Thug Liz Curtis cuairt ar theach pobail suimiúil in Albain a bhfuil stair fhada ag baint leis.
Is sráidbhaile ciúin cois trá é Portmahomack, atá suite in oirthuaisceart na hAlban ar leithinis darb ainm Tarbat Ness. Deir WJ Watson, saineolaí logainmneacha, gur ainmníodh as Naomh Colmán é, agus gur Phort mo-Cholmáig an bunainm. Sa Ré Luath-Chríostaí, cuireadh “mo-” roimh ainmneacha naomh agus “-óc” (nó “-áig” sa ghinideach) ag an deireadh mar chomharthaí ceana agus measa.
Ón 6ú haois ar aghaidh, tháinig roinnt mhaith Éireannach go hAlbain, tír na gCruithneach. Bhí go leor manach ina measc. Scaip na manaigh agus a lucht leanúna ar fud na tíre, agus thug siad a reiligiún, a dteanga, an Ghaeilge, a scileanna – an scríbhneoireacht san áireamh – agus a nósanna geilleagracha leo. Bhí a lán naomh ann a raibh an t-ainm Colmán orthu, agus is dócha gur chur duine acu faoi anseo ag Tarbat Ness.
Tá cnoc íseal in aice le bá Phort mo-Cholmáig, agus séipéal ar a bharr. Tugtar dhá ainm ar an séipéal – Séipéal Naomh Colmán agus Séipéal Seanpharóiste Tarbat. Tá seanreilig fhéarmhar thart air. Ón bhliain 1993, tá tochailt ar siúl ann gach samhradh, faoi stiúir an Ollaimh Martin Carver, d’Ollscoil York, Sasana. Tá neart iarsmaí faighte a léiríonn go raibh mainistir thábhachtach agus ghnóthach anseo ón 8ú go dtí an 11ú haois.
Is cinnte go raibh flúirse bia ann, idir an fharraige agus talamh maith feirmeoireachta. Mar sin, bhí na manaigh ábalta a gcuid ama agus fuinnimh a chaitheamh i mbun fhorbairt ceardaíochta den scoth. Rinne siad clocha snoite áille – crosa móra agus leaca cuimhneacháin – agus bhí ceardlanna acu ina ndearna siad pár as seithí do lámhscríbhinní, agus ina d’oibrigh siad le hór, airgead, cré-umha agus gloine.
Anois is iarsmalann iontach é an séipéal, a dtugtar Tarbat Discovery Centre air. Chomh maith le scéal na seanmhainistreach agus scéal an cheantair a léiriú, léirítear scéal an tséipéil féin anuas trí na haoiseanna, mar cuireadh cuma úr air le gach athrú mór san eaglais in Albain.
Mar shampla, i ndiaidh an Reifirméisin sa 16ú haois, cuireadh an phuilpid san áit ab fheiceálaí. Ón bhliain 1690 bhí an séipéal faoi chúram na dtiarnaí talún, agus i lár an 18ú haois tógadh seomra speisialta, an Laird’s Loft, inar shuigh an tiarna talún agus a theaghlach le linn na seirbhísí, a mhair uaireanta lá iomlán.
Ansin sa bhliain 1843, bhí an Réabadh ann. D’imigh a lán duine ó Eaglais na hAlban, mar ní raibh siad sásta le tionchar na dtiarnaí talún ar ghnóthaí na heaglaise. Bunaíodh an Eaglais Shaor agus tógadh eaglais nua i bPort mo-Cholmáig in aice leis an fharraige. Bhí an seanfhoirgneamh go fóill faoi chúram Eaglais na hAlban, ach bhí pobal beag ann. Sa bhliain 1946 tréigeadh é, agus bhí sé folamh go dtí gur shábháil an Tarbat Old Parish Church Preservation Trust é i 1980. Go luath ina dhiaidh sin, thángthas ar fhianaise go raibh suíomh mainistreach ann.
Cuireann Michele Cadger, an riarthóir, agus a meitheal saorálaithe fáilte mhór chroíúil roimh chuairteoirí, a thagann as gach cearn den domhan. Deir Michele go bhfuil ról an-tábhachtach ag na saorálaithe: “Tá a lán cúramaí orthu, ina measc, aire a thabhairt don siopa agus an nuachtlitir a chur le chéile.”
Tógadh an chuid is mó de na foirgnimh atá ann anois san 18ú haois. Tá an t-urlár leice ann go fóill, agus na ballaí adhmaid, a bhfuil dath bán orthu. Thuas staighre tá áiléar a úsáidtear mar áit ghníomhaíochta do na páistí.
Thíos staighre tá taispeántas álainn agus earraí le feiceáil a fuarthas san eaglais agus sa cheantar máguaird. Is macasamhail cuid acu de rudaí atá san Iarsmalann Náisiúnta i nDún Éideann anois. Tá ceann beag chloiche ón trá ann, ón Aois Iarainn, is dócha. Tá cnámha ainmhithe ann, blaosc madaidh seilge san áireamh. Soilsithe faoi ghrátáil san urlár, tá adhlacadh ciste, agus creatlach iomlán taobh istigh.
Is é croí an taispeántais na blúirí dealbhóireachta déanta as gaineamhchloch agus snoite go hachrannach álainn. Chomh maith le crosa agus greasa guairneánacha teibí, tá roinnt mhaith íomhánna eile ann, ina measc dragún, leoin, grúpa cléireach in éide, ba ag lí lao, agus torc allta.
I lár na heaglaise, tá seanstaighre cloiche corraiceach a théann síos go dtí an lusca, a chuireann creathanna fuachta ort. Tá síleáil bhoghtach ann, agus tá coincleach ghlas ag fás ar na ballaí.
Istigh anseo tá an balla is sinne atá faighte go fóill. B’fhéidir gur cuid de shéipéal ón 8ú aois é. Tá almóir sa bhalla, ar cófra beag é agus glas air, agus is féidir rudaí beannaithe a choinneáil ann, mar arán agus fíon sacraimintiúil agus taisí. Seans gur coinníodh taisí Naomh Colmán anseo.
Sa 15ú haois, tharla rud uafásach sa lusca seo. Is féidir suí síos ar an staighre agus éisteacht le téip ar a n-insítear an scéal. Bhí dhá theaghlach i bhfíoch lena chéile. Rinne muintir Mackay ruathar ar an cheantar seo. Chuaigh muintir Ross sa tóir orthu, agus chuaigh muintir Mackay ag lorg tearmainn sa lusca. Ach bhí siad sáinnithe. Bhí díon na heaglaise déanta as fraoch, agus chuir muintir Ross trí thine é. Dódh chun báis na fir a bhí istigh sa lusca. Tá comharthaí tine le feiceáil go fóill, agus is dócha go mbaineann siad leis an eachtra áirithe sin.
Tarbat Discovery Centre, Portmahomack, Albain, IV20 1YA.
Fón: 01862 871351; *info@tarbat-discovery.co.uk; www.tarbat-discovery.co.uk; www.york.ac.uk/depts/arch/staff/sites/tarbat *
- *
Oscailte 10 a.m. go 5 p.m., 1 Bealtaine go 1 Deireadh Fómhair; 2 p.m. go 5 p.m., Aibreán agus Deireadh Fómhair. Táille bheag isteach.
Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.