Filleann sé, ansin)

Níl mé in ann thú a fheiceáil, a Jane.

JANE:

Ná himigh go fóill, ná himigh go fóill.

(Tógann sí an intercom agus labhrann isteach ann, a droim leis an mballa/le Travis)

Bhíodh mé … bhíodh mé ag cumadh óráidí móra dhuit théis dhuit imeacht. Bhíodh mé i gcónaí ag caint leat agus mé i m’aonar. Chaith mé míonna ag siúl thart ag caint leat. Agus anois, agus tú anseo,

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.