AGALLAMH BEO
Witi Ihimaera
Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta Ruth Nic Giolla Iasachta

cáil ar an scríbhneoir Maorach Witi Ihimaera ní hamháin mar ghearrscéalaí, úrscéalaí agus drámadóir - fuair an script a scríobh sé don scannán Whale Rider roinnt blianta ó shin an-mholadh go hidirnáisiúnta fosta. Labhair Ruth Nic Giolla Iasachta leis le déanaí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil sé ag obair mar Ollamh le Litríocht Mhaorach, faoina shaothar agus faoina dhúchas.

Íomhá
Íomhá
Distinguished Companion of the New Zealand Order of Merit á bhronnadh ar Ihimaera in 2004
Íomhá
An scríbhneoir Keri Hulme
Íomhá
Íomhá
Ollscoil Auckland, áit a bhfuil Ihimaera ag obair
Íomhá

dosaen duais bainte aige as a shaothar, agus scór leabhar foilsithe aige. Tá duais Leabhar na Bliana Wattie (nó Leabhar na Bliana Montana, mar a thugtar air anois) buaite aige faoi thrí, rud nach ndearna scríbhneoir ar bith eile. Rinne sé eagarthóireacht ar an tsraith Te Ao Marama, bailiúchán de chúig leabhar ficsin agus neamhfhicsin Maorach, 1980-93. Sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht, chaith sé seal ag obair mar fhear poist. Scríobhann sé cineálacha éagsúla leabhar: úrscéalta, gearrscéalta, drámaí agus, an rud a tharraing an clú is mó air is dócha, scripteanna scannán. Bronnadh duaiseanna idirnáisiúnta ar *Whale Rider *(rogha an phobail ag Féile Scannán Toronto 2002, agus rogha an lucht féachana ag Féile Scannán Sundance 2003). Seo curriculum vitae an scríbhneora Nua-Shéalannaigh Witi Ihimaera, a rugadh in aice le Gisborne bliain roimh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda.

Chuir Ihimaera roinnt ama ar leataobh chun go bhféadfainn agallamh a chur air maidin Aoine amháin le linn bhriseadh lárthéarma Ollscoil Auckland, áit a bhfuil sé ag obair. Cé nach raibh na mic léinn thart, bhí an-chuid oibre fós le déanamh ag an scríbhneoir. An tionscadal atá idir lámha aige faoi láthair ná taighde agus athscríobh ar an leabhar Māori Myths and Legends. Is duine de shliocht Maorach é Ihimaera, agus tá sé an-bhródúil as a oidhreacht.

“Rugadh mé i 1944. Tháinig mo thuismitheoirí ó dhá iwi [treibh] éagsúla. An chéad uair a bhí tuiscint pholaitiúil agam ar mo stádas sa domhan, b’in nuair a d’fhill mé ón gcéad lá ar scoil. Bhí mé cúig bliana d’aois ag an am, agus bhí mo sheanmháthair ag fanacht orm. D’fhiafraigh sí díom cén t-eolas iontach de chuid na Pākehā [daoine geala na Nua-Shéalainne] a bhí foghlamtha agam an lá sin. D’aithris mé ‘Jack and Jill’ di. Chuir sí ceisteanna éagsúla orm: Cén fáth a raibh tobar acu thuas ar chnoc – nach raibh sé sin amaideach? Cén fáth a raibh an ‘choróin’ ar an mbuachaill? Bhain sise bunbhrí as an bhfocal sin! B’as treibh ina raibh an-chumhacht ag na mná dise. Agus mé i mbun comhrá léi, thuig mé go raibh mé ar tí dul isteach i ndomhan ait, áit nach raibh ciall ar bith ag baint le rudaí. Go mbeadh chuile rud bunoscionn. B’in an difríocht idir saol an bhaile agus saol na scoile.

