429
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Is clár é “Barrscéalta” ar Raidió na Gaeltachta a thugann guth do na gnáthdhaoine in iarthuaisceart Thír Chonaill. Labhair Colm Ó Dúlacháin le láithreoir an chláir, Áine Ní Churráin.
»»»Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.
»»»Chas Alan Desmond lena chomh-Chorcaígh agus craoltóir aithnidiúil, John Creedon, le breathnú siar ar chonair na cuimhne a thug aneas trí Montrose é agus ó dheas arís lena theaghlach cois Laoi na sreabh. Is iomaí clár in am marbh na hoíche nó le mochdháil maidine a chraol sé ó d’fhág sé bun Chnoc Phádraig agus teach a mhuintire ina dhiaidh.
»»»Rianaíonn Eoin Ó Catháin an tslí ar cloíodh glan amach polaiteoir amháin i gCeanada, Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec, ar na mallaibh.
»»»Bhí Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag seoladh an straitéis is deireanaí ag an rialtas chun an Ghaeilge a shlánú sa nGaeltacht, ach ceapann sé go bhfuil an cath caillte sa nGaeltacht de dheasca an chur chuige atá molta.
»»»Ní fiú faic Plean Deich bPointe an Aire Sláinte, dar le Breandán Delap, mura ndíríonn leis na hospidéil dul i ngleic le fadhb an MRSA.
»»»Tharraing sár-urghairí cúirte agus seanbhlas na liarlóg nuachtáin ar imreoirí sacair aird Mhíchéail Uí Aodha.
»»»Le beagán de bhlianta anuas leanann Donncha Ó hÉallaithe an príomhshraith sacair i Sasana. Deir sé go gcabhraíonn sé leis an geimhreadh a chaitheamh agus déanann sé cúpla euro as chomh maith!
»»»Beidh muintir na Fraince ag díriú a n-aird i mbliana ar an té sin sa chomharsain nach gcuimhnítear air de ghnáth. Míníonn PJ Mac Gabhann san alt seo gurb é an t-uaigneas námhaid mhuintir na Fraince an bhliain seo.
»»»Tá Robert McMillen agus daoine go leor eile in ann tuairim a thabhairt roimhré ar an dóigh a mbeidh cur chuige imeachtaí áirithe atá amach romhainn á meas ag na dreamanna éagsúla.
»»»Tá cáil ar an scríbhneoir Maorach Witi Ihimaera ní hamháin mar ghearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir - fuair an script a scríobh sé don scannán Whale Rider roinnt blianta ó shin an-mholadh go hidirnáisiúnta fosta. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis le déanaí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil sé ag obair mar Ollamh le Litríocht Mhaorach, faoina shaothar agus faoina dhúchas.
»»»Díoladh pictiúr de chuid Rembrandt, Naomh Séamas Mór, ar $25.8 milliún i Nua-Eabhrac an mhí seo caite. Míníonn Ciara Nic Gabhann cén fáth, dar léise, a bhfuil oiread fiúntais ag baint le saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: obair fhisiciúil.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.