Caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc a deir Colm Mac Séalaigh, nó ní fheicfimid cluichí idirnáisiúnta rugbaí ná cluichí ceannais Chumann Lúthchleas Gael ar an scáileán amach anseo.
Tá sé curtha i leith an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Éamonn Ó Riain TD, ag príomhfheidhmeannach Aontas Peil Rugbaí na hÉireann (IRFU), Philip Browne, go scriosfaí an cluiche rugbaí in Éirinn má chuirtear moltaí áirithe ón Aire maidir le craoladh teilifíse cluichí móra rugbaí i bhfeidhm.
An bhagairt is mó don chluiche rugbaí in Éirinn ón uair a bunaíodh an leagan gairmiúil den chluiche atá i moltaí an Aire dar le Browne. Deir Browne thar ceann an IRFU, go mbeidh laghdú de €12 milliún ar ioncam an Chumann Rugbaí má leantar ar aghaidh leis na moltaí, agus gurb é tuairim an chumainn nár chóir go mbeadh ról ar bith ag an Rialtas i gcúrsaí craolacháin spóirt in Éirinn chomh fada is a bhaineann leis an rugbaí ar aon nós.
Cad iad moltaí an Aire? Tar éis dó bliain a chaitheamh i mbun comhairlithe agus cur is cúiteamh ar an ábhar, deir an tAire gurb é atá á mholadh aige ná go ndéanfaí cluichí rugbaí na hÉireann i gcomórtas na Sé Náisiún móide cluichí a bhaineann le clubanna Éireannacha (an Mhumhain agus Laighean don chuid is mó) sa Chorn Heineken a chraoladh saor in aisce nó ‘saor ar an aer’ mar a thugtar ar sheirbhís an chraoltóra náisiúnta, RTÉ. (Dar ndóigh ní mó a rá nach bhfuil a leithéid de rud ann agus seirbhís teilifíse saor in aisce sa mhéid gurb é pobal na tíre a íocann as cuid mhór de chostais RTÉ tríd an ceadúnas teilifíse agus trí mhaoiniú as ciste an Stáit). Deir an tAire gurb é an socrú is fearr go mbeadh muintir na tíre uile, bídís saibhir nó daibhir, ag tarraingt phinsin nó ina n-ógánaigh, in ann na cluichí a fheiceáil gan dul i gcostas breise trí íoc as córas príobháideach nó gan dul go dtí an teach tábhairne.
Faoi láthair agus chomh fada ar aghaidh le 2013 tá agus beidh cluichí na hÉireann i gcomórtas rugbaí na Sé Náisiún á gcraoladh ‘beo’ ar RTÉ. Tá cearta craolacháin ag Sky Sports faoi láthair maidir le cluichí an Chorn Heineken. Teastaíonn ón Aire go mbeidh cead ag RTÉ na cluichí rugbaí go léir a bhaineann le foirne ón tír seo a thaispeáint ‘beo’ ar an aer amach anseo. Deir an Cumann Rugbaí áfach go gcaillfidh siad ioncam nach acmhainn dóibh a chailliúint toisc nach mbeidh RTÉ in ann a oiread céanna a íoc leo is d’íocfadh Sky Sports nó a mhacasamhail. D’fhágfadh sin easpa airgid i sparán an IRFU chun pá tarraingteach a íoc le himreoirí, rud a chiallódh go lorgódh na himreoirí is fearr fostaíocht le clubanna móra Shasana agus na Fraince. Ach ní aontaíonn gach duine le tuairim an IRFU. Dar le Roddy Flynn, Scoil Chumarsáide Ollscoil Chathair Átha Cliath, tá figiúirí an IRFU mícheart agus gur lú i bhfad, thart ar €3m, an laghdú a bheadh ar ioncam an IRFU de thoradh straitéis an Aire má chuirtear i bhfeidhm í.
Codarsna Fealsúnachta
Is léir mar sin i dtaca leis an gconspóid atá tionscanta ag ráiteas an Aire, go bhfuil coimhlint ann idir dhá dhearcadh nó dhá fhealsúnacht i leith spóirt agus craoladh an spóirt.