“Bhí Maorais ag mo thuismitheoirí, ach nuair a thosaigh muidne ar scoil, níor labhair muid í. Labhair na daoine fásta í sa bhaile, ach ar scoil níor smaoiníodh riamh uirthi mar theanga acadúil. Bhí cur chuige pionósach ag baint léi. Labhair na páistí Béarla, agus na daoine fásta Maorais. Bhí scoilt eadrainn, mar sin, mar níor thuig mé ceard a bhí á rá ag mo thuismitheoirí. Sa deireadh, bhain siad úsáid as an teanga chun labhairt faoi chúrsaí rúnda os comhair na leanaí. “Dúirt m’athair liom blianta ina dhiaidh sin go raibh cathú air maidir leis an gcailliúint teanga sin. ‘Cheapas féin go bpiocfadh sibh suas í, agus í á labhairt mórthimpeall oraibh,’ a dúirt sé. Níor phioc, áfach. Chuir siad an-bhéim ar an oideachas, agus ba é an Béarla teanga na scoile.”

B’in rud amháin a chuir ag scríobh é, an chaoi gur mhothaigh sé easnamh nó cailliúint maidir le teanga, maidir le cultúr. “Nuair a thosaigh mé ag scríobh, bhí mé ag iarraidh aistriú ó chomhthéacs Maorach go comhthéacs Pākehā.”

Idir dhá chultúr

Uaireanta, meastar go bhfuil an Nua-Shéalainn ró-spleách ar chultúir ón taobh amuigh, de dheasca a ceangail fhada stairiúil leis an mBreatain, agus a giorracht don Astráil. Chun féiníomhá níos cruinne a chruthú, tá go leor den tuairim gur gá glacadh le traidisiún na Maorach, agus cothromaíocht a chothú idir é agus an ceann Anglach. Fuair Ihimaera onóir ó Bhanríon Shasana in 2004, nuair a ainmníodh é mar Distinguished Companion of the New Zealand Order of Merit. Ní fheictear dó go bhfuil aon choimhlint anseo – is féidir le gníomhaí do chearta ceannasacha a phobail glacadh le teideal mar seo, dar leis. Is ar bhealach cultúrtha a thugann sé faoi. “Cén chaoi a bhféadfainn casadh éigin a bhaint as ballet, opera agus eile sa Nua-Shéalainn? Fuair mé coimisiún ón Royal New Zealand Ballet chun ballet Maorach a scríobh. Bhí siad ag iarraidh lucht féachana níos leithne a tharraingt isteach. D’éirigh linn. Tháinig Maoraigh agus muintir na nOileán Pasifika chuig na seónna. Ach fós níl Maorach ar bith sa corps de ballet.” D’fhiafraigh mé de ansin cén fáth a ndeachaigh sé le traidisiúin mar iad, foirmeacha ealaíne ó thíortha eile. Nár cheart an ballet a fhágáil faoi na Francaigh agus na Rúisigh, agus an opera faoi na hIodálaigh? “Táimse ag iarraidh rian Nua-Shéalannach a fhágáil ar na meáin seo. Ar shlí amháin, chun féiníomhá na tíre a chur chun cinn agus, ar shlí eile, go meallfaidh mé daoine chuig an dearcadh Maorachsa chaoi chéanna ar mealladh mise isteach i saol na bPākehā agus mé óg.”

Mar, is trí bheith ag léamh agus ag foghlaim trí mheán an Bhéarla a tháinig forbairt ar shamhlaíocht agus ar mheon Ihimaera. Glacann sé leis an tábhacht a bhaineann leis an saibhreas cultúrtha sin – ach tá sé mar mhisean anois aige an dara leath den idirmhalartú sin a chur i gcrích, agus a chultúr Maorach a thaispeáint do na Pākehā. “Ní Maorach mé ar snámh i ndomhan Eorpach – is Maorach mé i domhan Maorach.

