CÚINNE NA nEALAÍON
Leabharmheas: Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn
Pól Ó Muirí Pól Ó Muirí

Cé go dtugann teideal an leabhair Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn le fios gurb éard atá ann ná scéalta a bhaineann leis an am atá caite, tá Pól Ó Muirí den tuairim nach mbíonn scéal fiúntach sean in am ar bith.

Íomhá
Íomhá
Tá Ón tSeanam Anall ina chompánach breá seilfe ag leithéidí Laochas le Séamus Ó Searcaigh

Bráthair bocht litríocht na Gaeilge atá sa seanchas. Ní hé nach mbaineann aos pinn na Gaeilge úsáid as an seanchas agus ní hé nach léann daoine cnuasach seanchais nó scéalta traidisiúnta ó am go ham. Ach ní dócha go bhfuil an gradam céanna ag dul don seanchas agus atá ag dul don scríbhneoireacht chomhaimseartha. Tá sin intuigthe; tá mórán daoine den tuairim go bhfuil an seanchas seanfhaiseanta. Baineann na seanscéalta le haois eile agus le nósanna eile léitheoireachta, aois inar léigh daoine seanchas le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin nó le heolas a chur ar an chanúint ab fhearr leo.

Chuirfeadh teideal an chnuasaigh seo, Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn, leis an tuigse sin. Seanam? Ach is dream nua-aoiseach iad lucht na Gaeilge anois a bhfuil stáisiún teilifíse agus iris idirlín dá gcuid féin acu. “Ní dhéanann siad seanam, like,” i mbéarlachas an lae inniu. Ba thrua dá gcuirfeadh meon den sórt sin daoine ó dhoras an leabhair seo nó, bíodh is go mbaineann na scéalta leis an am atá caite, ní sean atá siad ar chor ar bith. Ní bhíonn scéal fiúntach sean in am ar bith.

Is é an t-iontas gur tháinig na scéalta slán ar chor ar bith. Tháinig Micí Bán Ó Beirn ar an saol ar an Chaiseal in iardheisceart Dhún na nGall sa bhliain 1899 agus mhair sé go dtí 1980 ina cheantar dúchais. Ba í Bríd Ní Bheirn a scríobh na scéalta síos sa bhliain 1930 mar chuid de phróiseas a bhí ar bun le seanchas agus béaloideas na tíre a chaomhnú. Faoi Mhicheál Mac Giolla Easbuic a fágadh é, beagnach 80 bliain níos faide anonn, iad a chur in eagar. Tá muid faoi chomaoin aige agus ag Bríd Ní Bheirn gur chuir siad an saothar seo orthu féin. (Cloíonn Mac Giolla Easbuic le canúint Chonallach Uí Bheirn agus cuirfidh sé sin gliondar ar Ultaigh ar mór leo Gaedhilg Dhún na nGall.)

Agus na scéalta féin? Is cliché é a rá go bhfuil seanchas soléite agus inléite – ach

scríobhfaidh mé an cliché mar sin féin. Tá pléisiúr nach beag ag baint le hábhar nua den sórt seo a fheiceáil i gcló. Tá Ón tSeanam Anall ina chompánach breá seilfe ag leithéidí Laochas le Séamus Ó Searcaigh, Seanchas na bhFiann le Niall Ó Dónaill, Síscéalta ó Thír Chonaill *le Ó hEochaidh, Ní Néill agus Ó Catháin agus *Na Cruacha: Scéalta agus Seanchas le hÁine Ní Dhíoraí. Tá Fionn Mac Cumhaill, Mac na Míchomhairle agus daoine nach iad le fáil sna scéalta seo. Tugann an leabhar léargas dúinn ar shamhlaíocht dhúchasach agus tá an léargas sin chomh fiúntach céanna le cláracha trendyáilte teilifíse agus tionscnaimh cheannródaíocha eile.

Ní léifeá gach scéal in aon iarraidh amháin. Ní chun alpadh siar atá an cnuasach seo. Bí ag cogaint na scéalta, ceann ar cheann, agus rachaidh draíocht an tseanama i bhfeidhm ort. B’fhéidir go bhfuil muid uilig cleachta ar phasta agus ar núdal in Éirinn ár linne, ach tá cothú sa phráta bocht féin go fóill.

Is é Coiscéim a d’fhoilsigh Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn agus Mícheál Mac Giolla Easbuic a chuir in eagar. Is féidir é a cheannach ó shuíomh Coiscéim (www.coiscéim.ie), ó shuíomh Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie), ón suíomh *www.litríocht.com* agus ó Shiopa Gaeilge Oideas Gael (www.oideas-gael.com/siopa). Tá fáil air i siopaí áirithe leabhar chomh maith, Siopa Leabhar Chonradh na Conradh atá suite ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, ina measc. Cosnaíonn sé €15.

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste Lá Nollag, 1965. Is Eagarthóir Gaeilge de chuid an *Irish Times é; colúnaí spóirt le Foinse agus scríobhann sé colún ar an Belfast Telegraph. Le cois a bheith ina iriseoir, is file agus scríbhneoir é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.