202
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Fuair Brian Ó Broin léargas nua ar Manhattan le gairid nuair a thaistil sé féin agus cara leis timpeall an cheantair ar rothair.
»»»Chuir Sylvia Bledow aithne ar chuid de mhuintir na Síne trí obair go deonach ina measc.
»»»Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean deitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.
»»»Thug Seán Mac Risteaird cuairt ar Poorhouse, oíche spraoúil spleodrach Gaylach, sa Panti Bar i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite.
»»»Tá na nuachtáin thablóideacha in Éirinn níos sásta ná mar a bhí riamh daoine a chéasadh agus neamhaird a thabhairt ar a bpríobháideacht, dar le Breandán Delap.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Dorothee Uí Cheallaigh, Ionad Foghlama Chléire, Oileán Chléire, Contae Chorcaí.
»»»Ag taisteal na hEorpa dó le trí bliana anuas, casadh daoine spéisiúla go leor ar an scríbhneoir Diarmuid Johnson. Seo í an chéad mhír uaidh faoina chuid eachtraí sa bPolainn, agus i dtíortha nach í.
»»»Ní fearrde an Astráil an easpa infheistíochta i ngnóthaí taighde, nuálaíochta ná oideachais in imeacht na mblianta. Níltear dóchasach dar le Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Is mór ag BEO an tsnaidhm le Gaeilge na hAlban a neartú agus ár léitheoirí a spreagadh – a bhrosnachadh – ina leith. Tugann Brian Ó hEadhra cuntas i nGaeilge na hAlban dúinn san alt seo ar an chomórtas Nòs Ùr, comórtas, nó co-fharpas, a reachtálfar arís in Albain i mbliana.
»»»Cén plean atá ag an rialtas chun dul i ngleic le tubaiste mhór núicléach? Fiosraíonn Uinsionn Mac Dubhghaill an scéal.
»»»Tá géarghá le tuilleadh grinn sna Sé Chontae, dar le Robert McMillen, agus glúin úr lucht grinn le teacht i gcomharbacht ar an dream radacach a bhí ann sna nóchaidí.
»»»Gearrscéal le hEoghan Mac Giolla Bhríde.
»»»Tháinig Balor slán trí Shamhradh na hÉireann, samhradh a d’fhág Rónán Mac Aodha Bhuí sna seáiníní fada le fuacht.
»»»Bhuaigh an saothar seo le Michelle Nic Pháidín an dara háit i gcomórtas gearrscéalta an Oireachtais anuraidh.
»»»Tá ceachtanna le foghlaim againn uilig ó na léirsitheoirí a bhí amuigh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar 1 Bealtaine, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.