“Bainim úsáid as miotais agus fabhalscéalta Maoracha d’aon turas. Ba mhaith liom go mbeadh na miotais seo ar fáil do chuile dhuine sa thír – go dtuigfeadh an pobal Nua-Shéalannach go bhfuil réimse níos leithne acu ná miotais Ghréagacha nó rudaí as an traidisiún Eorpach. Tá an dara bealach ann, agus is féidir uisce a bhaint ó thobar ár b*Patupaiarehe *[an Slua Sí] féin.” Sos

Thóg Ihimaera sos ón scríbhneoireacht ar feadh roinnt blianta sna seachtóidí. Tar éis bliana mar scríbhneoir cónaithe in ollscoil Otago, áit ar scríobh sé *The New Net Goes Fishing *(1976), shocraigh sé éirí as an obair chruthaitheach ar feadh tamaill.

“Dúradh fúm gur mé an chéad scríbhneoir Maorach. Ní raibh mé cinnte an raibh mé ag iarraidh an t-ualach sin a iompar. Ní raibh mé sách maith. Bhí mé cúthail faoi mo thallann féin agus scríbhneoirí mar Patricia Grace, Keri Hulme [a bhuaigh Duais Booker] agus Apirana Taylor ag saothrú leo. Thuig mé go maith nach raibh na chéad leabhair sin a scríobh mé díreach mar a bhí uaim. Bhí orm mé féin agus mo chuid scríbhneoireachta a chruachan!”

Chaith sé na blianta sin ag obair i bhfeachtas cearta ceannasacha na Maorach mar ghníomhaí agus bhí postanna éagsúla aige le linn na tréimhse sin. Ceapadh é mar thaidhleoir, mar shampla, agus chaith sealanna ina chónaí thar lear, in Canberra, Nua-Eabhrac agus Washington. “D’fhoghlaim mé go leor le linn na mblianta sin, go raibh ‘gairm’ agam. Ó bheith i mo ghníomhaí polaitiúil, d’fhorbair mé teacht aniar agus diongbháilteacht.

“Scríobhaim as paisean, dualgas, spadhar. Scríobhaim croílár mo thaithí féin. Ó am go ham, cuirim mé féin ar an imeall, nó taobh amuigh, agus dearcadh criticiúil agam. Uaireanta eile, is i lár an tsrutha atáim. An aidhm atá agam leis sin ná trasnú a dhéanamh i dtreo na Canóna. Táimse sásta má théann an leabhar amach go garbh – muna bhfuil sé ró-shnasta. Uaireanta, laghdaíonn an snas paisean an leabhair.

“Is cuma liomsa muna bhfuil mo leabhair dea-scríofa. Tuigim go maith mo chuid teorainneacha féin mar scríbhneoir. Ach má bhíonn paisean agus polaitíocht ann, bímse sásta. Tá a fhios agam go maith nach mbeidh mo chuid leabhar riamh den chéad scoth – is cuma sa tsioc liom.”

Mar sin féin, tá roinnt ama caite ag Ihimaera ag athscríobh cuid dá shaothar. D’fhás The Rope of Man (Washington DC, 2005) as *Tangi *(a thosaigh sé i Londain i 1970). “An fáth ar athscríobh mé na leabhair sin ná go raibh feabhas tagtha ar mo scileanna scríbhneoireachta. Bhí an teicnic agus an snas níos fearr. D’athraigh mé rudaí ar mhaithe le bheith níos fírinní. Nuair a bhí mé óg, bhí mé ag iarraidh go mbeadh grá ag daoine dom. Anois, ní grá, ach meas atá uaim. Agus caithfear meas a thuilleamh. Anois, an príomhrud, dar liom, ná go ndéarfaidh mé an rud atá le rá agam. Is é an rud a deirim, agus ní an chaoi a gclaonaim mo cheann don cheamara – sin an pointe, sin an fhírinne.”

Leis sin, taispeánann sé clúdach The Matriarch (1986) dom. “Breathnaigh air seo – chomh láidir agus chomh léir.” Damhán alla fíordhubh agus moko (tatú) bán ar a dhroim. Línte dearga. Dearg, dubh agus bán – dathanna na Maorach.

