AR NA SAOLTA SEO
Athbhreithniú nó Deis Chiorraithe
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí aird ar an mhéid a eascróidh as dhá phróiseas comhairliúcháin a bhaineann le todhchaí na Gaeilge, dar le Breandán Delap.

Chuala mé scéal grinn dornán blianta ó shin faoi fheirmeoir as Ciarraí a bhí ag lorg comhairle dhlíodóra. Nuair a bhí an seisiún istigh, d’éiligh an dlíodóir táille €100 uaidh. “Canathaobh?’ a d’fhiafraigh an feirmeoir. “Don chomhairle a thug mé duit,” arsa an dlíodóir. “Ambaiste,” arsa an Ciarraíoch, “ach níl mé ag glacadh leis!”

Tá súil agam nach mbeidh an toradh céanna ar dhá phróiseas comhairliúcháin thábhachtacha atá ar bun faoi láthair, próisis a mbeidh tionchar mór acu ar sheasamh agus ar chur chun cinn na Gaeilge san am atá le teacht. Is ag tagairt atá mé don phróiseas atá acurtha ar bun ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le hathbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus don phróiseas comhairliúcháin atá ar siúl ag Foras na Gaeilge maidir le córas úr maoinithe a leagan amach do na heagrais dheonacha Ghaeilge.

Deiseanna stairiúla iad seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun a chinntiú go gcuirfí reachtaíocht teangan i bhfóirstean dá fheidhm agus go gcuirfí bail cheart, sheasmach faoi na heagrais atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn. Deiseanna iontacha iad fosta dóibh siúd a bheadh ag iarraidh an bonn a bhaint de na cearta teangan atá bainte amach ag lucht labhartha na Gaeilge tar éis blianta fada stocaireachta agus ciorruithe a chur i bhfeidhm ins na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu. Ceist tola í: an bhfuiltear dáiríre faoin dá phróiseas chomhairliúcháin seo nó an leithscéal iad le faobhar a chur ar an tua? An ardáin ghaotaireachta iad nó an bhfeidhmeofar ar na moltaí a thiocfaidh astu? Leoga is beag uchtach a thabharfadh na comharthaí go n-uige seo don té a chuirfeadh muinín sna próisis úd.

Fáilte Chroíúil, Más Ea

Fáilte chroíúil a chur na heagrais Ghaeilge roimh fhógra Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, roinnt míonna ó shin go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Aithníodh ag an am gur deis a bhí ann lena chinntiú go mbeadh an tAcht ag freastal go sásúil ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; go ndéanfaí soiléiriú ar chearta agus ar dhualgais teanga; agus go n-aimseofaí dóigh leis an ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann leis a ghearradh siar. Cuireadh próiseas comhairliúcháin poiblí ar bun chun na leasuithe seo a bhaint amach agus iarradh ar eagrais agus ar dhaoine aonaracha a gcuid moltaí a chur chun tosaigh ina leith. Níl aon amhras ach gur bhreith pobal na Gaeilge ar an fhaill agus breis is 240 aighneacht agus 1,400 suirbhé faighte ag an Roinn. Ní haon áibhéil a rá gur freagra ollmhór é seo ar an phróiseas a cuireadh ar bun.

Ceist eile ar ndóigh ná an gcaithfear i ndáiríre leis na moltaí atá déanta. I léacht a thug sé i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh, léirigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, amhras áirithe faoi cé chomh dáiríre is atá an próiseas maidir le leasú an Achta: “An dtapóidh muid, mar stát, an deis stairiúil seo nó ar mugadh magadh, cleasaíocht agus cur i gcéill a bheidh i gceist leis?”

Ar an ábhar sin, is cúis díomá é nach bhfuil aon chinneadh déanta ag an Roinn maidir le moladh stuama a tháinig ó shaineolaí idirnáisiúnta ar phleanáil teanga faoin dóigh a chuirfí na haighneachtaí seo i dtoll a chéile. Ag caint ag Tóstal na Gaeilge an mhí seo caite, mhol an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Caerdydd go gceapfaí iarbhreitheamh, abhchóide sinsireachollamh ollscoile le scagadh agus próiseáil neamhspleách a dhéanamh ar na moltaí a bheas ag eascairt as an phróiseas athbhreithnithe. Cúpla lá ina dhiaidh sin in agallamh le Nuacht TG4 ar an ábhar, chuir an tAire Stáit McGinley in iúl nach raibh aon chinneadh déanta faoin mholadh seo.

Cluas Éisteachtaan Chluas Bhodhar

Is trua sin. Óir beidh rath an phróisis athbhreithnithe ag brath go mór ar thoil phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta páirt ghníomhach a ghlacadh ann. Ba cheart mar sin go mbeadh an próiseas uilig go huile agus go hiomlán oscailte agus trédhearcach ón tús agus go mbeadh muinín ag éinne a chuireann aighneacht le chéile faoin leasú go gcaithfear go dáiríre lena bhfuil molta aige.

