AGALLAMH BEO
Seán Ó Cuirreáin
Rónán Mac Con Iomaire Rónán Mac Con Iomaire Rónán Mac Con Iomaire

D’oscail Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, oifigí an Choimisinéara Teanga sa Spidéal i lár na míosa seo caite. Labhair Rónán Mac Con Iomaire leis an Choimisinéir, Seán Ó Cuirreáin, faoin dúshlán atá i ndán dó sa phost sna blianta atá amach romhainn agus é ag iarraidh a chinntiú go gcuirfidh na comhlachtaí stáit forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm.

Íomhá
Íomhá

Tá rud éigin beagán míshuaimneach, agus beagán aisteach, fiú, faoi bheith ag cur ceisteanna ar Sheán Ó Cuirreáin. Bhí aithne mhaith air mar iriseoir le Raidió na Gaeltachta, ar ndóigh, i bhfad sular thóg sé air féin ról an Choimisinéara Teanga, nó Ombudsman na Gaeilge. Ní mórán a d’easaontódh leis an ráiteas go raibh sé ar dhuine de na hiriseoirí is fearr a bhí ag obair trí Ghaeilge. Ní nach ionadh, mar sin, go raibh mé beagán níos cúramaí ná an gnáthdhuine agus mé ag cur ceisteanna air. Fós féin, d’fhiafraigh mé de cé mhéad duine a bhí ag obair in oifig an Choimisnéara, ceist a d’fhág ag gáire é.

“Tá chuile dhuine atá anseo ag obair,” a deir sé, “ach tá seisear againn fostaithe anseo.” (“Doh,” mar a déarfadh Homer Simpson!)

Cúig bliana fichead a chaith Seán Ó Cuirreáin le Raidió na Gaeltachta, mar chlár-reachtaire ar dtús, mar Eagarthóir Stiúrtha Clár, agus, ar deireadh, mar Leas-Cheannaire ar an stáisiún. Ba mhór an t-athrú treo a bhí ann dó imeacht ón gcraoltóireacht, agus is beag súil a bhí aige go ndéanfaí post an Choimisinéara Teanga a thairiscint dó, a deir sé.

“Bhí iontas orm,” a deir sé, “an-iontas. Níor lorg mé an post, agus níor lorg daoine an post thar mo cheann. Is féidir liom é sin a rá go hionraic agus go macánta. B’ábhar iontais dom gur tugadh an tairiscint dom agus ghlac mé leis gur onóir a bhí ann dom go n-iarrfaí orm tabhairt faoi. Ach cinnte, tháinig sé aniar aduaidh orm; ní raibh aon súil agam leis.”

Ba mhór an t-athrú a bhí ann do lucht éisteachta Raidió na Gaeltachta Seán a bheith imithe de na tonnta craolta. Más athrú a bhí ann dóibh siúd, caithfidh sé, mar sin, gur athrú damanta a bhí ann i saol Sheáin féin?

“Ba ea. Bhí mé ag plé le gné éigin den chumarsáid ó d’fhág mé an ollscoil. Rinne mé céim i nGaillimh agus ansin chaith mé trí bliana ag déanamh obair chaidrimh phoiblí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ag obair go páirtaimseartha le RTÉ. Ansin, tháinig mé go lánaimseartha go Raidió na Gaeltachta i 1979. Tá mé i nGaeltacht na Gaillimhe le breis is tríocha bliain [is as Tír Chonaill ó thús do Sheáin]. Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre.

“Ach is saol iomlán difriúil ar fad é anois, agus mé mar Choimisinéir Teanga. Tá dúshláin fhíordhifriúla ag baint leis agus tá sásamh difriúil le baint as ná mar a bheadh ag plé le cúrsaí iriseoireachta, cúrsaí craoltóireachta agus cúrsaí cumarsáide. Ar bhealach, ní féidir an dá rud a chur i gcomparáid lena chéile - is saol eile ar fad é. Tá tú ag plé leis an bpobal ar lámh amháin, le heagraíochtaí Stáit ar an lámh eile. Tá an sceideal oibre an-difriúil ar fad. Mar shampla, maidin amárach, tá mé ag dul go Baile Átha Cliath an chéad rud ar maidin le labhairt ag seiminéar d’ionadaithe ó 16 eagraíocht Stáit atá ag obair ar a gcuid scéimeanna Gaeilge. Chuile lá, tá sé difriúil. Tá rudaí a thaitníonn go mór liom faoin jab seo, tá rudaí nach dtaitníonn chomh mór liom freisin, ar ndóigh, ach tá sé sin amhlaidh i chuile phost, ceapaim.”

