CÚINNE NA nEALAÍON
Derek Bell: ceoltóir eisceachtúil agus duine faoi leith
Seán Ó Domhnail Seán Ó Domhnail

Fuair Derek Bell ón ghrúpa traidisiúnta The Chieftains bás tobann i Phoenix, Arizona ar an 15 Deireadh Fómhair. Féachann Seán Ó Domhnaill siar ar shaol cláirseora nach raibh á sharú le fáil sa cheol traidisiúnta.

Íomhá
Derek Bell le baill eile The Chieftains

Le bás Derek Bell cuireadh ina thost go deo pearsantacht agus ceoltóir tábhachtach i saol an cheoil in Éirinn.

Ní raibh a ainm i mbéal an phobail mar atá ainm ceoltóirí móra eile na linne seo. Bhain sé go hiomlán le glúin ina raibh an ceol féin i bhfad ní ba thábhachtaí ná pearsantacht an cheoltóra. Bhí aithne níos fearr ag an phobal air mar an “fear beag leis an chláirseach” a chas leis na Chieftains.

Rugadh George Derek Fleetwood Bell i mBéal Feirste sa bhliain 1935. Fidléir a bhí ina athair agus bhí ceol sa teach i gcónaí. Tugadh faoi deara go raibh bua speisialta ag Derek nuair a bhí sé an-óg. Thosaigh sé a fhoghlaim an phianó nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois agus bhí a chéad choinséartó scríofa aige nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag. Ghlac sé páirt go minic ag an am seo i gclár raidió de chuid an BBC i mBéal Feirste, “Children’s Hour”. Ba ghnách leis corrphíosa ceoil a chumadh don chlár céanna.

Bronnadh scoláireacht air ina dhiaidh sin le dhul i mbun staidéir ar an chumadóireacht sa Royal College of Music i Londain, áit a raibh Rosina Lovinne mar mhúinteoir aige. Ghnóthaigh sé céim onóracha sa bhliain 1957 agus bronnadh céim Baitsiléara sa Cheol air i gColáiste na Tríonóide i 1959.

Bhí éileamh mór air mar cheoltóir ina dhiaidh sin, ní nach ionadh. Chas sé leis an Royal Philharmonic Orchestra agus le ceolfhoirne Pittsburgh, Mhoscó, Londain agus Bhúdapeist. Bhí sé mar chruitire le ceolfhoireann BBC Thuaisceart Éireann agus mar Ollamh le Ceol Cruite in Acadamh Ríoga Bhéal Feirste go dtí go ndeachaigh sé leis na Chieftains go lánaimseartha i 1973. Cé gur mar chruitire a bhí aithne ag daoine air, bhí sé níos mó ná tríocha bliain d’aois sular chuir sé suim san uirlis sin.

Fiú má bhí aithne air mar cheoltóir cruite, bhí sé breá ábalta uirlisí eile a sheinm: an pianó, an corn Sasanach, an t-óbó agus, ar ndóigh, an tiompán, uirlis ársa Éireannach le céad agus fiche sreangán atá rud beag cosúil leis an dulcaiméir. Bhí an uirlis féin ligthe i ndearmad ach chuaigh Derek chun na hUngáire - tír a raibh cáil ar a lucht déanta duilcaiméirí - áit a bhfuair sé ceardaithe oilte a bhí ábalta leagan comhaimseartha den tiompán a chruthú.

“Chuala mé é ag seinm *ragtime *ar an bpianó uair amháin,” a dúirt Nicholas Carolan, Stiúrthóir Thaisce Cheol Dúchais Éireann le *Beo!. *"Bhí sé chomh hoilte sin. Ceoltóir nádúrtha a bhí ann go smior. Cheapfá agus tú ag féachaint air nach raibh a aigne ar an gceol ar chor ar bith, ach caithfidh go raibh.” Tá Carolan den tuairim nach bhfuil cláirseoir traidisiúnta eile beo atá inchurtha le Bell agus, má chinneann na Chieftains ar dhuine a fháil ina áit, gurbh fhearr dóibh ceoltóir a sheinneann uirlis eile a roghnú.

