197
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Ní minic a thagann athrú ar rialtas náisiúnta na hAstráile, ach táthar ag súil go mbeidh ré an chomhrialtais reatha thart tar éis an chéad olltoghchán eile, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Bhí Sinéad Mhic Éamoinn an-mhíshásta lena saol i Meiriceá ach nuair a d’aimsigh sí an Ghaeilge tháinig feabhas mór ar chúrsaí.
»»»Tá sé ráite ag an Rialtas go mbeidh Reifreann á ghairm taobh istigh de bhliain chun deireadh a chur leis an Seanad. Údar aiféala a bheadh ina leithéid amach anseo, dar le Breandán Delap.
»»»D’éirigh le Balor agallamh eisiach a fháil leis an aire rialtais atá ag cur pholasaí díláraithe an rialtais i bhfeidhm.
»»»Chuir Sylvia Bledow aithne ar chuid de mhuintir na Síne trí obair go deonach ina measc.
»»»Nocht fogha Martin Mc Guinness faoin Áras íogair áirithe taobh ó dheas den Chlais Dubh. Chuirfeadh cuid den chaint a dúradh ó shin duine meabhrach i mbun finscéalaíochta. Níor thaise do Robert McMillen é.
»»»Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil deireadh bealaigh sroiste againn. Tabharfar droim leis an ór dubh, agus bhéarfaimid aghaidh ar bhreosla nó ar ábhar fuinnimh eile roimh i bhfad.
»»»Beidh muirear ar gach muirear agus muirear ar dhroim an mhuirir mhullaigh sin dar le Balor agus ní bheidh aon mhuirear gan mhuirear ina bhun agus ina mhullach.
»»»Tá rómhar domhain déanta ag Diarmaid Mac Mathúna leis an Ghaeilge in ithir na teicneolaíochta ó thosaigh sé ag soláthar ar an iris seo. Is buíoch beannachtach sinn de, siocair fáil a bheith ar an saibhreas sin feasta sa chartlann abhus. Guímid gach rath air agus fearaimid fíorchaoin fáilte roimh a chomharba, Roseanne Smith.
»»»Tar éis d’Emer Ní Bhrádaigh Camino de Santiago de Compostella na Spáinne a shiúl an samhradh seo, bhí sí cinnte de rud amháin - nach mbeadh sí ag dul ar ais ansin an bhliain seo chugainn.
»»»Caitheann Majella Ní Dhomhnaill súil ar ghné de shaol an duine óig in Éirinn, an dearcadh coiteann a tholg go leor le linn ghnóthú saibhris na nóchaidí agus tús an chéid. Ar cailleadh mianach agus tréithre daonnachta le scór bliain anuas agus an athshealbhófar an t-aos óg an daonnacht anois d’uireasa an Tíogair?
»»»Thug Ruth Nic Giolla Iasachta do na boinn é ag tús Redadeg, nó Rith, a shín timpeall na Briotáine ar son ghníomhaíocht na Briotáinise, scolaíocht sa teanga sin go háirithe.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: tinneas, an caidreamh idir mic agus máithreacha.
»»»An chéad chuid de shocrú na deacrachta is ea an dearcadh a shocrú ar dtús dar le Muiris Ó Meara. Má athraítear dearcadh daoine, is féidir teannadh le socrú na deacrachta in ionad a bheith ag seachaint an tsocraithe.
»»»Cuireadh fáilte mhór roimh Tony Birtill agus a chomhchnocadóirí i nGleann Cholm Cille ach tá daoine áirithe sa tír, feirmeoirí go háirithe, níos doicheallaí roimh thurasóirí.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.