Cuma réchúiseach

Ní cheapfá le breathnú air gur ar Sheán Ó Cuirreáin atá ceann de na cúraimí is troime i saol na Gaeilge. Níl sé le feiceáil air, ach an oiread, ón gcuma réchúiseach, shuaimhneach atá air, go raibh ualach trom oibre air agus é ag cur Oifig an Choimisinéara ar a cosa. Go leor obair déanta, mar a dúirt páirtí polaitiúil éigin, am éigin, ach go leor le déanamh go fóill.

Tuigeann tú cén obair atá amach roimh Sheán Ó Cuirreáin nuair a thugann sé anuas fillteán mór dearg a bhfuil na scéimeanna teanga atá comhaontaithe le scór eagraíocht Stáit ann. Tagann croitheadh ar an mbord comhdhála ina oifig le meáchan an fhillteáin. Scór scéim. 630 eile le haontú. Tá obair amach roimh an gCoimisinéir seo.

Mar sin féin, deir Seán go bhfuil an chuid is measa den obair thart.

“Bhí an chéad bhliain thar a bheith cruógach, is beag am saor a bhí ann. Bheartaigh mé, agus cinneadh coinsiasach a bhí ann, dul i measc an phobail chomh mór agus a d’fhéadfainn, dul ag chuile ócáid ag a bhfuair mé cuireadh. Sílim gur thug mé 37 óráid phoiblí sa chéad deich mí amháin, agus ochtó agallamh do na meáin.

Ach céard go díreach a dhéanann an Coimisinéir Teanga? An-tsimplí, a deir Seán, chomh simplí gur féidir é a mhíniú i gcúig phointe.

“Uimhir a haon,” a deir sé, “monatóireacht a dhéanamh ar an mbealach a bhfuil Acht na dTeangacha Oifigiúla á chomhlíonadh ag na comhlachtaí a thagann faoi. Uimhir a dó, gearáin a dhéantar a fhiosrú, mar a bheadh Ombudsman ann. Uimhir a trí, comhairle a chur ar an bpobal maidir le na cearta atá acu faoin Acht. Uimhir a ceathair, comhairle a chur ar eagrais Stáit maidir le na dualgais atá orthu, agus ar deireadh, breathnú ar ghearáin a bhaineann le haon Acht eile. Tá an ról sin freisin againn ach is ról é nach bhfuil forbartha amach agus amach fós againn.”

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, caithfidh gach ceann de na 650 comhlacht poiblí atá luaite ann scéim, nó plean, teanga a chur le chéile nuair a iarrfaidh Aire na Gaeltachta orthu é sin a dhéanamh. Is cáipéis dhleathúil í an scéim, ina bhfuil cur síos ar na seirbhísí a bheartaíonn an comhlacht a chur ar fáil trí Ghaeilge. Nuair a bhíonn an scéim aontaithe leis an Aire, cuirtear ar aghaidh go dtí Oifig an Choimisnéara é, a chinntíonn go ndéantar é a chomhlíonadh.

Fágann sin, de réir mar a bheidh na scéimeanna seo ar fad á n-aontú, go mbeidh ar go leor, leor comhlachtaí seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Gné amháin den Acht Teanga atá cáinte i roinnt de na meáin náisiúnta is ea an costas a bhaineann le cur ar fáil na seirbhísí seo, agus a bhaineann le feidhmiú gnéithe éagsúla den Acht. Airgead á chaitheamh ar cháipéisí nach léifear go deo, a deirtear. Foirmeacha á n-aistriú nach líonfar as Gaeilge go deo. Seirbhísí nach bhfuil aon éileamh orthu, b’fhéidir?

“Is ceist cleachtaidh é go leor de sin,” a deir Seán. “Tá cleachtadh ar feadh na mblianta ag pobal na Gaeltachta anseo ar bheith ag plé as Gaeilge le Raidió na Gaeltachta, agus le hÚdarás na Gaeltachta, agus le gairid, le TG4. Déanann an pobal anseo sa nGaeltacht go leor dá chuid oibre trí Ghaeilge, ach bhraith go leor acu, nuair a bhí siad ag plé le heagraíochtaí eile taobh amuigh den Ghaeltacht, go raibh orthu sin a dhéanamh trí Bhéarla, mar gurb é an Béarla an “default langauge”, mar a déarfá.

“Ach tá, nó beidh go leor de na seirbhísí sin ar fáil i nGaeilge, agus cé go dtógfidh sé tamall, beidh cleachtadh ag pobal na Gaeltachta bheith ag déileáil leo as Gaeilge.

