120
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Déanann Brian Ó Broin cur síos ar na radharcanna a chonaic sé le linn Lá Fhéile Pádraig i Nua-Eabhrac.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe ag coinneáil súil ar a raibh ar bun sa Dáil ar an 18 Samhain, an lá stairiúil ar ghlac an IMF ceannas ar dhúnghaois gheilleagair na tíre. Ní hamháin go raibh plé ar tíocht an IMF ach bhí díospóireacht chomh maith ar an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge.
»»»Cé go bhfuil a míshástacht léirithe ag eagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta faoin chinneadh Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhcheangal le hOifig an Ombudsman, ní gach duine a bheas míshásta faoi, dar le Breandán Delap.
»»»Mhaígh turasóir Gearmánach i mí Feabhra go bhfaca sé an tíogar Tasmánach, ainmhí a d’imigh in éag beagnach seachtó bliain ó shin. Ní seo an chéad uair a tharla a leithéid, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
»»»Casadh roinnt daoine suimiúla ar Bhalor agus é ar an drabhlás Oíche Shamhna, aire, easpag agus iriseoir ina measc.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh ag caitheamh an tsamhraidh i gConamara ach tá ag éirí leis súil a choinneáil ar an bpeil Ghaelach agus ar an iomáint, mar sin féin.
»»»In ainneoin roinnt rudaí diúltacha a bheith ráite aige le tamall anuas, tá an chuma ar an scéal go bhfuil Ian Paisley sásta sa deireadh an chumhacht a roinnt le Sinn Féin, a deir Robert McMillen.
»»»Tá cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí. Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.
»»»Tá Dónall Ó Maolfabhail den tuairim go leanfaidh praghas na dtithe ag ardú in Éirinn, fiú má chuireann an rialtas i bhfeidhm moltaí coiste dá chuid atá tar éis tuarascáil a fhoilsiú ar chúrsaí sealúchais.
»»»Thug Seán Greif ruaig go mullach sléibhe, 6088 méadar ar airde, sa Bholaiv. Is í a chomhairle feasta gan tada a dhéanamh faoi dhriopás, go háirithe ag 6000m. os cionn farraige, óir níorbh aon ribín réidh an sliabh céanna.
»»»Murab é an rud is costasaí a cheannófas tú, is é an dara rud is daoire a deir Daragh Ó Tuama agus tugann sé comhairle shiosmaideach san alt seo i dtaobh carr a cheannach ar athláimh.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
»»»Tuigeann Balor gur féidir dealú a dhéanamh in Éirinn, ach ní féidir suimiú. Tuigeann achan bhaincstéir ‘maith’ an méid sin. Is féidir dealú ach ní féidir suimiú.
»»»D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoin cheangal idir an Bhriotáin agus Éirinn le linn di cuairt a thabhairt ar an réigiún Francach.
»»»Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.