“An chéad leabhar a scríobh mé, Pounamu, Pounamu (1972), bhí sé dírithe ar dhaltaí meánscoile. Bhí mé ag iarraidh rud a chur ar an tseilf dóibh in aice le Katherine Mansfield a thabharfadh léargas ar theaghlach Maorach mar a rinne Mansfield i gcás theaghlach Burnell. Leagan eile do na pháistí a bhí i gceist, idir Pākehā agus Mhaoraigh.”

Cáineadh géar

Na chéad trí leabhar a scríobh sé, ba shaothair an-simplí iad a bhí dírithe ar an léitheoir óg. Deir sé go raibh an lucht critice an-dian orthu, fíochmhar, fiú. Nuair a thosaíonn tú ag scríobh i dtraidisiún nua, dar leis, ní bhíonn a fhios ag daoine cén chaoi le déileáil le do shaothar. Baineann siad úsáid as catagóirí na Canóna agus déanann breithiúnas le huirlisí nach bhfeileann.

“I Whanau *(1974) agus *Pounamu Pounamu, d’inis mé scéalta a bhí fíor ó thaobh nádúr na ndaoine – aroha [grá, fialmhaitheas], cairdeas agus na mothúcháin a bhaineann leo. Ach níor chuir mé eilimint pholaitiúil isteach ann. Bhí cúpla tagairt déanta agam don pholaitíocht, ach chomhairligh na foilsitheoirí orm iad a bhaint amach. Ag an am sin, ní raibh an tír ag iniúchadh na rudaí sin, ní raibh trácht poiblí ar chearta Maoracha mar atá anois. Caithfear a thuiscint nach raibh foilsitheoirí Maoracha ná aon eagraíocht chun tacú le foilsitheoireacht Mhaorach ann, ná foilsitheoirí a bhí báúil leis na nuances polaitiúla sin.

“Ghéill mé dóibh, ach tá mé míshásta leis na leabhair sin dá bharr le fada an lá. Níl i Whanau ach gearrscéal eile – ach dúradh liom go raibh sé rófhada le cur le Pounamu Pounamu, agus foilsíodh ina aonar é. Ach, b’ógfhear sotalach mé, agus bhí mé ag iarraidh mo shaothar a bheith foilsithe. Ghlac mé leis an iomarca coinníollacha ar mhaithe le bheith foilsithe.

“Nuair a tháinig na foilsitheoirí Reed [foilsitheoirí fhoclóir agus litríocht Mhaoraise] chugam le gairid, mar sin, ag iarraidh athchló a chur ar mo luathshaothair, thapaigh mé an deis an rud a chur ina cheart faoi dheireadh. Sin buntáiste a bhaineann le bheith mór le rá – cé nach raibh siad iomlán tógtha leis an smaoineamh faoi athscríobh, bhí mé in ann é a éileamh. Rinne siadsan an bunleabhar a athchlóscríobh, agus ansin d’oibrigh mise ar na hathruithe.

“D’fhás Tangi (1973), cineál de dhán próis, isteach ina úrscéal agus dhá leath ann. D’éalaigh mé ón dearcadh ‘tréadlach neamhpholaitiúil’, agus chuir mé an comhthéacs litríochta agus polaitiúil isteach. Toisc gur fhíordhaoine a bhí i gceist leis, bhraith mé gur cheart dom athscríobh a dhéanamh. An carachtar Nanny Miro, mar shampla, b’in mo mhamó, an té a bhí ag fanacht orm tar éis an chéad lá ar scoil. Cinnte, ba sheanbhean í a d’imir cluichí cártaí lena cairde – ach ba bhean chumhachtach sa pholaitíocht í leis. Sna caogaidí, sheas sise an fód mar cheannaire an iwi, agus bhí sí ag éileamh cearta talún agus a leithéid i bhfad roimh theacht na hikoi (máirseálacha) agus mar sin de.”