“An sampla is fearr de sin a chonaic mé le gairid ná an scéala ó Chomhairle Contae Dhún na nGall faoin ionad seirbhísí tacaíochta ar an gClochán Liath. Tá méadú thar a bheith suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag déanamh a ngnó tré Ghaeilge leis an ionad sin, agus tá sin bunaithe ar rud amháin: go bhfuil daoine atá ina gcónaí san áit ag cur na seirbhísí ar fáil tré Ghaeilge. Tá an rud ceannann céanna fíor ar an gCeathrú Rua le Comhairle Contae na Gaillimhe. Má théann tú isteach chuig an oifig ar an gCeathrú Rua le mótarcháin a chur ar do charr, agus má labhrann an té atá taobh thiar den chuntar leat i nGaeilge, beag seans go bhfuil tú chun labhairt leo i mBéarla.”

Figiúirí móra

Is beag bunús, a deir Seán, atá le na figiúirí móra a bhí á chur ag an *Sunday Tribune *ar an méid a chosnódh sé Acht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú.

“Bhí cuid áirithe den chlúdach a fuair muid ó chuid de na meáin Bhéarla aontaobhach go maith, cuid de bunaithe ar mhíthuiscintí agus ar dhoiléireacht. I gcásanna áiríthe, ní raibh taighde bunúsach déanta acu faoi céard atá i gceist leis an Acht.”

“Tríd agus tríd, tuigimse ón gceangal atá agam le heagraíochtaí Stáit go dtuigeann siad go mbeidh costas áirithe breise ag baint le seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge, chomh maith le Béarla, ach suimeanna réasúnta beaga a bheidh i gceist. Ní bheidh ann ag deireadh an lae ach céatadán fíorbheag den bhuiséad airgid a bhíonn ar fáil dóibh chun a gcuid cúrsaí a riaradh de ghnáth.

“I ndáiríre, leis an gcaidreamh atá againn leis na heagraíochtaí Stáit, ní shílim gur ábhar an-mhór ar an gclár oibre acu é seo. Is mó d’ábhar sna meáin é.”

Mar léiriú ar a laghad costas atá i gceist, tugann Seán tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara dom. Ar dlúthdhiosca.

“Seachtó cent a chosnaíonn sé ceann acu sin a chur i gcló,” a deir sé. Cé gur fhoilsigh muid roinnt tuarascálacha ar páipéar, is ar dlúthdhiosca a d’fhoilsigh muid a bhformhór, rud a bhí i bhfad níos saoire.”

Ach cuma cé chomh daor nó saor atá feidhmiú an Achta Teanga, beidh soiniciúlacht ina thaobh i gcónaí. Agus is minicí nach sna meáin “fhrith-Ghaeilge” a bhíonn an tsoiniciúlacht seo, ach sa nGaeltacht féin. Cén freagra atá ag Seán ar an líomhaintí nach ndéanfaidh an tAcht, ná an Coimisinéir, difríocht ar bith don teanga?

“Tá súil agam go ndéanfaidh sé difríocht. Sílim go bhfuil an bhunchloch leagtha síos anois, is é sin go bhfuil an oifig tosaithe, tá líon teoranta foirne ag obair. Tá an chéad bhliain déanta againn.

“Tá an oifig ag déanamh difríocht áirithe faoi láthair, ar bhonn an-teoranta, ach mar a dúirt mé i dtús aimsire, sílim go gcaithfear breathnú air seo mar rud fadtéarmach. Éinne a cheapann go n-athróidh cúrsaí thar oíche sa státchóras ó thaobh seirbhísí Gaeilge de, tá dul amú mór orthu. Ní mar sin a oibríonn an saol. Beidh sé tréimhse mhaith de bhlianta sula dtosóidh sé ag déanamh difríocht mhór.

“Ní féidir linn tabhairt ar daoine a gcuid gnó leis an Stát a dhéanamh trí Ghaeilge, ach is féidir linn an próiséas a éascú dóibh. Níl aon slat draíochta againn anseo chun rudaí a athrú thar oíche, ach sílim gur léiriú é bunú na hoifige seo go bhfuil an Stát dáiríre faoi Acht na dTeangacha a chur i bhfeidhm.”

Más fíor do thuarascáil tionscnaimh an Choimisnéara Teanga é, ní hiad pobal na Gaeltachta is mó atá ag baint leasa as Oifig an Choimisinéara go dtí seo. Sa gcéad deich mí den oifig a bheith bunaithe, tháinig 74 faoin gcéad de na gearáin chun na hoifige ón taobh amuigh den Ghaeltacht. B’as Baile Átha Cliath a tháinig 35 faoin gcéad de na gearáin ar fad. 304 gearán a rinneadh ar fad.

