CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
An dara halbam eisithe ag Barry Gleeson
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Path Across the Ocean an t-ainm a bhí ar an gcéad albam a d’eisigh an t-amhránaí traidisiúnta Barry Gleeson as Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin, ach tá albam nua déanta aige le déanaí dar teideal I Heard a Bird at Dawn, Labhair sé le hAntaine Ó Faracháin faoin dlúthdhiosca nua seo

Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Bharra, *I Heard a Bird at *Dawn an t-ainm atá ar an albam nua seo. Cé as ar tháinig an t-ainm?

Barry Gleeson: Ó amhrán a scríobh James Stephens i 1937 dar teideal “The Rivals”. Gabhann pictiúr an chlúdaigh leis. Is le Jack B. Yeats an pictiúr agus táim fíorbhuíoch de Mhichael B. Yeats gur thug sé cead dom é a úsáid.

AÓF: D’eisigh tú *Path Across the Ocean *cúpla bliain ó shin. Cén fáth ar shocraigh tú an dara halbam seo a dhéanamh? An é nach raibh tú sásta leis an gcéad cheann nó an é go raibh tuilleadh le rá agat?

BG: Bhíos an-sásta ar fad leis an gcéad dlúthdhiosca ach, mar is eol duit féin, a Antaine, bíonn tuilleadh le rá agam i gcónaí!

AÓF: An raibh sé deacair na hamhráin a phiocadh dó?

BG: Ní raibh sé deacair ar chor ar bith. D’fhoghlaim mé cuid acu na blianta fada ó shin, cuid eile níor fhoghlaimíos iad ach an bhliain seo caite. Amhráin den chéad scoth gach ceann acu.

AÓF: Bhí roinnt tionlacain cheoil agat ar an gcéad albam. An amhlaidh atá sé leis an dara ceann?

BG: Tá tionlacan agam ó mo dheartháir Brendan ar an mbainseó, ar an bhfidil agus ar an mbúsúcaí; ó Kevin Conneff ar an mbodhrán agus ó Peter Eades agus Mick Willis ar an bpianó. Sárcheoltóirí iad ar fad.

AÓF: Agus tá cúpla amhránaí eile le cloisteáil ar an albam freisin, nach bhfuil?

BG: Tá aon amhránaí déag liom, buíochas le Dia. I measc na n-amhránaithe iontacha tá Gerry Cullen agus Phil Callery ón Voice Squad agus grúpa ban as Albain darb ainm Palaver.

AÓF: Céard iad na hamhráin atá agat ar an albam nua?

BG: Tá ceithre cinn déag air ar fad, as gach cuid den tír, ó Aontroim go Ciarraí, Gaillimh go Baile Átha Cliath. Tá dhá cheann as *Finnegan’s Wake *le James Joyce: “The Ballad of Persse O’Reilly” agus “Forgivemequick”. Tá “Colonel Martin” le WB Yeats agus “Sive” le John B. Keane air chomh maith agus amhrán spéisiúil dar teideal “The Female Prize-Fight”. Mar is eol duit, canaim “’Sí do mhamó í” leat féin agus le Kevin Conneff.

  1. Colonel Martin 3:55

  2. Love’s Old Sweet Song 3:07

  3. Sive 4:10

  4. The Ballad Of O’bruadair 2:36

  5. The Female Prize-Fight 4:12

  6. ’Sí Do Mhamó Í 1:51

  7. Emmet’s Farewell 4:09

  8. The Mero 2:54

  9. The Hardy Sons Of Dan 5:09

  10. In The Bog With The Millionaire 4:37

  11. The Irish Volunteer 4:00

  12. The Girls Along The Road 4:13

  13. The Ballad Of Persse O’reilly 4:25

  14. Forgivemequick 2:02

AÓF: Cén áit a bhfaigheann tú do chuid amhrán go ginearálta?

BG: Ó dhlúthdhioscaí, leabhair agus ó mo chuid cairde.

AÓF: An dtógann sé i bhfad ort amhrán a fhoghlaim?

BG: Cinnte. Tógann sé na seachtainí orm fiú amháin amhrán simplí a fhoghlaim. Ina dhiaidh sin caithfear é a chanadh go poiblí roinnt mhaith uaireanta chun smacht a chur air.

AÓF: Bíonn tú go minic le cloisteáil ag club amhránaíochta an Ghóilín i mBaile Átha Cliath. Inis dom beagán faoi sin.

BG: Bíonn sé ar siúl ag a 10 a chlog gach Aoine le linn na bliana (ach amháin Iúil is Lúnasa) i dTábhairne Tommy Mayes, Sráid Fhreidric Thuaidh, cóngarach do Shráid Uí Chonaill. Bíonn deis ag chuile dhuine amhrán a chasadh ann. Tá an club linn le 26 bliana anuas. Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh an chlub: www.goilin.com.

AÓF: An mbíonn aon rud ar leith in amhrán a théann i bhfeidhm ort nó an mbíonn cúis ar leith ann go bhfoghlaimíonn tú amhrán?

BG: Ní bhíonn aon rud amháin ann. Cosúil le daoine, tá caidreamh difriúil agam le gach amhrán.

AÓF: An bhfuil aon amhránaí ag casadh i nGaeilge anois a thaitníonn go mór leat?

BG: Lasairfhíona Ní Chonaola as Inis Oírr, Oileáin Árainn. Tá a dlúthdhiosca, An Raicín Álainn, ar fheabhas ar fad.

AÓF: An gcasann tú mórán amhrán i nGaeilge?

BG: Níl ach cúpla ceann agam, mór mo náire. Gach bliain ag Sean-nós Cois Life [an deireadh seachtaine sean-nóis a bhíonn ar siúl i mí an Aibreáin i mBaile Átha Cliath] deirim liom féin go bhfoghlaimeoidh mé níos mó. An bhliain seo, le cúnamh Dé.

AÓF: Céard é an t-amhrán is fearr leat faoi láthair?

BG: Braitheann sé ar m’aoibh, ar an ócáid, agus ar an gcomhluadar. Tá na cinn is fearr liom faoi láthair ar I Heard a Bird at Dawn.

AÓF: Cén áit a bhfuil an t-albam nua ar fáil?

BG: Is féidir ríomhphost a chur chugam féin (ggleeson12@eircom.net). Chomh maith leis sin tá Ceirníní Cladaigh (www.claddaghrecords.com) mar dháileoir agus tá súil agam go mbeidh sé ar fáil acu sna siopaí ar fud na tíre gan mhoill.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.