Leis na Chieftains

Bhí an athbheochan sa cheol traidisiúnta faoi lán seoil sna seachtóidí nuair a chuaigh Bell leis na Chieftains, grúpa a rinne iarrachtaí ceol na hÉireann agus an ceol clasaiceach a shnaidhmeadh le chéile. Bhí dearcadh ann ag an am, mar sin féin, nach dtiocfadh le ceoltóir a bhí sáite i gcinéal amháin ceoil tuigbheáil a bheith aige ar cheol ar bith eile. Measadh nach mbeadh ceoltóir traidisiúnta ábalta ceol clasaiceach nó snagcheol a sheinm, cuir i gcás, agus nach bhféadfadh ceoltóir clasaiceach eolas a bheith aige ar an cheol Gaelach. Níor bhac Derek lena leithéidí. Bhí suim aige i gceol agus ba chuma leis cén cruth nó cén dath a bhí air.

D’insíodh sé scéal faoin dóigh ar ghnách le daoine i mBéal Feirste fiafraí de cad chuige a raibh sé ag cur a chuid ama amú ag seinm ceol traidisiúnta “sa Phoblacht”. Ag an am céanna chuireadh daoine i mBaile Átha Cliath ceist air cad chuige a raibh sé ag cur a chuid ama amú le ceol clasaiceach thuas i mBéal Feirste! Mheas sé i gcónaí go raibh seo iontach greannmhar mar nach ndearna seisean idirdhealú riamh idir an dá rud.

Bhí suim aige fosta i gceol oirthear na hEorpa áit, ar ndóigh, a raibh agus a bhfuil traidisiún láidir ceoil chlasaicigh. Thug sé cuairt ar an Bhulgáir roinnt blianta ó shin agus rinne sé albam le ceolfhoireann áitiúil. Bhí sé ar lóistín ag an am i dteach ósta nach raibh teas ar bith ann. Bhí ar na ceoltóirí a bheith ag obair istigh i halla mór a raibh gálaí gaoithe ag séideadh fríd, agus an teocht taobh amuigh cúig chéim déag faoin reophoinnte. Ach, má bhí fuacht ann, níor shioc croí Derek. Thug sé faoi deara go raibh na ceoltóirí beo bocht, gan acu ach seanuirlisí agus gan cuid acu ábalta fiú amháin sreangáin a fháil dá gcruit. Bhí orthu snaidhm a chur sna sreangáin a bhris siad. Nuair a phill Derek go hÉirinn, sheol sé sreangáin úra anonn chucu lom láithreach. Rinne sé iarracht fosta tarrtháil a thabhairt ar pháistí a bhí beo bocht i dtíortha oirthear na hEorpa.

Bhí féith an ghrinn go láidir ann, rud a bhí le feiceáil go soiléir agus é ar an stáitse. Bhíodh réimse uirlisí á chasadh aige agus nuair a bhíodh air athrú ó cheann go ceann, ba mhinic a thógadh sé ruball a chóta agus go ndéanadh sé damhsa beag i lár an stáitse. Cé eile a thabharfadh “Derek Bell Plays With Himself” ar a albam aonair!

Bronnadh roinnt mhaith gradam air i rith a shaoil, ina measc MBE ó Bhanríon Shasana as ucht seirbhísí don cheol. Ach ní raibh éirí in airde ar bith ann ina dhiaidh sin uilig.

Má bhí cumas speisialta aige sa cheol clasaiceach agus grá aige d’achan chineál ceoil ar domhan, bhí áit speisialta ina chroí do chuid ceoil an chruitire dhaill Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin. Thaifead sé roinnt ceirníní aonair dá chuid ceoil agus rinne sé cuid mhór le ceol Uí Chearrbhalláin a chur os comhair an phobail arís. D’éirigh leis ag an am céanna suim a mhúscailt as an nua sa chláirseach, uirlis a bhí ligthe i léig go mór go dtí sin.

Sheinn Derek Bell leis na Chieftains den uair dheireanach ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Cé nach bhfuil sé linn níos mó ní dhéanfar dearmad air mar cheoltóir fíorchumasach agus mar dhuine lách cairdiúil a thug pléisiúr agus sásamh do na mílte duine ar fud an domhain.

Is as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill é Seán Ó Domhnaill. Tá sé ag obair san Ionad Closamhairc sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Is é a dhéanann cuid cartún *Beo! a tharraingt.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.