Braitheann muintir Galicia go bhfuil an rialtas áitiúil agus Rialtas na Spáinne tar éis loic orthu ó tharla tubaiste an Prestige i mí na Samhna, dar le Carmen Rodríguez.
Chuaigh tancaer darb ainm *Prestige *go tóin poill amach ó chósta Galicia in iarthuaisceart na Spáinne i lár mhí na Samhna. I láthair na huaire tá ochtó tonna íle ag sileadh as an long gach lá agus tá an truailliú i ndiaidh cósta na Fraince a shroiceadh. In ainneoin an uafáis seo, is cosúil go bhfuil an rialtas lárnach i Maidrid agus an rialtas áitiúil in Santiago de Compostela níos buartha faoi na fadhbanna polaitiúla a bhaineann leis an tubaiste ná faoi chúrsaí eacnamaíocha, sóisialta nó faoin scrios ar an timpeallacht.
De réir dealraimh, níl tada foghlamtha ag Rialtas Galicia nó ag Rialtas na Spáinne ó thimpistí eile a bhí an-chosúil leis an gceann seo. Cé go ndúirt na polaiteoirí, ar a laghad míle uair, go raibh gach deis acu an íle a stopadh, tá sé soiléir don saol anois nach raibh tada ullmhaithe acu an uair seo ach an oiread. Ní chuireann sé seo iontas ar mhuintir Galicia níos mó. Ag an bpointe seo, is cosúil nach mbacann siad fiú le héisteacht leis na tuairimí seafóideacha a bhíonn le cloisteáil ar an nuacht teilifíse agus raidió.
D’fhógair Federico Trillo, Aire Cosanta na Spáinne agus ball mór le rá d’Opus Dei, i ndiaidh dó a bheith ag taisteal i héileacaptar ar fud chósta Galicia, go raibh “cuma deas glan ar na tránna” agus go raibh “an radharc thar barr”. Bhí Manuel Fraga Iribarne, Príomh-Aire Ghalicia agus fear a bhíodh tráth ina aire i rialtas Franco, den tuairim chéanna. Dar leis go raibh an fharraige “iontach glan agus lán le faoileáin dhealraitheacha”. Mar sin, ní cúis iontais é gur thug sé mí iomlán ar na húdaráis measúnú réasúnta cruinn a dhéanamh ar an tubaiste.
Cúpla uair
Thug Príomh-Aire na Spáinne, Jose María Aznar, cuairt ar Galicia beagnach mí i ndiaidh na timpiste. Ní raibh sé sásta dul go dtí bailte beaga iascaireachta ar nós Muxía, Corcubión, Corme nó Laxe, áfach. Níor fhan sé ach cúpla uair an chloig i gcathair Coruña, áit ar éist sé le tuairimí ó dhaoine atá in aimn is a bheith ina saineolaithe ar thubaistí den chinéal seo.
Feictear mar sin go ndearna na rialtais i Maidrid agus i Santiago iarracht dallamullóg a chur ar shaoránaigh, ní hamháin i nGalicia, ach ar fud na Spáinne. Nuair nár éirigh leo an méid sin a dhéanamh thréig siad iad.
Níl muintir Galicia ag lorg déirce. Níl siad ach ag iarraidh bheith ag obair ina gceantair féin. Sin an fáth go bhfuil gréasán an phobail ag obair gan stad. Tá iascairí áitiúla, daoine óga ó Ghalicia, ón Spáinn agus ó thíortha iasachta ag obair ó dhubh go dubh chun na tránna agus na carraigeacha a ghlanadh. Obair chapaill amach is amach atá i gceist. Bíonn siad le feiceáil go minic ag bailiú na híle lena gcuid lámh. Bhí siad scriosta agus gan chodladh i rith na Nollag agus gach seans go mbeidh cúrsaí chomh dona céanna go ceann cúpla mí go fóill.
Scéal a shamhlófá i saghas Bananaphoblacht atá anseo, meascán den ghreann agus den tragóid. Is iad na polaiteoirí atá freagrach as an ngreann. Ar an taobh eile den scéal, is iad muintir na háite agus na daoine óga iontacha atá ag obair go deonach agus gan stad ar na tránna salacha fuara atá thuas leis an tragóid seo.
As Galicia sa Spáinn ó dhúchas í Carmen Rodríguez agus tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath le beagnach cúig bliana anuas. Tá céim sa Nua-Ghaeilge agus sa tSean-Ghaeilge aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.