THALL IS ABHUS
An Chúis Mhór Náisiúnta
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Beidh muintir na Fraince ag díriú a n-aird i mbliana ar an té sin sa chomharsain nach gcuimhnítear air de ghnáth. Míníonn PJ Mac Gabhann san alt seo gurb é an t-uaigneas námhaid mhuintir na Fraince an bhliain seo.

Íomhá
Príomh-Aire na Fraince François Fillon
le Benjamin Lemaire ar Vicipéid
Íomhá
Fear ar an ngannchuid i bPáras
le Eric Pouhier ar Vicipéid
Íomhá
Foinse Schwendi i gColmar
le Gerhart Elsner, Vicipéid
Íomhá
Romans-sur-Isére
le KB ar Picasaweb

Is fada ráite gur fearr an t-imreasan t-uaigneas. Mionscéalta nuachta. ‘Faits divers’ a thugtar orthu anseo sa Fhrainc. Trí cinn le seachtain nó dhó anuas a chuaigh go mór i bhfeidhm orm. An scéal faoin bhfear, sé bliana is tríocha d’aois, a chuaigh amach chuig dioscó ag deireadh mhí na Samhna agus a d’fhág a iníon ina codladh i gcúl an chairr. “Tháinig mé amach uair nó dhó chun cinntiú go raibh sí fós ina codladh,” a dúirt sé agus é os comhair na cúirte i gcathair Colmar in oirthear na Fraince, “agus chun an teas a chur ar siúl sa charr.” Thart ar a trí a chlog ar maidin, thángthas ar an gcailín, ceithre bliana d’aois, i gcarrchlós na hóstlainne ina raibh an dioscó faoi lánseol agus í ag caoineadh. Dúirt sí go raibh sí bréan de bheith ag fanacht lena hathair agus gur theastaigh uaithi dul abhaile. Gearradh ocht mí ar an leaba chláir air.

Nó an scéal faoi ghasúr dhá bhliain déag d’aois, Oussmane Cissé, ar tugadh íde béil dó ar scoil toisc go rabhthas in amhras gurb é a scaoil aláram éigeandála na scoile le linn rang corpoideachais. Ar a bhealach abhaile ón scoil an tráthnóna sin, is cosúil gur chaith sé é féin amach san abhainn ó dhroichead i lár Romans-sur-Isère, baile atá céad ciliméadar ó dheas de chathair Lyon. Níor thángthas ar a chorp fós. Is í an cheist atá ar bhéal gach duine, cén fáth a ndéanfadh gasúr a leithéid?

Ar deireadh, an scéal faoi bhean naoi mbliana is trí scór d’aois agus cónaí uirthi i gceap árasán in Épinay-sous-Sénart, baile atá gar go maith do Pháras. Chaith sí trí seachtaine sáinnithe ina seomra folctha. Glas lochtach a ba shiocair leis an tsáinn a raibh sí agus toisc nach gcónaíonn aon duine eile léi, ní raibh éinne ann a thiocfadh i gcabhair uirthi. I ngeall nach raibh fuinneog ar bith sa seomra folctha, ní raibh de rogha aici ach bualadh ar na píobáin uisce ag súil go dtabharfaí faoi deara go raibh sí i sáinn.

Fiche lá a chaith sí ag baint ceoil as na feadáin uisce chéanna go dtí gur tháinig na fir dhóiteáin chun í a tharrtháil. Comharsa béal dorais a chuir fios orthu sa deireadh. D’éirigh leis an tseanbhean teacht slán, dar leis na seirbhísí éigeandála, toisc go raibh teacht aici ar uisce. Bhí litir á cur thart i measc na gcomharsan chun gearán oifigiúil a dhéanamh faoin torann ar fad, torann a bhí ag gabháil idir iad agus codladh na hoíche. Ní raibh a fhios acu, ar ndóigh, go raibh an bhean bhocht i sáinn. Bhíodar den tuairim go raibh duine ag cur cistine isteach nó ag athchóiriú seomra folctha!

