307
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá muintir na hAstráile an-tógtha le cruicéad. Ach tá difríocht ollmhór idir na cineálacha éagsúla cruicéid – ní hamháin ó thaobh na rialacha de, ach ó thaobh lucht leanúna fosta, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Cé gur as an Ísiltír ó dhúchas é Alex Hijmans d’éirigh leis caighdeán ard go leor Gaeilge a bhaint amach le hiriseoireacht, craoltóireacht agus scríbhneoireacht a dhéanamh sa teanga. Faoi láthair, tá sé ag reáchtáil caife Gaelach i nGaillimh. Labhair Beo! leis faoina spéis sa Ghaeilge.
»»»Tá Balor an-tógtha leis an spórt náisiúnta sin ar a dtugtar an tOlltoghchán.
»»»Deir céatadán ard de dhaonra Ghalicia go bhfuil siad in ann an teanga dhúchasach, Galego, a scríobh, ach tá drogall ar an dream óg í a labhairt, mar a mhíníonn Carmen Rodríguez.
»»»Chuaigh Alan Desmond chun cainte le cara na conspóide le blianta anuas, Eoghan Harris. Níor chuir fear Chorcaí fiacail ann, ach murar chuir, chuir sé céadchonsan an fhocail chéanna sin ann sách minic le linn na cainte agus é ag trácht ar na daoine a casadh dó le linn a shaoil oibre in RTÉ agus lasmuigh de.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le beirt a bhfuil baint acu le tionscadal tábhachtach in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil sé mar sprioc aige traidisiún ceoil agus seanchas an cheantair a chaomhnú.
»»»Sa tsraith seo, déanfaidh daoine atá i mbéal an phobail cur síos ar an áit nó ar na háiteanna is fearr liom in Éirinn nó thar lear. An mhí seo: Deirbhile Ní Churraighín, Oifigeach Ceannacháin TG4.
»»»Tá eolas ar chathair mhór mhaorga Toronto breactha ag Sarah Ní Chonchobhair san alt seo, cathair ar fiú eolas a fháil uirthi.
»»»Tá bogearraí cumhachtacha le fáil saor in aisce na laethanta seo ar ríomhairí, bogearraí a chuireann ar chumas daoine eagarthóireacht físe agus fuaime a dhéanamh. Míníonn Diarmaid Mac Mathúna cén fáth a bhfuil comhlachtaí ríomhaireachta sásta iad seo a chur ar fáil gan aon chostas.
»»»Is iomaí uair ó ré Shuibhne Geilt i leith ar bhain aos ealaíne feidhm as an ghealach agus as solas na gealaí ina saothar. Tá cuntas ar an obair sin ag Ciara Nic Gabhann.
»»»Fuair foireann iománaíochta Chill Chainnigh an ceann is fearr ar Chorcaigh i gcluiche ceannais na hÉireann an mhí seo caite agus níor éirigh ach le dhá fhoireann an bua a fháil orthu i gcluiche comórtais i mbliana. An údar buartha é seo do lucht leanúna na hiomána?, a fhiafraíonn Colm Mac Séalaigh.
»»»Goirt agus machairí faoi uisce, éileamh feirmeoirí na hÉireann ar fhaoiseamh, nó go fiú ar chúiteamh, as an drochaimsir? Sin an cith a d’fhliuch an saol, mar a léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo as an Astráil.
»»»Tá ionad nua oidhreachta tógtha i Learpholl i gcuimhne orthu siúd a thug aghaidh ar Learpholl aimsir an Ghorta Mhóir. Tuairisc ó Tony Birtill.
»»»Bíonn spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Málainn Bhig, Contae Dhún na nGall.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.