An leagan amach traidisiúnta, seanfhaiseanta, idéalach b’fhéidir atá taobh thiar de dhearcadh an Aire d’fhéadfaí a rá: gur caitheamh aimsire atá sa spórt agus go bhfuil ceart ag gach duine taitneamh a bhaint as ócáidí móra spóirt a bhfuil spéis go forleathan iontu; gur seirbhís don phobal i gcoitinne an craoladh ‘saor ar an aer’ mar a thugtar air.
Dearcadh eile atá i gcodarsnacht leis an eagna traidisiúnta, deir sé gur gnó é an spórt agus gur earra tráchtála é atá ar díol go hoscailte ar an margadh. De réir an dearcaidh seo, íocadh daoine ar bhealach amháin nó ar bhealach as an earra seo a chuirtear ar fáil ina phacáiste snasta den scoth ar fiú a cheannach. Is tábhachtaí mar sin bailiú an airgid de réir na fealsúnachta seo ná seirbhís don phobal, coimhlint atá le feiceáil i réimsí eile den saol chomh maith: oideachas saor in aisce do chách nó oideachas mar earra tráchtála ar fáil dóibh siúd gur acmhainn dóibh íoc as; an rud céanna maidir le seirbhísí sláinte agus tithíochta.
Na Trí Rogha
Tá trí rogha os comhair an Aire is cosúil:
Cúrsaí a fhágáil mar atá, is é sin cluichí idirnáisiúnta rugbaí fhoireann na hÉireann a bheith saor in aisce ar RTÉ agus cluichí eile an Chorn Heineken a bheith faoi chraoltóirí tráchtála ar nós Setanta agus Sky). Faoin rogha seo, bheadh deis ag an bpobal uile a íocann as ceadúnas teilifíse na cluichí idirnáisiúnta a fheiceáil sa bhaile.
Na cluichí idirnáisiúnta agus na cluichí a bhaineann le Laighin agus leis an Mumhain sa Chorn Heineken a bheith saor in aisce, rud a d’fhágfadh go mbeadh formhór na gcluichí a bhfuil suim ag an bpobal iontu ‘saor in aisce’.
A ladar a choinneáil as an scéal uile agus cead a chinn ag an IRFU a rogha rud a dhéanamh maidir le cén craoltóir a thaispeánfadh na cluichí a bhaineann le foirne Éireannacha. Is é seo rogha an IRFU agus dar leo go gcinnteodh sé sin go mbeidh an t-airgead ann chun na himreoirí is fearr a íoc go maith agus a choinneáil ag imirt in Éirinn. Toradh ar an socrú sin ar ndóigh ná nach mbeadh aon chluiche rugbaí saor in aisce ar fáil ag íocóirí ceadúnais teilifíse. Chaithfeadh duine seirbhís tráchtála a cheannach nó déanamh d’uireasa spóirt bheo.
Beidh impleachtaí móra do chúrsaí spóirt ag eascairt as pé cinneadh a dhéanfar i dtaobh cúrsaí craolacháin. Is cinnte go bhfuil lucht an FAI ag cur suime ar leith sa scéal. Maidir leis an gCumann Lúthchleas Gael, tá achar áirithe den bhóthar siúlta cheana féin ag an gcumann sa mhéid is go bhfuil cuid de na cluichí móra ‘díolta’ le cúpla bliain anuas le TV3, le Setanta, cé go mbíonn na cluichí is mó (ceathrú ceannais is araile) fós á gcraoladh ar RTÉ. Ritheann sé liom, agus ní den chéad uair, dá mbeadh an CLG, ach oiread leis an Rialtas féin, dáiríre faoin nGaeilge a chur chun cinn, go mbeadh méid áirithe de chluichí móra an tsamhraidh beo ar TG4 – ní hé nach bhfuil an oilteacht agus an saineolas ag an stáisiún.
An bhagairt, dar liom, nach féidir a rá nach mbeidh amach anseo imeachtaí móra spóirt na tíre go hiomlán faoi stiúir agus faoi smacht na hearnála príobháidí, an earnáil tráchtála, rud a chinnteodh dar liom easpa rogha don té nach acmhainn dó, nó nach mian leis, seirbhís nach bhfuil uaidh a cheannach. Ach caithfidh duine éicint an téiléireacht a íoc, nó mar a deir an Béarla, ní ann don lón saor in aisce!