Díbirt an Uaignis

Le roinnt blianta anuas, is é an nós atá ann sa Fhrainc ná go roghnaítear tionscadal náisiúnta a mhairfidh ar feadh bliana, tionscadal a mbeidh ranna rialtais agus eagraíochtaí carthanachta ag obair air agus a rachaidh chun sochair an phobail ar fad. Glaoitear an Chúis Mhór Náisiúnta ar an tionscadal sin. Anuraidh, cosc a chur le foréigean in aghaidh na mban an Chúis Mhór Náisiúnta a bhí ann. Arú anuraidh, an gá atá le deonachán orgán a bhí i gceist. I gcaint a thug Príomh-Aire na Fraince, François Fillon, ag deireadh mhí na Samhna, d’fhógair sé gurb í fadhb an uaignis an Chúis Mhór Náisiúnta a bheidh ann sa bhliain 2011.

I dtuarascáil a foilsíodh i mí Iúil seo caite, deir an eagraíocht Fondation de France go gcuireann an t-uaigneas isteach ar 9% den daonra sa Fhrainc. Is ionann sin agus ceithre mhilliún duine a mhothaíonn scoite amach ón gcuid eile den phobal nó ina n-aonar, nach mbíonn ach fíorbheagán caidrimh acu le daoine muinteartha leo, le comhghleacaithe oibre, le cairde nó le comharsana. “Is é an deireadh seachtaine is measa,” a dúirt duine amháin a cuireadh faoi agallamh mar chuid den staidéar. “Cén fáth a nglacfainn laethanta saoire? Chun céard a dhéanamh? Táim liom féin.” Cuireann an tuarascáil i gcuimhne dúinn nárbh iad na teochtaí arda le linn Lúnasa 2003 a ba chúis le bás breis agus 8,000 duine i bPáras agus ar fud na Fraince ach toisc gur fágadh na daoine seo leo féin. Go minic áfach, ní fheictear na daoine seo. Is ar éigean go dtugtar iad faoi deara nó go dtuigtear gur ann dóibh fiú. Agus is leasc leo aird a tharraingt orthu féin nó ar an gcruachás ina bhfuil siad ar eagla go gceapfaí fúthu gur orthu féin atá an milleán má tá siad ina n-aonar. Bíonn náire ar dhaoine a rá go bhfuil siad uaigneach.

Cuma na Maitheasa, Ceilt na hAinnise

Léiríonn an tuarascáil leis go bhfuil dlúthcheangal ann idir an bhochtaineacht agus an t-uaigneas. “Níl fhios ag aon duine, cé is moite de mo bheirt iníonacha a bhfuil cónaí orthu i gcathair Lyon, go bhfuil mé ar an ngannchuid,” a dúirt Alain atá seasca bliain d’aois agus a bhfuil cónaí air gar do Marseille. Theip ar an ngnó a bhí aige i 2008 agus tá sé dífhostaithe ó shin. “Déanaim iarracht roinnt airgid a chur i leataobh gach seachtain ar eagla go dtiocfadh cairde chugam ar cuairt. Níor mhaith liom go mbeidís ag ceapadh go bhfuil mé bocht.”

Is minic a mhothaíonn daoine mar Alain nach bhfuil aon tairbhe leo a thuilleadh agus nach mbeadh spéis ag daoine eile iontu dá bharr. ‘Tréigthe’ an focal is minice a úsáidtear agus daoine ag caint faoi uaigneas a bheith orthu. Ach ní hiad na daoine aosta nó na daoine bochta amháin a bhíonn uaigneach. Tá fianaise ann, de réir an Fondation de France, a léiríonn go gcuireann an t-uaigneas isteach go mór ar an aos óg chomh maith. Mar fhreagra ar an gceist “An dtarlaíonn sé riamh go gcuireann an t-uaigneas isteach ort?”, dúirt 52% den aoisghrúpa 18-24 bliain agus 58% den aoisghrúpa 25-34 bliain gur fadhb é an t-uaigneas ina saol féin.

Céard is féidir a dhéanamh? Cé gur maith ann iad, is cinnte nár cheart brath ar na gréasáin shóisialta, amhail Facebook nó Twitter, mar leigheas ar an bhfadhb. Cuireadh tús leis an bhféile La Fête des Voisins i 1999, féile a cheiliúrtar go bliantúil ar fud na hEorpa anois ar an Aoine dheireanach i mí na Bealtaine, chun deis a thabhairt do dhaoine a chónaíonn in aice a chéile aithne a chur ar a chéile. Tús maith a bheadh ann cinnte ach tá an t-uafás eile go bhféadfaimis a dhéanamh. Bíodh sé mar rún againn don bhliain nua!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.