“Is fíor go bhfuil coibhneas de trí in aghaidh a haon i ngearáin a thagann ón taobh amuigh den Ghaeltacht, ach más ea, tá pobal mór a bhfuil Gaeilge acu, a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Ghaeltacht. Agus, ar ndóigh, tá go leor daoine atá taobh amuigh den Ghaeltacht, arb as don Ghaeltacht ó thús dóibh.”

Níl an Coimisinéir ag glacadh leis, áfach, gur sin sin, gurb é an chaoi é go bhfuil níos mó spéise ag daoine sa nGalltacht ina gcuid cearta ná mar atá ag daoine sa nGaeltacht.

“Tá dualgas orainn daoine a chur ar an eolas faoina gcuid cearta, agus faoi na seirbhísí atá ar fáil dóibh. Tá muid á dhéanamh seo le bileoga eolais, suíomh gréasáin cuimsitheach, agus fógra teilifíse atá le craoladh ó oíche Shamhna ar aghaidh.”

Easpa

Is ceist amháin é Acht a chur in áit a thugann cearta don saoránach seirbhísí Stáit a bheith ar fáil as Gaeilge. Ceist eile ar fad é, ar ndóigh, bheith in ann na seirbhísí sin a chur ar fáil. Fiú agus toil ann seirbhísí as Gaeilge a chur ar fáil, is rud eile ar fad é na daoine a aimsiú atá sách ábalta chun postanna nua a líonadh a fhágfas gur féidir na seirbhísí i nGaeilge a sholáthar. Aistritheoirí, daoine atá in ann an fón a fhreagairt as Gaeilge, daoine atá in ann daoine eile a oiliúint, fiú. Admhaíonn Seán Ó Cuirreáin go bhfuil easpa ann.

“Tá le tuilleadh, níl aon amhras orm faoi sin. Is í an cheist a chaithfidh tú a chur ort féin, is dócha, cé acu a thagann ar dtús? An féidir le daoine a bheith ansin chun seirbhísí a chur ar fáil ag am nuair nach raibh riachtanas ann an tseirbhís a chur ar fáil. Tá na riachtanais sin ag teacht i bhfeidhm anois agus creidim go dtiocfaidh méadú, agus méadú suntasach, ar an éileamh a bheidh ar sheirbhísí ar nós aistriúcháin agus seirbhísí teanga eile, sna blianta atá romhainn.

“Creidim go bhfuil trí rogha ag comhlacht Stát maidir leis na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil ó thaobh na Gaeilge de. Is féidir leo breis scileanna a thabhairt do na daoine atá fostaithe cheana féin acu, is é sin traenáil a thabhairt dóibh. An dara ceann, ó thaobh earcú foirne, riachtanas teanga a bheith fréamhaithe san earcú sin. An tríú bealach ná seirbhísí a cheannach isteach, an t-aistriúchán, mar shampla.

“Anois, thug muid faoi deara anuraidh go raibh fadhbanna ag roinnt comhlachtaí teacht ar aistritheoirí, ach ó bheith ag caint i mbliana leo, is cosúil go bhfuil i bhfad níos mó aistritheoirí ar fáil ná mar a bhí. Breathnaíonn sé go bhfuil an margadh féin sásta leis an éileamh atá ann.”

An bhfuil fadhb ann, áfach, go bhfuil duine ar bith, is cuma cén caighdeán Gaeilge atá aige nó aici, in ann seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil?

“Tá ceist ann faoi chaighdeáin, agus is ceist í sin a bhfuiltear ag díriú uirthi faoi láthair. Tá socrú déanta idir an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Foras na Gaeilge chun córas deimhnithe caighdeáin a leagan amach. Cinnteoidh sé sin go mbeidh ardchaighdeán aistriúcháin san obair a bheidh déanta, rud a theastaíonn mar, mar atá sé faoi láthair, is féidir le duine ar bith seirbhís aistriúcháin a chur ar fáil.”

Dúshlán iomlán nua a bheidh anseo don Choimisinéir Teanga, an ganntann aistritheoirí agus daoine oilte le Gaeilge, go háirithe agus toradh dearfach bainte amach ag an bhfeachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Eoraip. Beidh sé spéisiúil an mbeidh dóthain daoine timpeall chun riachtanais na hEorpa agus na hÉireann a shásamh.

Ní haon rud nua iad dúshláin ag Seán Ó Cuirreáin, áfach. Bhí dúshláin mhóra aige roimhe seo, ag cur Oifig an Choimisinéara ar a cosa, mar shampla. Ní mórán de chuma na himní atá ar an gCoimisinéir Teanga agus é ina shuí ag a bhord, taobh thoir den Spidéal i gConamara.

Is iriseoir le Nuacht TG4 é Rónán Mac Con Iomaire.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.