Tá daoine ag freastal ar chúrsaí Gaeilge ar fud an domhain anois, go háirithe sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus san Astráil, agus tá ag éirí le go leor acu líofacht a bhaint amach sa teanga. D’éirigh le fear ón Iúgslaiv, Ljubodrag Grujic, an teanga a shealbhú, áfach, gan freastal ar rang ná gan cos a leagan ar thalamh na hÉireann riamh. Insíonn sé a scéal anseo.
Deir an seanfhocal “Tús maith, leath na hoibre”. Ná habair liomsa é! Is mise an fear ar féidir leis a rá gur sin cuid focal an tsaoi, cionn is nach raibh aon tús amháin i gceist agus mise ag dul i mbun fhoghlaim na Gaeilge. Cloiseann duine scéalta faoi na foghlaimeoirí a mbíonn an t-ádh dearg orthu agus a n-éiríonn leo cúpla rud, mar théipeanna agus leabhair, a cheannach agus iad ag luí isteach ar fhoghlaim na Gaeilge. Ní raibh an t-ádh céanna ormsa, áfach, mar a fheicfidh sibh ón chur síos beag seo ar an dóigh ar fhoghlaim mise an teanga.
Tá orm tús mar is ceart a chur leis an scéal agus míniú cé mé féin. Ljubodrag Grujic is ainm dom agus tá mé ceithre bliana is fiche d’aois. Is mac léinn Béarla mé (blaisféim!, mar a dúirt cailín ó Thuaisceart Éireann liom mí ó shin, agus í ag magadh, go cinnte), ach tá mé beagnach réidh leis an ollscoil, buíochas le Dia. Táim i mo bhall de ghrúpa síochána i mo bhaile dúchais.
Mar bharr ar an mí-ádh, rugadh san Iúgslaiv mé agus táim i mo chónaí i mbaile mór darb ainm Pancevo, in aice le príomhchathair na tíre, Béalgrád. Is tír í seo nach bhfuil lánchinnte cé hí féin ar chor ar bith, an tSeirbia nó an Iúgslaiv, i láthair na huaire. Pé scéal é, is í mo thírse í, cibé atá déanta aici.
Agus rinne sí neart rudaí ormsa. Tá mo mhuintir tar éis a bheith i ngéarchéim agus i gcogadh le leath mo shaoil, agus le linn uafás an chogaidh sa chomharsanacht, chuala mise den chéad uair ceol amhránaí Ghaelaigh agus amhrán Gaeilge le hEnya darbh ainm “Na Leatha Geala i m’Óige”. Bhuel, ba bhreá an dán é, an té a thuigfeadh é, ach níor thuig mé féin focal ar bith, agus ní raibh mé in ann na focail scríofa agus na fuaimeanna a fhreagairt dá chéile! “Seo do dhúshlán,” a shíl mé.
Tharla sé seo i 1995 agus gan de phictiúr i mo cheann d’Éirinn ach ceann dá teanga bhlasta álainn. Le linn míonna breátha an tsamhraidh tháinig na dídeanaithe ina mílte go dtí mo bhaile agus thosaigh mise agus grúpa ón Eilvéis ag obair leo. Ar feadh an dá bhliain fhada a bhí mé ag cuidiú leo, bhí mé ag cruinniú focal amhrán Gaeilge agus go leor airgid le seanríomhaire a cheannach. Mar sin, seo daoibh mo fhreagra ar an gceist “An féidir le duine Gaeilge a fhoghlaim as focail amhrán?": beag an baol!
Seoltaí tábhachtacha
Bhí mise tinn tuirseach den staid sin ach tháinig an-mhisneach chugam, chuir mé faics chuig ambasáid na hÉireann sa Ghréig agus fuair mé seoltaí tábhachtacha in Éirinn uathu. Cúpla mí ina dhiaidh sin, i mí Aibreáin 1998, bhí an pacáiste i mo lámha, “An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, Éire” scríofa air. A Dhia! Freagra ar mo cheist faoi chúrsaí samhraidh Gaeltachta a bhí ann ó Threasa Ní Mhaoileoin in Áras Mháirtín Uí Chadhain, ach chuir an bhean uasal bronntanas ann freisin: foclóir póca agus an cúrsa Buntús Cainte le téipeanna! Ó, bhí mo chroí ag bualadh go tapa ar an lá grianmhar sin.
Ag am céanna seo, bhí rud an-chabhrach nua le fáil i mo bhaile, is é sin an t-idirlíon, agus a lán acmhainní as Gaeilge air (agus an iris nua Beo! anois, atá ar fheabhas i mo thuairimse). Bhí fuinneoga ag teacht ar mo spéir Ghaelach.
Bhí mé ag foghlaim na teanga liom féin nuair a bhí an t-am agam, ach bhí níos mó ná aon tús amháin ann, afách, cionn is go ndearnadh agóid i gcoinne uachtarán na tíre agus go ndeachaigh mé le polaitíocht, agus bhí NATO ag buamáil mo bhaile go trom i 1999 freisin. Thit mo chroí cráite, ghlan mé liom as an bhaile agus fearg an domhain orm, faoin saol a bhí caite agam go dtí sin agus faoi fhoghlaim na Gaeilge i bPancevo. Ach tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil sé an-deacair an Ghaeilge a fhágáil!
Smachtbhannaí
=======
Bhí smachtbhannaí ar mo thír agus ní raibh mé ábalta mo chuid airgid a chur thar lear le leabhair a fháil. Mhúch mé mo bhród agus d’iarr mé cuidiú i mo theachtaireachtaí ar fud an domhain. Thug daoine cineálta neart rudaí dom. Mar sin, ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine seo a leanas: Treasa Ní Mhaoileoin ó Éirinn; Lini Culetto agus Teodora Tomasevic-Buck ón Eilvéis; Elvira Veselinovic agus Arndt Wigger ón nGearmáin; Dorothy Milne ó Thalamh an Éisc, Ceanada; agus baill an liosta ríomhphoist, Gaeilge-B.
Ní raibh mé in Éirinn riamh ach bíonn na hÉireannaigh i mBéalgrád go minic (rud atá chomh suimiúil sin dúinne anseo). Is féidir gach rud idir cúpla focal agus Gaeilge líofa bhlasta a chloisteáil uathu nuair a bhíonn tú dána agus nuair a úsáideann tú an abairt as Gaeilge “Ó, shíl mé go raibh Gaeilge ag gach Éireannach” agus cuma an dúramáin ort.
Nuair a chonaic mé go raibh comhdháil dar teideal “Éire ar shlí Bhéalgráid” á heagrú anseo ag Jovana Mihajlovic agus Dubravka Subotic i mí Lúnasa i mbliana, bhí fonn orm dul ansin agus léacht a thabhairt ar an nGaeilge. Bhí mearbhall orm nuair a chonaic mé go raibh 150 duine sa seomra agus ormsa labhairt gan stad ar feadh dhá uair an chloig. Ach bhí aghaidh na ndaoine sásta agus mise beo fós tar éis na cainte!
Anois, ar an drochuair, tá an Ghaeilge ag éirí coimhthíoch anseo - is trua nach bhfuil bhur n-ambasáid sa tír seo. B’fhéidir lá níos faide anonn?
An Ghaeilge go brách, a chairde!