“Is cuimhin liom nithe a dúirt sí liom agus mé i mbun scríobh Pounamu Pounamu. ‘Sin scéal fúinne, nach ea?’ ‘Sea.’ ‘Cén fáth nach dtugann tú an t-ainm ceart ar an áit, mar sin, Waituhi?’ ‘Ní dhéantar é sin sa litríocht; tugtar ainmneacha eile ar áiteanna agus ar dhaoine. Sin an tslí.’ ‘Tá a fhios ag an saol mór gur as an áit seo thú – cén fáth nach gcuireann tú ar pár é? An é go bhfuil náire ort faoi?’ Ach bíonn brí eile le hainmneacha éagsúla a chur i leabhair, mar tá sé dodhéanta ag scríbhneoir ar bith cur síos cuimsitheach a thabhairt ar áit, go háirithe ar an áit ar tógadh é nó í. Ní féidir le haon duine cur síos foirfe a thabhairt ar dhuine eile – agus, dar ndóigh, ní hé sin atá i gceist ag scríbhneoir ficsin. Nach bhfásann na carachtair as a stuaim féin?”Ach pé scéal é, d’fhill Ihimaera blianta níos deireanaí ar Waituhi chun libretto a scríobh i dteannta leis an gcumadóir Ross Harris.an chúthaileacht agus an drogall caillte anois aige, mar is é teideal an tsaothair ná *Waituhi: The Life of the Village *(1984).

Tá Ihimaera tar éis a chuid leabhar a scríobh thar lear den chuid is mó. Scríobh sé Tangi, Pounamu Pounamu *agus Whanau* i Londain; an cnuasach gearrscéalta The New Net Goes Fishing in Dunedin; The Matriarch san Astráil; Whale Rider i Nua-Eabhrac; agus Nights in the Gardens of Spain (1995) sa Fhrainc. “Is é casadh an tsaoil is cúis leis seo. An t-aon seans a fhaighimse scríobh, tagann sé nuair a bhím as baile. Deoraíocht agus seachrán a chuireann ag scríobh thú chomh maith. Bhraith mé an meáchan síceolach ansin. Dar liom go gcuireann freagrachtaí an tsaoil laethúil isteach ar an scríbhneoireacht. Dá bhrí sin, bhí orm imeacht chun scríbhneoireacht a dhéanamh.” Ní stopann Ihimaera riamh de bheith ag obair – bíonn sé an-ghnóthach i gcónaí agus tá ceithre leabhar dá chuid foilsithe taobh istigh de chúig bhliana. Tá seacht mbliana rite ó bhí sos gairme aige óna chuid cúraimí in Ollscoil Auckland, áit a bhfuil cúrsaí sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus litríocht na Nua-Shéalainne agus an Aigéin Chiúin á mbainistiú aige. Beidh sos bliana aige i mbliana, áfach.

An ghlúin nua

Is cuid lárnach dá shaol an ghlúin nua a mholadh agus a spreagadh, rud a dhéanann sé mar mhúinteoir agus mar scríbhneoir. “Na scríbhneoirí óga Maoracha, níl urraim áite acu. Scríobhann siad agus ní fhéadfá a rá cárb as iad. Bhí imní orm féin agus ar Albert Wendt [scríbhneoir ó Shamó] faoi sin. Ach tuigim an fáth nach bhfuil an téama sin láidir ina gcuid saothar. Tá faitíos orthu faoi theanga ghéar a muintire. Cultúr ina bhfuil béim ar smacht é an cultúr Maorach, agus níl drogall ar bith ar sheandhaoine íde béil a thabhairt do na boic óga. Faighimse an-chuid coimhlinte aon uair a théim abhaile. Bíonn daoine ag caitheamh anuas air seo nó air siúd – ach is léir go bhfuil an rud léite acu, agus go bhfuil tábhacht ag baint leis an gcaoi a gcuirtear os comhair an domhain iad i bhfoirm ficsin.