Is beag costas a bhainfeadh lena leithéid de cheapachán dar liom agus níl aon mhíniú sásúil tugtha ar an chúis nár gníomhaíodh go fóill ar mholadh an Ollamh Williams. Drochsheans go mbeadh aon duine nó eagraíocht i saol na Gaeilge in éadan scagadh oscailte agus poiblí den chineál sin a bheith déanta ar a gcuid moltaí agus aighneachtaí. Bheadh an baol ann fosta gur sciath cosanta a bheadh i bpróiseas rúnda do naimhde na teanga a bheadh ag iarraidh creimeadh faoi choim a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach le blianta beaga anuas, mar a mheabhraigh an Coimisinéir Teanga dúinn:

“Níor cheart cosaint na rúndachta nó an dorchadais a thabhairt dóibh siúd a bheith in aghaidh chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Níl sé romhall a leithéid de dhuine a cheapadh agus is cinnte go gcuirfeadh sé le muinín pobal na Gaeilge ins an phróiseas. Tar éis an tsaoil, tá sé de chead agus de chumhacht ag an Rialtas an tAcht a athrú mar is toil leo gan dul i gcomhairle leis an phobal. Go deimhin, tá dhá leasú déanta acu cheana féin ar an Acht áirithe seo. Is eisceacht í an próiseas comhairliúcháin seo mar sin, óir gurb iondúil nach lorgaítear moltaí ón phobal nuair a bhíonn leasuithe á ndéanamh ar fhormhór na reachtaíochta.

Ach má théann tú ag lorg moltaí, caithfear cluas éisteachta a thabhairt dóibh. Ba thrua gur mar thoradh ar iarratas ó iriseoir faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a thiocfadh mioneolas faoi na haighneachtaí a déanadh chun solais. Ar ndóigh ní scaoilfí an t-eolas seo amach go dtí go mbeadh an breithniúchán críochnaithe. Fán am sin, bheadh na cinnidh déanta agus ní bheadh seans dá laghad ag an phobal tionchar a imirt ar an phróiseas.

An tSamhail Nua Mhaoinithe

Idir an dá linn, ní léir go bhfuil mórán dul chun cinn déanta i bpróiseas comhairliúcháin eile atá ar siúl faoi láthair. Tiocfaidh athrú suntasach ar mhaoiniú na n-eagras deonach Gaeilge de réir struchtúr nua a d’fhógair Foras na Gaeilge arú anuraidh don earnáil sin. Cuirfear deireadh ar fad lena mbunmhaoiniú ach beidh siad ábalta iarratais a dhéanamh ar thionscadail éagsúla. ‘An tSamhail Nua Mhaoinithe,’ a thugtar ar a bhfuil beartaithe agus é mar aidhm aige a chinntiú go bhfaighfidh an Foras luach a gcuid airgid as an chaiteachas substaintiúil a dhéantar ar an earnáil. Naoi n-eagras déag atá i gceist ar nós leithéidí Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Gaelscoileanna, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Glór na nGael. Tá siad uilig glan ina éadan an chórais úir. Maíonn na heagrais sin nach mbeidh cinnteacht seilbhe acu a thuilleadh agus go mbeidh sé thar a bheith doiligh acu foireann chumasach a earcú dá bharr.

Bhí sé i gceist go mbeadh an córas nua maoinithe i bhfeidhm faoi lár 2011 ach níor ghlac an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas leis ag a gcruinniú i mí Dheireadh Fómhair. Iarradh ar an Fhoras ag an tráth sin síneadh a chur leis an phróiseas chomhairliúcháin. Dúirt an tAire Stáit Dinny McGinley ag an chruinniú d’Fhoras Teangan na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas cé go raibh sé socraithe leasuithe a dhéanamh ar chóras maoinithe an Fhorais, go raibh sé tábhachtach tuairimí na n-eagras a ghlacadh san áireamh.

Éisteacht agus Neamhaird

Tá an próiseas nua comhairliúcháin curtha ar bun ach tá an chosúlacht ar an scéal gurb é an toradh ceanann céanna a bheas air. D’eisigh an 19 n-eagras Gaeilge atá i gceist comhráiteas cúpla seachtain ó shin inar dúradh gurb ionann an tSamhail Nua Mhaoinithe agus deireadh a bheith á chur le hobair na n-eagras sin. Bhí siad buartha go mbeadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe atá acu agus go gcaillfí “saibhreas na mblianta de dhúthracht agus de thaithí.” Ní fhéadfadh riamh, dar leo, “go mbeadh an saineolas ná an taithí céanna ag oibrithe ar conradh. Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.”

Deir na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú ach go bhfuil siad lánsásta obair i bpáirt leis an Fhoras chun teacht ar mhúnlaí nua oibre a rachadh chun tairbhe na Gaeilge ar fud na hÉireann. Mhol siad don Fhoras gur cheart meicníocht idirbheartaíochta a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.

Sáinn gan réiteach atá ann mar sin san am i láthair agus gan aon chosúlacht ar an scéal go bhfuil aon athrú suntasach tagtha ar an scéal mar thoradh an phróiseas chomhairliúcháin. Tá an Foras diongbháilte gur ar bhonn tionscadail a mhaoineofar an ghné seo de chur chun cinn na Gaeilge feasta agus tá na heagrais dheonacha buartha faoina dtodhchaí.

Cad a tháinig as an phróiseas chomhairliúcháin mar sin? An amhlaidh gur bac ar fhorghníomhú a bhí ann do chinneadh a bhí greannta i gcloch? An cur i gcéill atá ann?

Nuair a fiafraíodh tráth den bhainisteoir sacair cáiliúil, Brian Clough, cad a tharlaíodh mura mbíodh duine dá chuid imreoirí ar aon tuairim leis dúirt sé: "We talk about it for twenty minutes and then we decide I was right." Tá súil agam nach bhfuil a leithéid céanna i gceist leis an dá phróiseas comhairliúchán tábhachtacha seo: ’sé sin go n-éisteofar lena bhfuil le rá ach i ndeireadh ama go nglacfar cinneadh beag beann ar an mhéid a dúradh.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.