97
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Déanann Antain Mag Shamhráin a léamh féin ar línte tosaigh ghearrscéal Dhonncha Uí Chéileachair, "Bullaí Mhártain", a foilsíodh ar dtús i 1955.
»»»Níor thuig Alan Desmond chomh tógtha is a bhí na Polannaigh leis an bPápa Eoin Pól II go dtí gur chuir sé faoi i dtír dhúchais an Phápa.
»»»Tá scannail eile i saol na polaitíochta ar eolas ag Balor nach bhfuil pléite ag binse fiosraithe ar bith.
»»»Tá na rialtais stáit san Astráil fós ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Tá Fachtna Ó Drisceoil den tuairim gur gá athruithe radacacha a dhéanamh ar an Seanad chun é a dhéanamh níos daonlathaí.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go mairfidh éachtaí áirithe spóirt go deo i gcuimhne agus i gcroí mhuintir na hÉireann, bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine ina measc.
»»»Mhisnigh cuairt a thug Brian Ó Broin ar chathair Toronto é go mór. Chonaic sé mar a bhfuil galar na Gaeilge chomh tógálach ann is atá in aon cheantar eile i Meiriceá Thuaidh.
»»»Bhí Colm Mac Séalaigh ag breathnú siar ar ardfhear caide Ard an Bhóthair, Páidí Ó Sé, agus an tslí ar bhris sé croí an fhreasúra ar pháirc na peile blianta i ndiaidh a chéile.
»»»An té atá thíos, buailfear cos air. An laoch tite nach bhfuil gean an phobail air a thuilleadh, sin é a tharraing aird Cholaim Mhic Shéalaigh.
»»»Tá Liz Curtis an-tógtha le cuid amhránaíochta Jeannie Robertson, an t-amhránaí Albanach a fuair bás breis is tríocha bliain ó shin.
»»»Tá muintir Dhoire nach mór sáraithe ag cuairteoirí ar an chathair tharla Duais Turner ar an bhaile sin te bruite sna sála i ndiaidh Fleadh na hÉireann.
»»»Seo sliocht as An Geall, úrscéal d’fhoghlaimeoirí le Liam Mac Uistín, a bhfuil foclóirín le fáil ann. Is scéal é faoi fhear óg atá ar an drabhlás ó bhain sé duais mhór sa Lotó agus a bhfuil ag teip ar a shláinte dá bharr. Tugann sé geall go mbeidh sé ábalta a bheatha a shaothrú ar feadh sé mhí gan a bheith i dtuilleamaí ar a chuid airgid. An éireoidh leis nó an bhfillfidh sé ar an drabhlás agus ar an saol bog?
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ar strae i mbaile coimhthíoch.
»»»Reáchtáileadh Pléaráca Chonamara don chéad uair sa bhliain 1991. Bhí baint ag Donncha Ó hÉallaithe lena eagrú. Tá sé á reáchtáil go bliantúil ó shin. Ag breathnú siar ar fhéile na bliana seo, deir sé go mba é an nuanós, seachas an sean-nós, a chuaigh i bhfeidhm air agus go bhfuil glúin nua tagtha chun cinn sa Ghaeltacht atá sásta an tóirse a choinneáil lasta.
»»»Déanann David Leydon ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge cur síos ar chuid de na himeachtaí a bheas ar siúl le linn Thóstal na Gaeilge i nGaillimh ag deireadh na míosa seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.