“Mar scríbhneoir Maorach, is scríbhneoir pobail thú. Ní ligtear duit bheith i d’aonar ag scríobh faoi mar a tharlaíonn i gcás scríbhneoirí Pākehā. Oibríonn tú i gcomhthéacs iwi. Ciallaíonn sé sin go mbíonn ‘síceodhrámaí’ ar siúl aon uair a chuireann tú píosa os comhair an phobail seo.

“Mar shampla, agus muid ag cruinnithe faoi dhéanamh an scannáin Whale Rider, bhíodh daoine ag rá, ‘Cén fáth a bhfuil Niki Caro [nach Maorach í] chun an scannán seo fúinne a stiúradh? Céard a dhéanfaimid má tá an marae [teach an phobail] uainn agus sibh i mbun scannánaíochta? Caithfidh muid cead teacht agus imeacht a bheith againn. Cén fáth a bhfuil tú sásta foireann cheamara mar seo a ligean isteach chun leas a bhaint asainn, as ár tipuna [sinsear], agus brabús a dhéanamh as? Céard a bheidh againne?’”

Léiríonn an méid sin, b’fhéidir, an fáth ar mhair an cultúr Maorach, ainneoin bhrú an domhain Pākehā – níl faitíos orthu cloí lena gcreideamh, cuireann siad ceisteanna, tá anam an phobail fós láidir. “Cheap mise, agus mé ag tosú, gur rud tábhachtach a bhí ar siúl agam féin agus ag Patricia Grace agus scríbhneoirí Maoracha eile. Ceannródaithe. Ar nós gadhair a dhéanann a mhún ar chrann, chun cur in iúl don saol mór gur leisean an fearann sin. Shíneamar ár gcosa aníos agus rinneamar éileamh ar an talamh sin scríbhneoireachta do na glúnta Maoracha a thiocfaidh inár ndiaidh.”

Ach is cinnte go bhfuil leabhair seo na Maorach tarraingteach chomh maith do dhaoine nach Maoraigh iad. Déanann Ihimaera go leor tagairtí do dhaoine atá i mbéal an phobail sa Nua-Shéalainn ina chuid scríbhneoireachta, agus cuireann sé mar charachtair iad ina leabhair – John Campbell, láithreoir teilifíse TV3 mar shampla. “Táim ag iarraidh an poll sin idir ficsean agus réalachas a líonadh – an difríocht sin eatarthu a laghdú. Agus taitníonn sé leis na léitheoirí. Bíonn áthas ar Kiwi má léann sé rud éigin a bhfuil carachtair Kiwi nó áiteanna Kiwi ann.” Seasann Ihimaera do chumhacht an ruda áitiúil. “Tá mé chun an lár seo a chruthú, agus an foscadh seo a dhéanamh chomh láidir go mbeidh féiniúlacht Nua-Shealánach in ann maireachtáil istigh ann. Tá cónaí orainn uilig sa mhórchruinne, ach seo é an baile.”Is as Contae na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Tar éis di máistreacht a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag múineadh sa Fhrainc agus sa Nua-Shéalainn. Ón mhí seo ar aghaidh, beidh sí ag déanamh taighde PhD in Ollscoil Auckland ar an stáisiún teilifíse Maoraise. Tá obair déanta aici ar ghearrscannáin agus ar chláracha teilifíse agus tá drámaí agus scripteanna scríofa aici.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

As Co. na Mí do Ruth Nic Giolla Iasachta. Obair déanta aici ar scannáin agus ar chláir theilifíse. Tréimhse caite aici sa Nua-Shéalainn, mar a ndearna sí taighde dochtúireachta ar theilifís na Māori. Ag múineadh in Ollscoil Brest na Briotáine faoi láthair agus ag déanamh taighde faoi na meáin Bhriotáinise.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.